AN FUÍOLL FEÁ – ROGHA DÁNTA
WOOD CUTTINGS – NEW AND SELECTED POEMS
Liam Ó Muirthile
Cois Life Teoranta
Baile Átha Cliath
Is é Gabriel Rosenstock príomhaistritheoir an tsaothair seo. Sa chás nárbh é a d’aistrigh, tá ainm an aistritheora luaite i gclár an leabhair.
Gabriel Rosenstock is the primary translator of these poems. Other translators are acknowledged by name.
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
2013 © Liam Ó Muirthile
ISBN 978-1-907494-35-2
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Íomhá chlúdaigh: Marie Foley
Clódóirí: Nicholson & Bass Ltd.
www.coislife.ie
THE SHAKY BRIDGE
An droichead crochta
a bhainimis amach
chun é a chroitheadh
le spleodar óige amháin.
Samhail gan meirg gan mairg
idir bruacha dhá theanga
ag croitheadh i mbun dáin:
Droichead Uí Ríordáin.
THE SHAKY BRIDGE
The suspension bridge
we sought it out
only to give it a right shake
with the gusto of youth.
Symbol without rust without regret
between the banks of two languages
shaking with the frenzy of poetry:
Ó Ríordáin Bridge.
ADMHÁLACHA ÚDAIR
Ba mhaith le Liam Ó Muirthile a bhuíochas a ghabháil leis na foilsitheoirí seo a leanas as cead a thabhairt dó saothar dá chuid a athfhoilsiú anseo mar aon le haistriúcháin:
Sáirséal Ó Marcaigh, Tine Chnámh (1984)
Gallery Press, Dialann Bóthair (1992)
Cló Iar-Chonnacht, Walking Time (1999)
Cois Life, An Seileitleán agus dánta seilí eilí (2004); Dánta Déanta (2006); Sanas (2007).
Ba mhaith le Liam Ó Muirthile a bhuíochas a chur in iúl freisin do na haistritheoirí seo a leanas as cead a thabhairt a gcuid aistriúchán a fhoilsiú anseo: Gabriel Rosenstock, Greg Delanty, Ciaran Carson, Peter Sirr, Caoimhín Mac Giolla Léith, Bernard O’Donoghue, Dermot Bolger, Con Daly, Philip Casey, Paul Muldoon agus Eoghan Ó hAnluain (nach maireann).
Foilsíodh dánta áirithe as An Fuíoll Feá/Wood Cuttings roimhe seo sna hirisí agus sna tréimhseacháin seo a leanas: Comhar, The SHOp, The Stinging Fly, Agenda Poetry, Cork Literary Review.
Ba mhaith leis an údar a bhuíochas a chur in iúl freisin do: Pádraigín Riggs, Caoimhín Mac Giolla Léith, Aifric Mac Aodha, Peter Sirr, Bob Welch, Eoghan Ó hAnluain (nach maireann), Iarla Ó Lionáird, Séamus Ó Murthaile, Gabriel Rosenstock, Marie Foley, Donla uí Bhraonáin agus Alan Keogh.
Buíochas ó chroí le Caoilfhionn Nic Pháidín as a síorfhoighne agus a cuid tacaíochta.
AUTHOR’S ACKNOWLEDGEMENTS
Liam Ó Muirthile wishes to acknowledge and express his gratitude to the following publishers for their permission to republish his work together with translations in this collection:
Sáirséal Ó Marcaigh, Tine Chnámh (1984)
Gallery Press, Dialann Bóthair (1992)
Cló Iar-Chonnacht, Walking Time (1999)
Cois Life, An Seileitleán agus dánta seilí eilí (2004); Dánta Déanta (2006); Sanas (2007).
Liam Ó Muirthile also wishes to acknowledge and express his gratitude to the following translators for their permission to publish their translations here: Gabriel Rosenstock, Greg Delanty, Ciaran Carson, Peter Sirr, Caoimhín Mac Giolla Léith, Bernard O’Donoghue, Dermot Bolger, Con Daly, Philip Casey, Paul Muldoon and Eoghan Ó hAnluain (deceased).
Some of the poems in An Fuíoll Feá/Wood Cuttings have been published previously in the following magazines and periodicals: Comhar, The SHOp, The Stinging Fly, Agenda Poetry and Cork Literary Review.
The author would like to express his gratitude to the following: Pádraigín Riggs, Caoimhín Mac Giolla Léith, Aifric Mac Aodha, Peter Sirr, Bob Welch, Eoghan Ó hAnluain (deceased), Iarla Ó Lionáird, Séamus Ó Murthaile, Gabriel Rosenstock, Marie Foley, Donla uí Bhraonáin and Alan Keogh.
A special thanks to Caoilfhionn Nic Pháidín for her forebearance and support.
CLÁR NA NÍOMHÁNNA/LIST OF IMAGES
Saothar an ealaíontóra Marie Foley atá sna híomhánna ar fad.
The images are exclusively from the work of the artist Marie Foley.
Prayer on Creation
Gateless Gate
She who moves out of Darkness into Light
The Rule of Rilke
Tool from a Far Field
Temenos
CLÁR
CONTENTS
The Shaky Bridge
The Shaky Bridge
Clár na nÍomhánna
Réamhrá
Caoimhín Mac Giolla Léith
Author’s Note
Liam Ó Muirthile
Dánta Nua – An Fuíoll Feá
Fúm Fhéin
Freewheeling
Eitilt
Flight
Snámhraic
Flotsam
Gréagaigh
Greeks
Fógraí Báis
Death Notices
Tórramh
Wake
Meáchan Rudaí
The Weight of Things
Leoithne
A Breeze (Greg Delanty)
Éanlaith
Love-birds
Mar Seo
Like This
Stad na bPóg
Kiss Stop
Siomfón na Sféar
Symphony of Spheres
Butterfly Men
Butterfly Men
Faoin mBráca
Under the Harrow (Caoimhín Mac Giolla Léith)
Rinn na Mara
Rinn na Mara (Peter Sirr)
Ó Bruadair
Ó Bruadair
Ó Rathaille
Ó Rathaille
Eoghan Rua
Eoghan Rua
Garsún
Boy
Bearbóirí
Barbers
Iomáint Lána
Slaughterhouse Hurling
Shanghai
Shanghai
Ar Snámh
Afloat
Déirc
Alms
Pocáil
Puck It
Béal Átha na Carraige
Ballinacarriga
Cumannach
Communist
Longbhriseadh
Shipwreck
Maintíneacht Bhaile
Home-made Dresses
Seo Anois Linn
Here we go now
Snaidhmeanna
Knots
Iron Lady
Iron Lady
Jung i gClós na mBád
Jung in the Boatyard
Priompalláin
Dung Beetles
An Fuíoll Feá
Wood Cuttings
Ailm
Elm
Díon Duilliúir
Roof of Leaves
Gleann an Fhiolair
Eagle Valley
An Bhuíon Lámhaigh
Firing Squad
Sa Mheá
The Scales of Justice
Madraí
Dogs
Gleann na Deargaile
Dargle Valley
Flós
Flower
An Caor
Flame
Úsc
Ooze
Frithbhualadh
Pulsation
Bóithre nár Ceadaíodh
Unexplored Roads
Geronimo
Geronimo
The Wounded Hussar
The Wounded Hussar
Idir Dhá Fhonn Mhalla
Between Two Slow Airs
Surfáil
Surfing (Greg Delanty)
Bothán
Hut
Suirí Mhall
Slow Wooing
Anna
Anna
Na Roilleacha
Oystercatchers
Nótaí Óir
His Golden Notes
A
A
Sanas – 2007
ÁÉÍÓÚ
AEIOU (Greg Delanty)
Logaill na Súl
In the Sockets of our Eyes
Uain Sneachta
Snow Lambs
Bundúchas
Aboriginality (Greg Delanty)
When Will I Get to Be Called a Man
When Will I Get to Be Called a Man
Beannachtaí na Nollag
Christmas Greetings (Ciaran Carson)
Aithreacha
Fathers
Deoraithe
Exiles
Píp Scéalaí
A Storyteller’s Pipe
An Chorr Réisc
The Heron (Greg Delanty)
Ord Rialta
The Order of Ebb and Flow
An Cara Coirre
Heron Friend
Basáin Mhara
Sea Bass
Spailpín
Spalpeen (Greg Delanty)
Seanathair
Grandfather
An Damh
The Stag
Teanga an Ghrá
The Language of Love
Baile an Tae
Teatown
Ringabella
Ringabella
Poorhouse
Poorhouse
Sanas
Gloss
Sunny-Side-Up
Sunny-Side-Up
Fast Dán
Fast Poem
Speed Dán
Speed Poem
Scannáin
Pictures
An Manach a Léim thar Falla
The Monk who Jumped over the Wall
Mata
Mat
Eitseáil Bheo
Live Etching
Fómhar
Autumn
Na Cailleacha Dubha
Cormorants
Suantraí Sarah is Asmahane
Lullaby for Sarah and Asmahane
An Lá
Day
Guí an Gháire
Laughter Prayer
Port an Phíobaire
The Piper’s Tune (Ciaran Carson)
Dán Grá Síneach 1
Chinese Love Poem 1
Dán Grá Síneach 2
Chinese Love Poem 2
Dán Grá Síneach 3
Chinese Love Poem 3
Dán Grá Síneach 4
Chinese Love Poem 4
Dán Grá Síneach 5
Chinese Love Poem 5
Dánta Déanta – 2006
Usherette
Usherette (Greg Delanty)
An Lon
The Blackbird
An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí – 2004
Aoibhneas
Bliss
Méanfach
A Yawn (Greg Delanty)
Caoráin
Small Sods of Turf (Greg Delanty)
Walking Time – 1999
Inniu in Éirinn
Today in Ireland (Greg Delanty)
Lá
Day
Isteach
Let in the Day
Amach
Out
An Lon
Blackbird
Athghreim
Getting to Grips
An Searmanas Tae
The Tea Ceremony
Plána
Plane
Ailt Bhunúsacha
Basic Joints
Céilí House
Céilí House
Draighean
Blackthorn
Dair
Oak
Geataí
Gates
Clocha
Stones
Country Relish
Country Relish (Greg Delanty)
Ceol na hÉireann
The Music of Ireland
Cad é
What it is (Greg Delanty)
An Loch
The Lough
Breacadh
Rapping
Portráid an Ghabha
Portrait of a Blacksmith
Winooski
Winooski
Na Deilgní Broid
Fiery Spurs
Banaltra
Nurse
Walking Time
Walking Time (Greg Delanty)
Tairseacha
Thresholds (Greg Delanty)
Tuireamh
Dirge
Ag Fí Aeir
Weaver of Air
Dialann Bóthair – 1992
Athghabháil na Speile
A Scythe Recovered
Caoineadh na bPúcaí
The Pookas’ Lament
Na Coileáin
The Pups
Athphlandáil
Replanting (Caoimhín Mac Giolla Léith)
An Bóthar Síorghlas
The Evergreen Road
An Drumadóirín sa Ghairdín
Little Drummer in the Garden
Faoi Uisce
Under Water
Ceolta Óir
Strains of Gold
Tobar
A Well (Caoimhín Mac Giolla Léith)
Na Cága
Jackdaws
Tar Éis Stoirme
After a Storm
Ceathrar Guildford
The Guildford Four
An Gairdín Seapánach
The Japanese Garden
Béiteáil
Burning Furze (Bernard O’Donoghue)
Ultrasound
Ultrasound
Wolfe Tone (sleachta)
Wolfe Tone (excerpts)
Réamhrá
Introduction
Caithréim
Triumph (Peter Sirr)
Cuairt ar Thigh Bheanntraí
A Visit to Bantry House (Peter Sirr)
Lá Púnáiste
A Day’s Work in Lieu of Rent
Óid do Mháire Bhuí Ní Laoghaire
Ode to Máire Bhuí Ní Laoghaire (Peter Sirr)
Tine Chnámh – 1984
Sa Chaifé
In the Café (Eoghan Ó hAnluain)
Dún Chaoin
Dunquin
Ionatsa
In You
I dTír Chonaill dom
A Spell in Donegal
Tríod Chorp
Through Your Body
Cluicheáil na Scáileanna
Shifting Shadows
Do Chara Liom
Friendship (Bernard O’Donoghue)
Sa Daingean
In Dingle (Caoimhín Mac Giolla Léith)
Rince Gréagach
Greek Dance
Corp an Gheimhridh
In Winter’s Depths
Lámh an Easpaig
The Bishop’s Hand
Féile Chorp Chríost
The Feast of Corpus Christi (Greg Delanty)
Bás John Harte
The Death of John Harte (Dermot Bolger & Con Daly)
Carraig Aifrinn
Mass Rock
An Parlús
The Parlour (Bernard O’Donoghue)
Beobhreith
Birthing
Codladh na hOíche
A Night’s Sleep
An Bheith Gheal
The Silver Birch
An Ceoltóir Jazz
The Jazz Musician (Dermot Bolger)
Portráid Óige 1
Portrait of Youth 1 (Ciaran Carson)
Eolchaire
A Longing for Familiar Things
Cearnóg Belgrave
Belgrave Square (Paul Muldoon)
Beoldath
Lipstick (Greg Delanty)
Faoi Úim
In Harness (Con Daly & Philip Casey)
An Máistirshéideoir
The Master Blower (Peter Sirr)
Aoine an Chéasta
Good Friday (Greg Delanty)
Mil Fhraoigh
Heather Honey
Riastaí na Fola
Streaks of Blood (Greg Delanty)
Thuaidh
North (Peter Sirr)
RÉAMHRÁ
Caoimhín Mac Giolla Léith
MEÁCHAN NA BHFOCAL
Más liosta le háireamh na dánta cuimhneacháin atá scríofa ag Liam Ó Muirthile thar dhá scór bliain is breis, tá tábhacht ar leith ag roinnt leis an liostáil féin sa dán liodánach, liotúirgeach a chum sé le gairid ar bhás a mháthar dar teideal ‘Meáchan Rudaí’. Ag seo a thús:
Mo mheáchan i do bhaclainn sa phictiúr dínn beirt i Fitzgerald’s Park, agus mise in aois a trí. Ár meáchan araon. Ár gcóimheáchan. Meáchan do hata anuas ar do gháirí. Mo mheáchan is tú dom iompar ar feadh naoi mí. Meáchan suí agus luí agus éirí. Do mheáchan féin nár ardaíos riamh ó thalamh ach chun tú a chur i dtalamh. Do mheáchan beo. Do mheáchan marbh. Meáchan na bhfocal ag éirí is ag titim eadrainn mar a bheadh sciatháin scuaine ealaí. Trom-mheáchan urnaí. Cleitemheáchan daidh-didil-dí. Meáchanlár fáinne fí na gcuimhní…
Bíodh gur foirm í an ‘dán próis’ a tháinig chun cinn deireanach go leor ina shaothar, tá mórán comharthaí sóirt eile le rianú sa sliocht seo atá sainiúil go maith le fada. An íomhá shonrach, shólásach ón gcuimhne a bheireann siar muid chuig óige an fhile, agus log agus aimsir faoi leith a bheith luaite leis: páirc phoiblí cois Laoi, 1953. Tábhacht an tuismitheora agus, go deimhin, ceisteanna tuismíochta trí chéile. An guth faoistiniúil ag iomrascáil le guagaíl an dlúthchaidrimh le duine muinteartha nó cara gaoil, mar a léiríonn conair dhroimneach na bhfoirmeacha pearsanta: ‘mo…do…dínn…mise…ár…ár…do…do…do…mo…tú…dom…’. Dinimic na dialachtaice idir ardú agus ísliú, éirí agus titim, beo agus marbh, fireann agus baineann, troime agus éadroime, an cúram Apollónach agus an ceol Diníseach. (Is fiú i gcónaí, a deir an file linn sa dán ‘Dialann Bóthair’, ‘aire a thabhairt don dearfach don diúltach’.) Thar aon rud eile, an idirghabháil idir mise agus tusa, mar aon leis an tnúthán le sintéis an ‘ár’, an ‘araon’, an ‘comh-‘, a bhíos go síoraí ag éaló ón ego easumhal. An beann ar an rím láidir dheiridh – an sruth focal dar críoch ‘-í’ – le stiúir a chur ar chaismirneacht na marana. Agus, anuas tríd seo síos, ancaire an athrá ar an bhfocal ‘meáchan’, a chuireann in iúl gur file é seo ar dual dó an filleadh agus an t-athfhilleadh ar nithe atá tromchúiseach, rudaí atá bunúil gan a bheith buan – eachtraí, íomhánna, pearsana, móimintí – ar mhaithe le teacht ar thuiscint níos fearr ar a bhfíormhianach.
Tá leide i lárnacht an fhocail ‘meáchan’ anseo gur file é freisin ar mhór aige riamh toisí a thomhas agus rudaí a chur sa mheá, cúram a thagann chun buaice sna dánta éagsúla in onóir do chumas ceardaíochta a athar mar shiúinéir cruthanta, go háirithe sa chnuasach Walking Time agus dánta eile (2000). Má tá dán sách meáite dar teideal ‘Sa Mheá’ tiomnaithe aige le gairid dá chomhfhile Cathal Ó Searcaigh, faoi mar atá mórán dánta tiomnaithe aige dá chomhealaíontóirí thar na blianta, tagaimid ar an íomhá seo chomh maith i gceann den dornán dánta éagaointe ón gcnuasach thuasluaite a cumadh ar bhás a dhearthár, a bádh in abhainn na Laoi i ndeireadh na 1990idí:
Táim ó sheomra go seomra
ar fud an tí
ag lorg rud éigin,
is nach mbeidh a fhios agam
cad é nó
go bhfaighidh mé é.
Ní hé an stán aráin é
an plúr garbh donn
ná an plúr mín bán,
cé go dtógaim amach iad
is go gcuirim sa mheá iad
is go ndeinim builín amháin.
(‘Cad é’)
Bíodh nach luaitear as a ainm é sa dán áirithe seo, tuigimid ó shaothair eile a cumadh i ndiaidh na tubaiste seo cén t-easnamh ar leith a bhí ag goilliúint ar an bhfile ag an am. Ach bhí easnaimh ní b’uileghabhálaí agus ní b’éiginnte ariamh ann ba dheacra a ainmniú:
Tagann uaigneas anseo orainn
Dairt dheoranta an bhruachbhaile,
Díreach mar sin i mbun gnó tí éigin
I lár na maidine…
Is deirim, b’fhéidir gur orm féin atá sé
Sean-nóisean de shíocháin, buanbhaile,
Babhta arís den eolchaire;
Cloisim Ciarán amuigh ag gol
Ag súgradh lena chuid carranna
Is nuair a fhiafraím ‘Cad tá ort?’
Freagraíonn ‘Níl fhios agam, níl fhios agam.’
(‘Eolchaire’)
Ní haon mhaolú ná díspeagadh ar an gcaillteanas ar leith é a bheith á chomhshamhlú le héagumas agus le hísle brí níos coitinne, faoi mar a léiríonn agallamh Carmel lena deartháir Declan sa dráma Liodán na hAbhann (1999) – tábhacht an mhodha liodánaigh le sonrú anseo arís – an dá charachtar ar fán cois Laoi, áit ar bádh deartháir óg leo tamall roimhe.
Tagann uaigneas orm. Uaigneas an uaignis. Uaigneas i ngach ball coirp díom. Uaigneas croí. Uaigneas lámh. Uaigneas béil. Uaigneas cos. Uaigneas súl. Uaigneas im lár. Tagann uaigneas orm. Tar éis na leanaí a chur ar scoil is measa. Filleadh abhaile, agus an citeal a chur ar siúl. Sin é an uair a thagann orm….
Mar a tharlaíonn, bhí an t-úrscéal Ar Bhruach na Laoi (1995), ina bhfuil íomhá na habhann lárnach, foilsithe ag Ó Muirthile tamall de bhlianta roimh an tubaiste phearsanta seo, agus is fiú a lua gur mar ‘shaothar aonadach’ a fhéachann sé féin ar an bhfilíocht, an drámaíocht agus an prós aige trí chéile ach gurb ‘í an fhilíocht an croílár, ar ndóigh’. Má nochtann an caitheamh i ndiaidh na cobhsaíochta i saothar Uí Mhuirthile trí chéile go minic mar thnúthán le baile agus le buanaíocht, tá íoróin áirithe ag roinnt le teideal an dáin a luadh ar ball, ‘Eolchaire’, mar aon le leathbhádóir leis, ‘Cianalas’: an chéad fhocal acu seo ag cúlú uainn i dtreo na hársaíochta agus an dara ceann ag cur faoi thar sáile in Albain. Cá bhfios nach mbeadh leas bainte aige as an bhfocal gaolmhar Breatnaise ‘Hiraeth’ mar theideal ar dhán síreachtach eile fós, murach go raibh a shéala buailte ar an bhfocal úd ag a chara dil Michael Davitt roimhe. Eiseamláirí iad beirt, ar ndóigh, den fhile óg cathrach a tógadh le Béarla ach a d’aimsigh i saol agus i saíocht na Gaeltachta cuid den draíocht a raibh tóir uirthi le linn blianta meadhránacha úd na 1970idí luatha.
Casadh na Cille á chur díom agam
agus ABRAKADABRA
Táim timpeall arís…
Gerry, Seán is Danny
Taibhsí lasta faoi shoilse mo mhótair
Ag druidim isteach sa chlaí
Is mé ag gabháil tharstu.
(‘Dún Chaoin’)
Bíodh gur le hóige na nInntirí is mó a shamhlaímid anois an tumadh díocasach i ndúchas Chorca Dhuibhne, is léir ón saothar is deireanaí ag an Muirthileach gur luachmhar leis inniu féin an fhoinse ionspioráide a d’aimsigh sé thiar i bhfad siar, cé gur lú den diamhaireacht agus gur mó den phragmatacht atá i dtreis faoin am seo. Is túisce freisin, b’fhéidir, Blascaodaigh na staire liteartha, ní abraím na miotaseolaíochta, ag taibhsiú anois chuig an bhfile seachas pobal comhaimseartha Dhún Chaoin.
Muintir an Oileáin fós m’ionspioráid,
an fear a dúirt lá gur mhaith a raghadh
mála codlata leathloiscthe chun tairbhe
aimsir bhearradh na gcaorach istigh,
na fir is na mná dár thugas grá,
Gréagaigh éachtacha a mhair gan faic
ar an snámhraic.
(‘Snámhraic’)
Ainneoin an dílseacht fhadmharthanach Dhuibhneach seo tagaimid ar an bhfile i ndánta eile agus a ‘dhá chois mheitifisiciúla’ buailte faoi ‘go trom ar talamh’ i nGaeltacht Dhún na nGall (‘I dTír Chonaill Dom’), nó ‘dún dúnta na soiniciúlachta’ á fhágáil thoir sa chathair aige agus é á threorú ‘go discréideach…isteach in aerspás Chonamara’ ag geata cois trá i Maínis (‘Carraig Aifrinn’). Ach dá mhéid a dháimh le muintir na Gaeltachta ní den phór seo ‘Ó Muirthile Carraige’ (‘Mise’). Tá sé seo le léamh go sonrach ar an dán ‘Sa Daingean’, inar léir stádas doiléir an fhile nach dúchasach é, ach nach turasóir amach is amach é ach oiread; é ina ‘chuairteoir aimnéiseach aonlae’, gan aige mar réiteach sealadach ar a mhíshuaimhneas síoraí ach cur faoi ar feadh scaithimh i log atá chomh hiomrallach, idir eatarthu leis féin. (Tugaimis suntas don logainm áirithe, Gleann Fán, a chuireann ó dhoras aon tuairim de ‘bhuanbhaile’).
Is searraim díom na bliúnna ar Ché an Daingin,
Tá leaba na hoíche thiar i nGleann Fán
Ar díthreabh i mbungaló sna cathracha
agus cheal áit ar bith eile raghad ann.
Ní i dtéarmaí na geografaíochta amháin a bhraitheann an file as alt agus ar strae, ach i dtéarmaí na staire chomh maith, mar a thugann sé le fios sa dán ‘Dialann Bóthair’, ina mbaintear leas as macallaí ó shaothar Aogáin Uí Rathaille le héalaitheacht na scáileanna dá dtugann sé dílseacht, idir stairiúil agus chomhaimseartha, a chur in iúl:
Braithim féin go minic ar mo choimeád ón aois seo
is mé de shíor ag iarraidh deilbh a thabhairt d’íomhá,
mar bheadh oilithreach sa tsiúl a bhfuil fís ghlé aige
ach a leánn os comhair a shúl mar mheabhalscáil;
tá gá againn go léir le Gort na Trá Báine
áit éigin a bhfágaimid díth sláinte inár ndiaidh,
díothaigh anois an díomá nimhe ionam a charraig aonair
mo ghlam ó chroí a éim le pian ag dul thar bráid.
Mar a tharlaíonn, ní in iarthar tíre ar deireadh a d’aimseodh an ‘buachaill sráide’ lár cathrach (‘Bearbóirí’) an tsíocháin a bhí á lorg aige ach i bhfearann ba ghaire do bhaile agus do dhúchas, mar atá ceantracha tuaithe Iarthar Chorcaí, dúthaigh shinseartha a athar agus a mháthar araon. ‘Má tá dúthaigh anama ann mar a bhraithim/ Is í seo agamsa í: Sliabh Eoghain, Caipín, Gúgán…’ (‘Thuaidh’). Is de réir a chéile a tháinig Ó Muirthile ar an tuiscint, dála Patrick Kavanagh cúpla glúin roimhe, go mba é an gad ba ghaire dá scornach ‘Mioneachtraí na staire, miondéithe mo chine, mo mhiotas…Tuigim anois nach spéis liom ach náisiún na mbailte fearainn’. (‘An Parlús’). Tá fianaise ar chasadh suntasach taoide ina shaothar le rianú i nglac álainn dánta athnuachana – ina measc ‘Athghabháil na Speile’, ‘Athphlandáil’, ‘An Bóthar Síorghlas’, ‘Gortghlanadh’, ‘Na Cága’ agus ‘Tobar’ – atá scaipthe faoi mar a bheith síolta earraigh tríd an dara cnuasach leis, Dialann Bóthair (1992). Dánta iad seo ina dtagaimid ar an bhfile agus é i mbun tigín a athchóiriú, saothar deasghnáthach atá geall le bheith sacraimintiúil agus a thálann air an faoiseamh á bhí á éileamh aige le fada.
Faoi mar a ghearrfaí glan le lann líofa
ceann d’fhéitheacha reatha na beatha,
scéitheann as an éasc sa chloch gréine
cuisle uisce trí na criostail gan staonadh.
Líonann de réir a chúrsa lodartha an tobar modartha
is sníonn thar maoil go habhainn trín draein fholaithe.
Téim go hioscaidí na nglún sa phluda ar an imeall
is taoscaim lem láimh athuair an draoib ón ngrinneall…
…I Reifidím i bhFásach Sín a thug Maois le hómós
Masá agus Miribeá ar an áit gur steall an charraig le n-ól.
Athbhaistimse mo pholl in Achadh a’ Mhíl le hais Abhainn na Seangán
Tobar an Mhonabhair a thug croí nua dhom agus taoscán den síocháin.
(‘Tobar’)
Más i dtéarmaí ómóis don genius loci is túisce a shamhlófá deasghnáthacht an dáin seo, déanann an file féin é a thagairt do choincheap diamhair an duende ag muintir na Spáinne, tír a bhfuil tréimhsí éagsúla caite aige inti le blianta beaga anuas. (Bhí litríocht agus cultúr na Fraince aige mar lón suntasach anama – agus aistriúcháin – ó laethanta na hollscoile.) Neach miotasach ón saol eile a bhí sa duende de réir an traidisiúin, ach tá meáchan ar leith ag ciall theibí an fhocail sa bhfrása tener duende i gcaint an phobail agus i gcomhthéacs na haeistéitice araon, go háirithe ó thug Federico García Lorca léacht cháiliúil, ‘Juego y teoria del duende’, ar an ábhar thiar sna 1930idí. Níl gar a shéanadh go raibh iarracht den neamhreasúnachas tíriúil, dainséarach, diabhlaí úd a shamhlaíonn na Spáinnigh le duende ag baint le saothar Uí Mhuirthile ón gcéad lá. Ina dhiaidh sin féin is ar an athnuachan agus ar an athfhás a leagtar béim i bhformhór na ndánta seo as Dialann Bóthair atá faoi chaibidil, mar a thugann dán teidil an chnuasaigh féin le fios:
…naomhshacraimint na talún
atá á feistiú féin amach arís
don athnuachan bhliantúil.
Ainneoin an friotal eaglasta a bhorrann aníos anseo go minic (‘na toir réamhfháis ag tnúth leis an mbladhmadh/ iar-Chásca, ab in a bhfuil ann d’aiséirí? (‘Dialann Bóthair’)) tá cosa meitifisiciúla an fhile buailte go trom ar thalamh atá beannaithe agus bunúsach in aon, ithir impiriciúil ina bhfuil a shamhlaíocht chruthaitheach anois ag préamhú. In éineacht leis an sólás a sholáthraíonn cúram praiticiúil an athchóirithe agus na féinathnuachana i bhfearann a n-airíonn sé nasc oidhreachtúil leis, tugtar le fios go bhfuil suaimhniú áirithe freisin ar chíorthuathail a shaoil phearsanta. Airímid nóta nua dóchais san áit a mbíodh an fhilíocht ar fiuchadh ní rófhada roimhe seo le fraoch agus le féintrua – mídhílseacht agus easpa cineáltais, tréas agus tréigean á gcur i leith an dreama úd ‘a raibh ainm an charadais’ orthu (‘Eolchaire’) ach nár fhóir ar an bhfile in am an ghátair. (‘Le déanaí d’fhoghlaimíos go cruaidh/ gur beag duine sa tsaol a bheireann ar láimh’ (‘Dialann Bóthair’)). Má thosaíonn an dán ‘An Bheith Gheal’ ó Tine Chnámh (1984) ar nóta éadóchais ‘Uaireanta teipeann glan/ ar mo mhisneach/ Le glór briosc cipín, /Sáil ag satailt i gcill’, tá síol na fuascailte ann mar sin féin, a bhláthódh ar ball sa dán ‘Athphlandáil’, a thugtar anseo thíos ina iomláine:
Cuirfead an bheith gheal ar dtús
mo shlataire caol fionn
Mair leis an dair in urrús
sceithdhuilliúrach le chéile
Bhís ag neartú ón earrach
ag préamhú faoi lánéide
Is binn liom lom sa chlaochlú fómhair tú
ag dul i leith na léithe
Cuirifimid an geimhreadh síorghlas dínn
comhdhlúite sa dúluachair
Sa tsamhradh beidh dlaoithe ar mhullach do chinn
fite im ghéaga mo nuachar.
Tá tábhacht agus tathag ag roinnt le híomhá an chrainn i mórán dánta leis an Muirthileach ó lár na 1980idí (‘An Bheith Gheal’, ‘Draighean’, ‘Dair’, etc.), bíodh sé ina shiombail don tseasmhacht nó ina íocón athfháis. ‘Tá coill le hathchur,/ ailm i dtosach/ ag damhsa ó phréamh’, a deirtear linn sa dán ‘Ailm’, a scríobhadh le gairid, á thabhairt le fios gur mithid ó thráth go chéile filleadh ar na bunphrionsabail agus tosú as an nua tar éis na tubaiste, fiú más gá an aibítir féin a athchruthú ó bhonn, rud nár mhiste ag an bpointe seo i stair na tíre, ar ndóigh. Ach is gné í íomhá an chrainn chomh maith, agus íomháineachas an dúlra i gcoitinne, de dhearcadh níos ginearálta a léirítear i saothar Uí Mhuirthile ar chointeanóid na beatha trí chéile. I ndán a cumadh le deireanas, dar teideal ‘Jung i gclós na mbád’, áitíonn an file gur ‘fiosracht faoi gach ní beo mo dhúil’. Tá sé seo ag teacht leis an bpaindiachas Rómánsúil a bhí ag cruinniú nirt le fada, agus an file sna déaga féin, de réir mar a chuir glúin Uí Mhuirthile spéis i sruthanna smaointeoireachta ó oirthear domhain. Tá a rian seo fós ar an ráiteas a leanas ag an gcarachtar Declan i Liodán na hAbhann:
Deir an Buddha go gcaithimid a bheith comhbháúil leis an uile rud beo agus is tuiscint fhoirfe í sin. Ach, rud is tábhachtaí, múineann sé dúinn conas a bheith. Bhí na Gaeil ina mBúdaigh an uair is fearr a bhíodar…. Canathaobh nach dtabharfaí ómós lúcháireach don uile rud nuair a chanann an mion-éan féin le gliondar óna chroí amach agus gan ina anam siúd ach aer?
Ach cé gur ón iniúchadh fiosrach ar mhistéirí iomadúla na beatha a eascraíonn an fhíorfhilíocht, is léir gur don bheatha dhaonna is mó atá dílseacht dlite. Bíodh go bhfuil blaiseadh den devenir-animal Deleuzach ag roinnt leis an dán meallacach ‘Butterfly Men’ (.i. ‘na saoir a d’oibríodh ar shléibhte Chill Mhantáin agus a chaitheadh leatháin stáin ar a ndroim mar chosaint ar an doineann’, mar a mhíníonn an file dúinn) is iad scil agus dúthracht an cheardaí dhaonna atá á gceiliúradh i gcónaí, faoi mar a bhí sna dánta dá athair roimhe seo.
Éiríonn siad san aer gan sos
ón mbrat fraoigh chorcra
os cionn cairéal eibhir
Chill Mhantáin.
Crisilidí sa tsíoraíocht
góstaí na saor ag eitilt
ina bhféileacáin gan chlos
faoina sciatháin stáin.
Tréith shainiúil de chuid na daonnachta, ar ndóigh, is ea an acmhainn urlabhra, agus is sa chnuasach Sanas (2007), is mó a théann Ó Muirthile i ngleic le ceist chrosta na teanga, nó na dteangacha, nárbh fhéidir a cheird féin a shamhlú á gceal. Leabhar é seo a thosaíonn le dán fáda, ‘ÁÉÍÓÚ’, ina dtugtar chun cuimhne céadiarrachtaí an dalta scoile dul i ngleic le teanga dhúchais a thíre agus le haduaine na hiasachta araon faoi chúram brúidiúil na mBráithre. Sa dán teidil i gceartlár an chnuasaigh, atá lomlán leis an lúthchleasaíocht ilteangach agus imeartas focal a nochtaigh roimhe seo níos mó san iriseoireacht agus sna dánta do pháistí, tráchtar ar an ‘ailceimic úrnua’ as a n-eascraíonn an teanga hibrideach, fhleiscíneach, ‘athchumtha’, ‘Béarla-Gaeilge’, atá anois á saothrú ag an bhfile, dar leis. Bhí maíte ag an Muirthileach roimhe seo gur baineadh siar as, agus é i mbun an dráma Liodán na hAbhann, nuair a ‘dhiúltaigh’ an carachtar Fear na hAbhann, a éiríonn aníos ó ghrinneall na Laoi, Gaeilge a labhairt seachas an Béarla Corcaíoch a chleachtaíodh sé féin as a óige. Mar chuid den aire úd ba ghá riamh a thabhairt ‘don dearfach don diúltach’, ní foláir, a fháiltítear anois roimh an mBéarla, más mall féin é, sna téacsanna bunúla agus, go deimhin, sna haistriúcháin Bhéarla atá ag gabháil leo sa chnuasach seo. (Ach féach gur file Gaeilge, seanchara Uí Mhuirthile, Gabriel Rosenstock – seachas file Béarla, faoi mar is minice a tharlaíonn, a d’imigh i mbun an chúraim, go fonnmhar, cumasach mar is dual dó.) Ach an oiread le ceist na teanga, agus an chaidrimh idir teangacha, d’áiteoinn féin gur de réir a chéile a tuigeadh agus a tugadh a ceart chomh maith do cheist chrosta na hinscne. Filíocht í seo, dar liom, ‘a labhradh fireann’, mar a déarfadh an Ríordánach, ar feadh i bhfad, ainneoin iarrachtaí luatha an t-aitheantas cuí a thabhairt don éagsúlacht inscne, go háirithe i bhfoirm hibrideach an dán-dráma, nó ‘véarsaíocht do ghuthanna,’ ‘Tine Chnámh’. Mar sin a labhrann fós, cuid mhaith, ach go bhfuil an scéal éirithe mórán níos casta in imeacht na mblianta, mar a éiríonn. B’fhéidir nach fearr mar léiriú ar an gcastacht seo, ar leibhéal an chaidrimh éarótaigh agus theangeolaíoch araon, buillí scoir na sleachta seo a leanas ó dhán grá ón gcnuasach Sanas, a bhfuil an teideal is simplí amuigh aige, ‘Grá Mór’, mar ba dhóigh le duine ar an gcéad amharc:
agus é níos fusa
grá a rá i gcónaí
nó amour
ná love…
Gan deacracht ar bith
le deiriúcháin ove
mar a chéile ubh
nó fiú shove-
l murab é an l
é ar fad ina thús
liopach a chuireann
an teanga ag p-labadh
i gcoinne an charbaill
timpeall ar ubh-ove-amh
mar a bhíonn na liopaí
rabhanálta i lár amour…
…seo leat, nach cuma
ar deireadh, abairse
love you
más maith leat
is déarfadsa
grámour
grá mór.
AUTHOR’S NOTE
Ireland, or that part of the island I call home, is a country of two languages historically, Irish and English. My life’s work has been defined by the relationship between those two languages. I am a native speaker of English but a poet and writer in Irish, which I learned at school, in the Gaeltacht and from reading extensively. As a youngster, too, it was still possible, among my own extended family and the wider community in West Cork, to hear the Irish language through English or more properly Anglo-Irish, which is both an unnerving and exciting sensual and aural experience. It is like listening, fascinated, in stereo, to what is presented as a mono mix, with the stereo breaking through all over if our ears are attuned to listen at depth. I am still drawn to the patchwork margins where colours clash but somehow form a whole.
When a literary project began to dawn on me as a young man, the challenge of a project in the Irish language was alluring, but daunting. Why it didn’t present itself in Anglo-Irish, or in the English of Cork city, is another question, which will remain unanswered for the present. But it is probably mainly due to the prevailing cultural values of my own formative years, the hammering home in all spheres of the purity of the deep seam. A French speaker, also, I considered resolving what appeared to be unresolvable by opting for the Beckett solution and heading for Paris. I didn’t have the means to take that step, and I also felt that I would always be pulled and dragged home.
We follow threads in our lives. More than many of my contemporaries in Irish language poetry, I had resisted translation as a solution to the issues of a wider audience for a small language. This was not due to any ideological position, any idée fixe, but a sense in my inner being that the only translation that really matters for a poet is translation at depth, in the unconscious. I had a task to complete, and I would know when the time came. For any work to have the possibility, at least, of being meaningful, an integrated language must emanate from the unconscious. This may take the form of two or more or many languages, a creolised mix, but a form which in itself has a wholeness of being of its own. Somehow. How, in any sense, can language become fully alive to the poem, can the poem become fully alive in its only possible existence, without an enormous investment, a persistent attention, a constant nurturing of its presence both in our minds and in the world? We create our own language over time, where we can feel truly at home.
I had worked, to a certain extent, with other poets in translating some poems. I am deeply grateful to them for their work, and their patience with an often reluctant participant. I had always felt uneasy about the deconstruction process.
It was a terse email from Gabriel Rosenstock which finally sprang the release mechanism. He suggested we undertake the task of translating the work. An eminent poet in Irish and a renowned translator in his own right, a friend from college and INNTI days, I would no longer have to provide literal translations, often glossed word by word. He would translate from Irish, and I could focus on my primary task without feeling that I was merely journeying deeper into the tangled undergrowth. This, in itself, released a huge surge of creative energy. Gabriel Rosenstock’s generosity of spirit, in that respect, has been crucial. As another poet remarked, the only danger was that Gabriel might provide a translation for a poem as yet unwritten!
I acknowledge, of course, my original debt to the poet Seán Ó Ríordáin (1916–1970). Without his presence in my youthful landscape, none of this would have been possible. I also acknowledge the poet Michael Davitt’s (1950–2005) major contribution as a catalyst in cofounding with Gabriel Rosenstock and others the poetry journal INNTI, and as a close friend.
Liam Ó Muirthile
Lúnasa 2012
DÁNTA NUA – AN FUÍOLL FEÁ
The Gateless Gate
FÚM FHÉIN
Ní hiad na ceisteanna móra
atá ag cur tinnis inniu orm,
ná fiú cad a dhéanfaidh an lá.
Nílim ag dul in aon áit
níl aon rud áirithe beartaithe,
fúm fhéin atá.
Tugaim tamall ag plé le focail –
sciorr plá óm mhéireanna –
mar a thugaim gach lá.
Tógaim ceann de na deiriúcháin
tobanna ag préamhacha na bhfocal
a bhaineann le tús agus fás
na beatha ar nós suth agus gor agus borr
agus mé ag lorg slí isteach
i ndán ar an mboth
ina bhfuil na plandaí anois faoi bhláth
brothaill broinne is an plaisteach féin
ag cur allais le teas an lae.
Gach aon cheann cothaithe ón síol
is mothall buí cheana ar na trátaí,
na piobair ag neartú, bláth ar an cillí,
gob air mar a bheadh ar ghearrcach
ag lorg aiseag ó mháthair an áil
díreach ar do chuma féin go moch
nuair a chuiris lúidín cairéid
a bhí stoite úr ón ngairdín
isteach im chlab á rá,
‘Blais é sin, tá sé milis,’
is bhí, chomh milis le póg
nó leis an mblas a gheibheann
bunóc á scor den chích go haiclí
ag máthair lena lúidín is na liopaí
ag sú le dícheall go fóill.
EITILT
i.m. Nuala Nic Con Iomaire
An fhéachaint sin a thugann
sí orm agus mé ag siúl thar bráid,
braithim go tobann gur mise ise
ag stánadh orm féin le súil an éin
ón gcarraig san aon mheanma amháin.
Ní éan mé ach file ag iarraidh cuisle
an dáin nár tháinig fós a thomhas
le gach coiscéim, is múineann sí
dom foighneamh leis an rud
nach bhfuil teacht air go fóill,
scaoileadh leis ar chuma an éin
a aimsíonn míorúilt sheasta an aeir
faoina sciatháin, marcaíocht gan stró
ar aerthonn, síobadh le feothan,
imeacht ar fán ag baint lán na súl
as a bhfuil ann sa phanóráma,
beag beann ar ghleann, ar bheann
ach a bheith ann san aer go hiomlán,
nó í seo go bhfuil taoide ina ceann
romham im shlí ar ais ar charraig.
Nuala na Céibhe a thugaim uirthi,
file coirre, go mbím ina teannta
gach lá. Tuigeann sí eitilt teanga.
Is maith léi breith ar a cuid dánta,
mo chuma féin, amh, beo, iomlán.
SNÁMHRAIC
An bruscar mara a chaitear isteach
ar na carraigeacha agus a bhailíonn
an taoide chun siúil an athuair,
moillíonn sé mo shiúl gach lá.
Tobar beannaithe na céibhe é,
agus in áit ribíní agus paidríní
bailíonn plaisteach agus dramhaíl
na nguíonna a théann chun fáin
an tsaoil gan aon sprioc ann, is caitheann
lucht na nguíonna úd saol an-uaigneach
ag faire orthu gan tairbhe ag bocáil
síos suas ar an taoide isteach
ar an taoide amach.
Ná nílim féin, buíochas le Dia,
saor ó locht is seo liom ó am go ham
ag dreapadh ar na carraigeacha
faoina bhfolt slíoctha feamainne
ag sciobadh fiondair do bhád
nó seanchlár gur bhain tuargaint
na mara na cúinní maola de,
á shamhlú go baoth gurbh fhéidir
é a athchúrsáil ina bhos maide rámha
is a oiread acu sa bhothán a d’fheisteodh
flít iomlán na sean-Ghréige.
GRÉAGAIGH
Mhaireadar sna botháin
tar éis a gcuid eachtraí farraige.
Shníomh damháin mogaill
i logaill a gcuid súl.
Arbh shin carraig nó cuil
ag nochtadh leis an dtaoide?
Lom, lom anocht
gach crann seoil nocht.
Mheileadar focail
idir cár agus carball.
Theilgeadar sa tine iad,
diamaint spréachta scéalta.
FÓGRAÍ BÁIS
Bhí tráth
go léadh sí iad os ard
amach as an nuachtán,
ag cur cóngas gaoil isteach,
gairid, sínte, i bhfad amach
nó mura raibh gaol fola féin ann
‘I wonder are we any relation?’
is ríomhadh sí gaolta cleamhnais
nó lucht aitheantais
ag sloinneadh daoine siar amach,
a oiread acu a bhí beo
a oiread acu a bhí marbh
a oiread acu a phós
a oiread acu fós faoin tuath
a oiread acu sa chathair,
ag fí gréasáin mhuintire
ina líontán damhán alla.
Thugas na cosa liom
mar a cheapas,
ach níl lá anois
go n-osclaím leathanach
na bhfógraí báis
á scanadh,
nach gcloisim a guth
ina thaifeadadh beo
tríd an gcló in ómós
d’anamacha na marbh,
sean-nós máthar is mé óg
á chanadh.
TÓRRAMH
Trí oíche agus trí lá
ina leaba féin sa bhaile
mar a bhfuair sí bás.
Bhain spága troma na tuaithe
ar staighrí arda Montenotte
croitheadh as an síleáil.
D’fhiafraigh bean ón áit thiar
‘Ar labhrais léi?’ mar a bheadh sí
suite aniar sa leaba beo.
Dúirt deartháir amháin ní b’óige
go rabhadar ar a laghad
á gcailliúint in ord.
Bhailigh comharsana isteach,
lucht aitheantais, á rá
go bhfuair sí bás faoi shíocháin.
D’fhiafraigh sí féin ‘Ar fhágas
aon rud in ao’ chor im dhiaidh,
lem mharthain don chlann?’
Dúrt féin gur fhág go deimhin,
saol an anama nár ghreim
ach fuascailt iomlán.
Bhíomar suite ar chiumhais na leapan
ag caint agus í beo. D’fháisceas í
den uair dheireanach.
Bhí rud éigin an-éadrom eadrainn,
aer faoim bhoinn ag siúl amach
gan meá go deo.
MEÁCHAN RUDAÍ
Mo mheáchan i do bhaclainn sa phictiúr dínn beirt i Fitzgerald’s Park, agus mise in aois a trí. Ár meáchan araon. Ár gcóimheáchan. Meáchan do hata anuas ar do gháirí. Mo mheáchan is tú dom iompar ar feadh naoi mí. Meáchan suí agus luí agus éirí. Do mheáchan féin nár ardaíos riamh ó thalamh ach chun tú a chur i dtalamh. Do mheáchan beo. Do mheáchan marbh. Meáchan na bhfocal ag éirí is ag titim eadrainn mar a bheadh sciatháin scuaine ealaí. Trom-mheáchan urnaí. Cleitemheáchan daidh-didil-dí. Meáchanlár fáinne fí na gcuimhní.
Meáchan cheol do ghutha ón tuath sa chathair. Meáchan do bheoldatha ag luí ar do liopaí ag aeráil ghutaí. ‘He’s full of teaspy’ agus an ‘y’ a rá chomh leathan le ‘aí’. ‘What’s it all for’ agus ‘all’ a rá ar nós ‘ál’. ‘Isn’t he the right cadet’ agus ‘cadet’ a rá ar nós ‘ceaid é’. Do mheáchan sa chóta bán ag seasamh i lár an urláir ag rá Kevin Barry. Meáchan na héisteachta leat. Meáchan mála na mná cabhartha ag iompar naíonáin eile isteach ón sráid. Meáchan do chumhrachta i seomra na hiarbhreithe. Meáchan do thuirse máthartha á rá liom bheith amuigh go cneasta.