cover

images

images

Tá Cois Life buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge agus den

Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.

An chéad chló 2007 © Áine Ní Ghlinn

ISBN 978-1-901176-70-4

Léaráidí: Olivia Golden

Clúdach agus dearadh: Alan Keogh

Clódóirí: Betaprint

www.coislife.ie

images

1

‘Dá mbeadh fiche milseán agam agus dá dtabharfainn cúig cinn déag do mo chara cé mhéad a bheadh fágtha agam?’

‘Ruf, ruf, ruf, ruf, ruf!’

‘Sea! Sin é. Cúig cinn fágtha. Madra maith.’

Bhí Reics go hiontach ar fad ag an Mata. Bhíodh Róise de shíor ag tabhairt sumaí dó.

‘Abair go bhfuil trí chnámh ag do Mhamaí agus seacht gcinn ag do Dhaidí; ansin dá dtabharfaidís cnámh amháin duitse agus cnámh an duine do do bheirt deartháireacha cé mhéad a bheadh fágtha acu ansin?’

‘Ruf, ruf, ruf, ruf, ruf, ruf, ruf.’

‘Ar fheabhas ar fad. Madra maith. Nach tusa an maidrín meabhrach!’

Bhí an-spéis ag Reics sna leabhair freisin. Bhíodh sé i gcónaí ag breathnú ar leabhair scoile Róise. Gach tráthnóna nuair a bhíodh an obair bhaile críochnaithe aici dhéanadh Róise scéal a léamh dó.

Bhí an-mheas ag Róise ar Reics agus bhí an-mheas ag Reics ar Róise. Thuig siad a chéile go maith. Thuigeadh Reics gach rud a deireadh Róise. Thuigeadh sise gach cineál tafainn a dhéanadh seisean.

2

Maidin amháin agus Róise ag dul ar scoil bhí Reics roimpi ag an ngeata.

‘Ruf, ruf-ruf, ruf-ruf,’ a dúirt sé.

‘Ba mhaith leat teacht ar scoil liom?’ arsa Róise.

‘Ruf!’ arsa Reics agus a eireaball á chroitheadh aige. ‘Ruf, ruf-ruf, ruf.’

‘Ba mhaith leat a bheith in ann leabhair a léamh?’

‘Ruf!’ arsa Reics.

‘Níl a fhios agam, a Reics,’ arsa Róise. ‘Ní fhaca mé madra ar scoil riamh.’

Chlaon Reics a cheann go brónach. Chuir sé a eireaball idir a dhá chois dheiridh.

Bhí trua ag Róise dó.

‘Ná bíodh brón ort,’ ar sise. ‘B’fhéidir go mbeidh cead agat dul ann. Cuirfidh mé ceist ar mo Dhaidí agus ar mo Mhamaí anocht. Má tá siadsan sásta cuirfidh mé ceist ar Bhean Uí Dhonnchú. Níl aon mhadra eile sa rang aici – ach ar ndóigh níl gach aon mhadra chomh cliste leatsa.’

An oíche sin labhair Róise lena tuismitheoirí.

‘Madra meabhrach é,’ arsa athair Róise. ‘Bheadh sé go maith in ann don scoil.’

‘Bheadh cinnte,’ arsa an mháthair. ‘Cuir ceist ar Bhean Uí Dhonnchú amárach.’

3

An mhaidin dar gcionn bhí Reics ag an ngeata arís. A luaithe agus a tháinig Róise amach doras an tí thosaigh sé ag tafann.

‘Ní dhéanfaidh tú dearmad an cheist a chur?’ a bhí á rá aige.

‘Ní dhéanfaidh mé dearmad,’ arsa Róise. ‘Cuirfidh mé ceist ar Bhean Uí Dhonnchú maidin inniu.’

Ar aghaidh léi ar scoil ansin.

Chaith Reics an lá ar fad ag siúl suas síos os comhair an gheata.

Chonaic athair Róise é agus é ag dul amach ag obair ar an bhfeirm.

‘Foighid ort,’ ar seisean le Reics. ‘Beidh a fhios agat tráthnóna. Má thugann Bean Uí Dhonnchú cead duit dul ar scoil ceannóimid mála scoile duit agus peann luaidhe. Ansin beidh tú in ann tosú Dé Luain.’

4