Cois Life Teoranta
Baile Átha Cliath
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2012 © Orna Ní Choileáin
ISBN 978-1-907494-20-8
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Brunswick Press
www.coislife.ie
1
Casadh ar Marius
Bhí Marius ina shuí ar fhéar tirim agus úll dearg á mhungailt aige nuair a casadh Ailfí air den chéad uair.
Bhí sé ag druidim le ham suipéir ach bhí Ailfí ag fálróid trí ghairdín fada an teachín chun an scioból ag an mbun a bhreithniú. Bhí sé ar intinn aige áit éalaithe a aimsiú pé uair as sin amach a bheadh Lindsí sa teach.
Réitigh siad beirt go maith lena chéile ach cailín glórach cainteach í Lindsí, go háirithe agus í i mbun comhrá lena cairde ar Skype gach tráthnóna. Bhí taithí ag Ailfí ar an teach a bheith ciúin i rith an lae. Suaimhneas a bhí uaidh agus chuaigh sé á lorg sa ghairdín.
Bhí an gairdín fiáin agus an féar fásta as cuimse. Bhí sé ar intinn ag athair Ailfí é a lomadh faoi mar a bhí sé ar intinn aige a mhothall fada gruaige a lomadh. Ní raibh aige ach an deireadh seachtaine sa teachín le hAilfí agus cuairt le tabhairt aige freisin ar a bhean sa teach altranais i ngar dóibh. Bhíodh sé faoi bhrú ama i gcónaí nuair a thagadh sé.
Ghabh Ailfí tríd an bhfásra agus nuair a shroich sé an scioból bhrúigh sé isteach an doras adhmaid lofa. Baineadh siar as nuair a chonaic sé buachaill eile ann roimhe. Bhí an buachaill eile ag baint an oiread sin taitnimh as an úll breá aibí nár thug sé Ailfí faoi deara.
Bhreathnaigh Ailfí air agus é ag ithe. Bhí cuma bhán, sórt mílítheach, ar an mbuachaill. Tharraing na héadaí dubha a bhí á gcaitheamh aige breis aird ar a chuma mhílítheach. Bhí sé thar a bheith caol. Shíl Ailfí go mb’fhéidir go raibh sé breoite.
‘Cé tusa?’ arsa Ailfí faoi dheireadh.
Sheas an buachaill eile de phreab agus thit an t-úll as a lámh. Nuair nach ndearna sé iarracht é a phiocadh suas, ghabh Ailfí anonn chuige agus d’ardaigh sé an t-úll. Ghlan sé ribe féir de agus shín ar ais chuig an strainséir é.
Bhí an buachaill ar crith agus an chuma air go raibh sé idir dhá chomhairle – glacadh leis nó gan glacadh leis. Faoi dheireadh ghlac sé leis an úll ach chúlaigh sé beagáinín ó Ailfí.
Labhair Ailfí go lách leis ionas nach mbeadh faitíos air. ‘Ní fhaca mé cheana tú sa cheantar.’
‘Ní nach ionadh. Is amhlaidh a bhím anseo i mo chodladh i rith an lae,’ arsa an buachaill agus é sásta go raibh sé sábháilte freagra a thabhairt ar an gcuairteoir. Thosaigh sé ag cogaint an athuair. Leath na súile ar Ailfí agus é ag féachaint ar na fiacla fada géara ag baint den úll.
In áit a bheith ag stánadh ar na fiacla, dhírigh Ailfí a aird ar an leithscéal de leaba a bhí déanta ag an mbuachaill as seanbhlaincéad dorcha. ‘Caithfidh go bhfuil sé thar a bheith míchompordach dul a luí san fhéar. Bheadh tochas ormsa sa leaba sin.’
Sméid an buachaill air. ‘Ní chreidfeá cé chomh dona is atá sé. B’fhearr liom i bhfad a bheith i mo luí i gcónra.’
B’ait le hAilfí an smaoineamh sin. Ach in áit é a chrá le tuilleadh ceisteanna mar gheall air, shín sé lámh ina threo agus chuir sé é féin in aithne dó. ‘Is mise Ailfí.’
‘Marius.’
Bhí lámh Marius fuar. Cnámhach. Allasúil. Rug sé greim níos láidre ar a lámh ná mar a mheas Ailfí a dhéanfadh sé.
Bhreathnaigh Ailfí mórthimpeall air agus é ag lorg rud éigin cairdiúil le rá faoin áit. Ní raibh le feiceáil ann ach an féar tirim agus roinnt dramhaíola a bhí caite ar leataobh.
‘An mbíonn tú anseo go minic?’ a d’fhiafraigh sé de Marius.
‘Minic mo dhóthain cé go bhfuil sé rud beag uaigneach. Bím i m’aonar an t-am ar fad nach mór.’ Bhí cuma fhíorbhrónach ar Marius anois agus é ag labhairt.
Sméid Ailfí air. ‘Bím féin i m’aonar leis. Bíonn m’athair ag obair sa chathair an chuid is mó den am. Tá mo mháthair breoite ach tá biseach ag teacht uirthi. Tá sí faoi chúram i dteach altranais sa cheantar seo. An bhfuil eolas agat air? Níl sé i bhfad uainn. Tá an t-ádh orm gur féidir liom cuairt a thabhairt uirthi gach uile lá.’
‘Chaill mise mo mháthair,’ arsa Marius.
Tháinig scéin uafáis ar Ailfí. ‘Chaill tú í?’
‘Agus m’athair.’
Tháinig méadú ar uafás Ailfí. ‘D’athair leis?’
‘Deartháireacha, deirfiúracha, aintíní, uncail …’
Chuir Ailfí grainc air féin. ‘Conas a … chaill tú … iad ar fad?’
Tharraing Marius a anáil agus thosaigh ar a scéal a insint. ‘Fuair sin-seanaintín liom caisleán mór sa Trasalváin le hoidhreacht…’
‘Caisleán? Sa Trasalváin? Ag magadh atá tú!’
‘Geallaim duit nach bhfuilim! Idir dheartháireacha, dheirfiúracha, thuistí, aintíní, uncailí, chol ceathracha, chol seisreacha agus chol ochtaracha, bhí gach duine de mo mhuintir ag dul chun cónaithe ann – sa chaisleán sa Trasalváin. Ach faraor! Déanach tráthnóna sula rabhamar ar fad le gluaiseacht ar aghaidh …’ (agus d’fhéadfaí an crith ina ghlór a chloisteáil go soiléir anseo) ‘bhí siad le dul amach ag fiach. Ní raibh fonn ormsa dul leo ach nuair a thosaigh mo bholg ag geonaíl, b’éigean dom greim éigin a fháil. Bhí an t-aistear fada go dtí an Trasalváin romhainn go fóill, ar ndóigh.’
‘Ar ndóigh,’ arsa Ailfí amhail is go raibh eolas mór aige ar an turas sin.
‘Chuaigh mé amach ag lorg torthaí agus caithfidh gur fhill siad nuair a bhí mé amuigh. Rug siad ar mo chónra – ag ceapadh, b’fhéidir, go raibh mé fós i mo chodladh inti – agus bhailigh siad leo. I m’aonar anois atáim.’
Bhí Marius bocht ag snagaireacht agus é ag cuimhneamh siar ar an tráthnóna uafásach sin. D’amharc Ailfí go truamhéalach ar an gcréatúr. Bhí cuma mhílítheach air. Bhí cuma dhubhach bhrónach air. Bhí cuma… bhí cuma vaimpíre air.
‘Vaimpír,’ arsa Ailfí faoina anáil. ‘Is vaimpír tú!’
Vaimpír! Bhí sé in aon seomra le vaimpír! Bhraith Ailfí a chroí istigh ag bualadh. B’fhearr i bhfad dó achar chomh mór agus ab fhéidir leis a chur idir é féin agus an créatúr scanrúil seo. Bhí cáil ar a chineál a bheith an-spadhrúil, go háirithe agus iad corraithe. Faoi mar a bhí an ceann seo faoi láthair.
Chúlaigh Ailfí go réidh amach doras an sciobóil agus é ag súil go raibh an vaimpír róghafa lena chuid smaointe cráite féin chun aird ar bith a thabhairt air féin agus é ag sleamhnú uaidh. Ach d’ardaigh an vaimpír a chloigeann, a bhéal ar oscailt, na fiacla gránna sin – géaráin – nochta aige agus é ag teacht ina threo…
2
Aithne ar Marius
‘Tá an ceart agat. Is vaimpír mé,’ arsa Marius, agus é ag teacht níos gaire fós d’Ailfí.
Bhí Ailfí bocht sáite idir é agus an doras, gan ar a chumas a chos a ardú thar an gcéim chun éalú uaidh.
‘Ach ní chiallaíonn sé sin gur chóir go mbeinn fágtha i m’aonar!’ Bhí deora bróin á sileadh ag Marius ach é rud beag feargach ag an am céanna.
Níor mhian le hAilfí go mbeadh sé in aon seomra le vaimpír fheargach. Rinne sé iarracht an scéal a mhaolú mar ní raibh aon dul as aige. ‘Ní shin a bhí i gceist agam. Tá … cineál … cáil oraibh go mbíonn nósanna as an ngnách agaibh. Ach is dócha nach bhfuil ansin ach … ach seafóid?’
Tharraing Marius siar uaidh agus shuigh sé síos ar an bhféar. Luigh sé a chloigeann ar na glúine. ‘Tá cáil orainn ina thaobh sin ach is fuath liomsa feoil. Feoil amh go háirithe – de shíor á cogaint agus ag baint na gcnámh.
B’fhearr liomsa i bhfad cúpla práta bruite agus blúire ime. Agus is fada an lá ó a bhí sé sin agam le hithe.’
Prátaí bruite. Blúire ime. Ina phríomhbhia ag vaimpír. Níor chreid Ailfí a leithéid.
Chuimhnigh sé ar a raibh ráite aige díreach roimhe sin. ‘Dúirt tú ar ball beag go raibh do mhuintir ag dul ag fiach. Nach mbíonn ar do … do chineálsa duine daonna a … a chaitheamh ó am go chéile chun maireachtáil?’
‘Bhí fianaise ar an méid sin tráth dá raibh. Tá athruithe tagtha ar ár gcorp le himeacht ama. Ní bhíonn an oiread céanna dúile againn in ábhar coimhthíoch is a bhíodh tráth – ach amháin sa chás go mbíonn a lán fuinnimh á úsáid againn.’
Bhí cuma amhrasach ar Ailfí go fóill. Lean an vaimpír leis. ‘An duine daonna mar shampla. Ní bhíonn sé ag fiach anois faoi mar a bhíodh fadó, an mbíonn?’
‘Is dócha nach mbíonn,’ arsa Ailfí go smaointeach. Teoiric inchreidte a bhí aige cé nach raibh lánmhuinín aige as an réasúnaíocht sin go fóill.
Thug an vaimpír faoi deara an greim reoite a bhí ag Ailfí ar mhurlán dhoras an sciobóil i gcónaí. ‘Nílim chun plaic a bhaint as do mhuineál más é sin a shíleann tú! Nach mbeadh sé sin déanta agam ó thús dá mba rud é gur mhian liom é a dhéanamh?’
Go tobann leath aoibh ar aghaidh Ailfí. Samhlaigh. Bhí vaimpír chúthail ina theannta a bhí ina chineál veigeatóra. Seachas na géaráin d’fhiacla aige a bheith níos faide agus níos géire ná mar a d’fheicfí de ghnáth, ní raibh cuma ró-scanrúil air. Ach bhí an chuma ar an gcréatúr go raibh sé in ísle brí.
‘B’fhéidir go mbeidh mé in ann cabhrú leat teacht ar do mhuintir,’ a dúirt Ailfí.
Den chéad uair ó tháinig Ailfí isteach sa scioból las súile gruama Marius le móráthas. ‘Dáiríre? An gceapann tú go mbeidh tú in ann cabhrú liom?’
‘Beidh, cinnte. Ar an gcéad dul síos, tá iPad de mo chuid féin agam sa teachín. Bainfimid triail as an Idirlíon. Seans maith go mbeidh leid le fáil againn ansin.’
Chroith Marius a chloigeann. ‘Bheadh sé thar a bheith deacair teacht orthu ar an gcaoi sin, dar liom. Ar chúiseanna éagsúla, ní baill de Facebook iad ná de líonra sóisialta ar bith eile ar líne, más é sin atá i gceist agat. Tá siad beagáinín seanfhaiseanta is dócha, mo mhuintirse.’
‘An leabhar fóin mar sin.’
Bhí Marius ag croitheadh a chloiginn go fóill. ‘Fiú dá mbeidís liostaithe, is ar éigean a bheadh leabhar fóin an Trasalváin le fáil go héasca anseo. Bíonn slite faoi leith ag vaimpírí dul i dteagmháil le chéile. Ach toisc gur i bhfad i gcéin atá siad, agus toisc nach bhfuil a fhios agam go díreach cá háit a bhfuil siad, ní féidir liom dul i dteagmháil leo.’
‘Bhuel,’ arsa Ailfí, agus é ag iarraidh cuma dhóchasach a chur air féin go fóill. ‘Seans go mbeimid in ann tosú le leaba … eh … cónra nua a aimsiú duit.’
‘Cónra nua? Bheinn an-sásta leis sin. Dhéanfadh sé sin an-mhaitheas do mo dhroim. An gceapann tú go mbeimid in ann teacht ar cheann gan mórán stró?’