cover

Images

Cois Life Teoranta Baile

Átha Cliath

Sa tsraith chéanna:

Ailfí agus an Vaimpír (2012)

Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Pub

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.

An chéad chló 2013 © Orna Ní Choileáin

ISBN 978-1-907494-36-9

Clúdach agus dearadh: Alan Keogh

Clódóirí: Nicholson & Bass Ltd.

www.coislife.ie

1.

Dialann Gretschwein

Images

‘Lán saille! Lán siúcra!’ arsa Margó Milanova. ‘Is é sin an fáth a bhfuil tú róthrom, a Gretschwein. Bia lofa taobh istigh: cailín lofa taobh amuigh!’

Bhí Gretschwein ina suí ar tholg i gceartlár an stáitse agus náire dhearg uirthi. Idir an lucht féachana sa stiúideo agus an lucht féachana amuigh ansin, bhí leath na tíre ag stánadh uirthi. Bhí a dialann ar scáileán os a cionn, í nocht os comhair cách. Tháinig deora le súile Gretschwein.

Bhí an clár teilifíse Plobarama á chraoladh beo. Chas Margó i dtreo an cheamara. ‘An tseachtain seo caite, d’iarr mé ar Gretschwein dialann a choimeád den bhia a itheann sí gach lá. Is sliocht é sin thuas ón Luan amháin. Tá cion na seachtaine, seachtain iomlán, sa mhéid bia a d’ith sí an lá sin. Fan go bhfeicfidh sibh, a chairde, an réimse bia a d’ith sí ina dhiaidh sin.’

Shín Margó lámh i dtreo an phóirtéir a bhí ag teacht ar an stáitse agus tralaí bia á bhrú aige. ‘Togha gach bia agus rogha gach dí! Is ionann an méid bia a fheiceann sibh anseo agus an bia go léir a d’ith Gretschwein an tseachtain seo caite! Craos is cúis leis seo. Cailín craosach is ea tú, a Gretschwein!’

Shil na deora móra méithe síos leicne ramhra Gretschwein.

‘Tá Gretschwein chomh mór,’ arsa Margó agus í faoi lánseol anois, ‘nach féidir léi staighre a dhreapadh. Tá an brú fola ró-ard. Tá neart fadhbanna eile sláinte aici. Ina theannta sin, tá sí chomh ramhar nach bhfuil aon éadaí ar fáil di sa ghnáthshiopa éadaí do dhéagóirí. Bíonn ar a máthair gúnaí a dhéanamh di as málaí codlata.’

Thosaigh an lucht féachana ag gáire. Bhí deora á sileadh go fras ag Gretschwein anois, í ag gol agus ag olagón gan staonadh.

‘Ach, níl tú gan dóchas, a Gretschwein, a stór!’ a d’fhógair Margó os ard. Chiúnaigh an lucht féachana. D’ardaigh Gretschwein a ceann agus d’fhéach ar an láithreoir. ‘Tá aiste bia ullmhaithe agam duit,’ arsa Margó, ‘má chloíonn tú léi, beidh tú i gceart i gceann cúpla seachtain.’

Shiúil Margó anonn go Gretschwein agus shín lámh chúnta chuici. ‘Éirigh, a Gretschwein, agus éist liom. Ní gá duit ach cloí leis na rialacha agus laistigh de cheithre seachtaine, tabharfaidh tú faoi deara an difríocht mhór idir an Gretschwein úrnua agus an Gretschwein a bhíodh ann roimhe sin. Ní aithneoidh tú tú féin sa scáthán.’

Sheas Gretschwein taobh le Margó Milanova agus cluas éisteachta uirthi. Lean Margó uirthi: ‘Naoi gcuid den charbaihiodráit in aghaidh aon bhéile amháin a bhíonn á thógáil agatsa. Níor chóir duit ach cúig cinn, nó sé cinn ar a mhéid i gcás duine aclaí, a ithe in aghaidh an lae! Is eol dúinn nach duine aclaí tusa, a Gretschwein. Mar sin molaimid duit na piollaí seo a thógáil chomh maith gach maidin agus gach oíche….’

2.

Vaimpír san áiléar

‘Gheobhainnse bás den ocras dá mbeinnse ar aiste bia mar sin,’ arsa Marius. ‘Deir an saineolaí sin gur cúig ribe fusilli is ea cuid amháin, agus go gceadaítear sé chuid in aghaidh an lae. Ní bheadh ansin ach tríocha ribe le hithe an lá ar fad. Sin an méid. Samhlaigh é! D’íosfadh cruimh chabáiste níos mó ná sin in aon bhéile amháin! Gheobhainnse bás den ocras ar an aiste sin!’

D’fhéach Ailfí i dtreo a chara a bhí sínte ar an tolg trasna uaidh os comhair na teilifíse. An bhféadfadh vaimpír bás a fháil den ocras? Nach raibh a chineál siúd leathmharbh cheana féin? Ní raibh aon bhaol gorta ar an vaimpír seo áfach – a chosa in airde ag Marius, an dara paicéad brioscaí á chaitheamh siar aige.

‘Má leanann tusa ort ag mungailt faoi mar atá á dhéanamh agat anois, éireoidh tú chomh ramhar leis an gcailín sin Gretschwein,’ arsa Ailfí, agus é sínte ar an gcathaoir uilleann taobh leis. Ach ag labhairt go fánach a bhí sé agus é ag iarraidh fainic a chur ar a chara. Mar, aisteach go leor, ba chuma cé mhéad briosca, milseán nó truflais de chineál ar bith a chaith sé siar, níor thit an vaimpír riamh chun feola.

‘Nílim aon phioc chomh gránna léise!’ arsa Marius. ‘Agus ar a laghad, éiríonn liom roinnt gleacaíochta a dhéanamh. Nach mbím amuigh ag eitilt faoi sholas na gealaí gach oíche!’

Images

Briseadh isteach ar chaint na mbuachaillí agus an eochair á casadh i ndoras an tí – tuismitheoirí Ailfí ag filleadh ón tsiúlóid.

Mar iarracht í féin a athshlánú tar éis di tinneas a chur di i rith na bliana, théadh máthair Ailfí ar siúlóid ghairid gach maidin agus gach tráthnóna. Ó am go chéile, dá dtagadh fonn air, théadh athair Ailfí in éineacht léi.

Anois agus na tuismitheoirí ag filleadh ar an teach, chaith an vaimpír uaidh an paicéad brioscaí, shín amach a lámha agus thug na sciatháin leis amach doras an halla agus suas an staighre.

Siúd anonn le hAilfí chuig umar na dtiripíní agus chuir cúram air féin. Isteach sa seomra lena thuismitheoirí. Shuigh a athair ar an tolg áit a raibh an vaimpír cúpla nóiméad roimhe sin. Bhraith Dainéil go raibh boladh aisteach san aer ach ní dúirt sé dada. Ba chuma leis sin nuair a bhí an teilifís ar siúl. Thaitin scáileáin de chineál ar bith le Dainéil. B’in an chúis a raibh an post aige sa phictiúrlann. Dhéanadh sé dianmhachnamh ar gach scannán a bhí ar siúl ann. Bhí sé de rún aige scannán dá chuid féin a bheith ar taispeáint sa phictiúrlann lá éigin amach anseo.

Cláir do dhaoine óga a bhí faoi lánseol ar an teilifís anois. Bhí Plobarama díreach thart. Peatarama a bhí ag teacht i ndiaidh na bhfógraí.

‘Ó, a Ailfí!’ arsa máthair Ailfí agus díomá uirthi, ‘ag breathnú ar an scáileán sin arís atá tú! Agus na dallóga go léir druidte!’

Bhí Ailfí ag breith chuige féin go ciúin nár mhúch sé an teilifís sular tháinig a thuismitheoirí isteach. Shiúil Tina anonn chun na dallóga agus na fuinneoga a oscailt. ‘Níl aon ghá leis seo! Ba chóir duit a bheith amuigh faoin aer! Seachas do chuid ama a chaitheamh anseo sa dorchadas….’

Plab!

Tháinig torann ó bharr an tí.

‘Cad é sin?’ arsa Tina de gheit.

Chlaon Dainéil a cheann i dtreo na síleála.

Marius ag cleitearnach thart, ar ndóigh, mar ab eol d’Ailfí. Ach ní fhéadfadh sé é sin a rá lena thuismitheoirí.

‘Leabhar, b’fhéidir, nó cluiche’ arsa Ailfí, agus piachán ina ghuth. ‘Seans go bhfuil ceann acu tar éis titim ar an urlár. Rinne mé carn mór de na leabhair agus de na cluichí nach raibh uaim a thuilleadh agus mé ag cur slachta ar mo sheomra ar ball beag. Ní mór dom dul chun…’

‘Ar cur slachta ar an seomra codlata arís?’ arsa Tina agus amhras uirthi. ‘Ní chreidim é! Caitheann tú an oiread sin ama ag cur slachta air ach ní thagann feabhas riamh air. Na dallóga druidte, na cuirtíní dúnta i gcónaí….’

Chuaigh Tina amach chun a cóta a chrochadh ar sheastán na gcótaí sa halla. Ar theacht ar ais di, stad sí go smaointeach ag an doras. ‘Cad ab ainm don bhuachaill sin a tháinig anseo ar cuairt i rith an tsamhraidh?’

Reoigh Ailfí. Cén fáth a raibh an vaimpír á lua ag a mháthair anois? Níor bhuail sí riamh leis.

‘Marius,’ arsa Dainéil, na súile dírithe ar an teilifís aige an athuair.

‘Marius! Sin é é!’ arsa Tina. ‘Buachaill faoi leith a bhí ann de réir an chuntais a thug sibh dom ag an am.’

‘Bhí acmhainn grinn ann,’ arsa Dainéil. ‘Ach is cuimhin liom go mbíodh sé thar a bheith fuadrach timpeall ar a chuid bia.’

‘Cuir glaoch air, a Ailfí,’ arsa Tina.

Bhí mearbhall ar Ailfí. ‘Glaoch air? Ach cén fáth?’

‘Chun cuireadh a thabhairt dó teacht anseo. Ionas nach mbeidh tú sáite i do sheomra an t-am ar fad!’

Ransaigh Ailfí a intinn. B’fhearr dá thuismitheoirí é, shíl sé, mura mbeadh an vaimpír ina measc. ‘Umm… tá na sonraí teagmhála… caillte agam.’

‘Caillte agat? Nach raibh sé sin ábhairín amadánta? Ach éist. Tá Lindsí ag obair sa bhaile céanna ina bhfuil cónaí air. Iarrfaidh mé uirthi dul i dteagmháil leis thar do cheann.’

‘Ná déan!’ arsa Ailfí. Labhair sé pas beag ró-ard agus róthapa.

D’amharc Tina go hamhrasach air.

‘Measaim go bhfuil na sonraí agam ar an ríomhaire go fóill,’ ar sé go mall, ‘ach iad a aimsiú.’

‘Bhuel labhair leis,’ arsa a mháthair. ‘Fiafraigh de cathain a bheidh sé in ann teacht. Gheobhaidh Dainéil an leaba champála ón áiléar.’

‘Ná téigh go dtí an t-áiléar!’

Bhain Dainéil a shúile ón scáileán.

‘Cén fáth nár chóir dom dul go dtí an t-áiléar, a Ailfí?’

Anois bhí Dainéil agus Tina ag stánadh ar Ailfí. Bhí a bhéal ar leathadh agus é ag lorg leithscéil. Cad a déarfadh sé lena thuismitheoirí? Go raibh vaimpír á coimeád aige? Gur tháinig sé ar an vaimpír i scioból faoin tuath? Go raibh sé ina chónaí san áiléar le cúpla mí anuas gan fhios dóibh? Go raibh an créatúr tar éis stiúideo beag a dhéanamh dó féin ann? Agus go gcodlaíodh sé ann i rith an lae go hiondúil i… i bhfolcadán. Ní folcadán a bhí ann i ndáiríre ach cocún athláimhe. Thug Lindsí, cara leo, do mháthair Ailfí é ar an tuiscint go mbeadh sé á úsáid aici chun a scíth a ligean tar éis an bhabhta tinnis a bhí uirthi.

Plab!

An fothram arís ón gcéad urlár. Bhreathnaigh cách i dtreo na síleála.

‘Ní mór dom…,’ arsa Ailfí, ‘ord agus eagar a chur ar na leabhair sin.’

D’éalaigh sé ón seomra sula raibh deis acu a thuilleadh a rá.