Splancanna ó shaol eile
An Bhrasaíl i bhfis agus i bhfocail
Alex Hijmans
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2013 © Alex Hijmans
ISBN 978-1-907494-37-6
Grianghraif: Alex Hijmans
Dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Brunswick Press
www.coislife.ie
Clár
1. Ní cárta poist é seo (brollach)
2. Iontas (réamhrá)
3. Ceacht staire
4. Ceacht tíreolais
5. Baile
6. Aistear
7. Seasamh troda
8. Katu ara!
9. I measc na meacan
10. Óige
11. Baile tuaithe
12. Cois abhann
13. I mullach a chéile
14. Codarsnacht
15. Fáinne fí trí mhíle volta
16. ‘Ceist na sábháilteachta’
17. Favela samplach
18. Favela samplach (ar lean)
19. Balla cuimhneacháin
20. Stailc
21. Deireadh na líne
22. Míoltóga Macchiavelli
23. Basctha ag an mbáisteach
24. Maranhão bocht
25. Brat trom na staire
26. Séadchomhartha gránna
27. Dia faoin gcraiceann
28. Athrú creidimh
29. Dathanna na nDéithe
30. Athmheascadh
31. Athbhreith
32. Deamhan na biogóideachta
33. Bród
34. Lá Iemanjá
35. Draíodóireacht
36. Mosc
37. Sionagóg
38. Tae na siabhrán
39. Cáca na gcreideamh
40. Lá na póite móire
41. Saol bog
42. Saol crua
43. Aorta Mheiriceá Theas
44. Tionscal contúirteach
45. An Corn
46. Ó obair go hoidhreacht
47. Diantalmhaíocht
48. Ór dubh
49. Nádúr
50. Coill Osvaldo
51. Folús an interior
52. Dufair choincréite
53. Inimirce ón Eoraip
54. Déanta sa tSeapáin
55. Cloch, coincréit, gloine
56. Spásárthach Niemeyer
57. Túir spéire
58. Easpa pleanála i gcathair phleanáilte
59. Faoi thalamh
60. An bus …
61. … agus an bus cliste
62. Bealach na habhann
63. Athruithe móra san aer
64. Cairrín cearnógach
65. Réabhlóid nach dtarlóidh go deo
66. Ar ais ar na ráillí
67. Central do Brasil
68. Bús Belém
69. Uachtar reoite
70. Teampaill an tomhaltachais
71. An mhórshráid
72. Margadh an chosáin
73. Callán
74. Scáth-thailte
75. Droch-ghrianghraf
76. Cracolândia
77. An tAthchúrsálaí Cairtchláir
78. Seoid strae
79. Domhnach sa pháirc
80. Mochéirí
81. Oileán aduain
82. Mearbhall tíreolaíoch
83. Ola nathrach agus leigheasanna eile
84. Dearg
85. Féiríní
86. Sreang dheilgneach theanga
87. Polaitíocht
88. Grianghraf blaisféimeach
89. Caifé i gceartlár na Brasaíle
90. Marbh le caife agus marbh gan é
91. Meacan na míle is a haon mhias
92. Béile portán
93. Açaí
94. Tacacá
95. Bia ón iasacht
96. Deoch bhog naofa
97. Gliú Globo
98. Suas chun dáta i gcónaí
99. Amárach
100. Tír aduain
An Bhrasaíl
Ní cárta poist é seo (brollach)
Praia do Flamengo, Cathair Rio de Janeiro
Tá meirg ar an bpictiúr seo, agus féasóg ar an scéal a insítear ann. Ach tá gá leis.
Páistí ag imirt sacair, mar íomhá den Bhrasaíl? Seanchaite! Gan trácht ar thránna! Agus tá an sliabh sa chúlra – Pão de Açúcar (Sliabh Charn an tSiúcra) – ar na hionaid turasóireachta is iomráití ar domhan – inchurtha le Buckingham Palace, Niagara Falls nó an Taj Mahal. Agus seo iad – na páistí, an trá agus Pão de Açúcar – san aon ghrianghraf amháin.
Is ea, is cárta poist é seo. An t-aon cheann amháin sa leabhar. Sin an fáth a bhfuil sé ag an tús. Séard is fearr a léireoidh nach cártaí poist atá sna grianghraif eile sa saothar seo ná cárta poist ceart a thaispeáint i dtosach.
Ach, ag an am céanna, ní cárta poist é seo – níl aon bhréaga á n-insint ann. Ní aisteoirí atá fostaithe ag Bord Fáilte na Brasaíle iad na himreoirí óga sacair; fíordhaoine iad agus fíorchluiche ar bun acu – fiú mura bhfuil ach leathfhoireann acu ann.
Tráthnóna Domhnaigh ag deireadh an tsamhraidh a tógadh an grianghraf seo – tráth a gcaithfeadh sé go raibh iliomad cluichí den chineál seo ar siúl ar iliomad tránna ar fud na Brasaíle. Agus ar iliomad plásóg coincréite, páirceanna féir agus páirceanna de chré dhonnrua.
Baba a thugtar ar na cluichí neamhfhoirmiúla seo i bPortaingéilis na Brasaíle. Píosa spóirt, píosa spraoi – ach tá na mílte míle buachaillí óga ann nach mbíonn ag brionglóideach ach faoi aon rud amháin: slí bheatha mar imreoir sacair. Ní éireoidh ach le fíorbheagán acu. Ach Pelé, Romário, Ronaldo, Ronaldinho, fear óg na huaire Neymar – chuireadar ar fad barr feabhais ar a gcuid bunscileanna i gcluichí baba.
Iontas (réamhrá)
Rio Branco, Acre
An Bhrasaíl nach bhfeicimid sna cártaí poist a thaispeáint – sin é an sprioc a chuir mé romham sa leabhar seo. Chuir mé laincis orm féin freisin: theastaigh uaim go spreagfadh na grianghraif na haistí, seachas a mhalairt de shlí. Ní pictiúir a tógadh mar léaráidí d’aistí a bhí scríofa cheana féin atá sna grianghraif sa leabhar seo ach fís-splancanna a rinne smaointe úrnua a spreagadh i bhfoirm téacs.
Ar lámh amháin, thug an téama leathan – ní cártaí poist iad seo – go leor saoirse dom. Ar an lámh eile, chruthaigh sé deacracht ollmhór dom. Dá mbeadh saintéama agam – ‘bundúchasaigh iarthuaisceart stát Acre’ mar shampla, nó ‘ealaín uirbeach i gcathair São Paulo’ – bheadh tuairim agam, ar a laghad, faoi na radharcanna a theastódh uaim agus faoin áit a n-aimseoinn iad. D’fhág scaoilteacht mo théama gur chaith mé uaireanta fada an chloig ag siúl sráideanna agus bhóithríní na Brasaíle, ar choincréit agus ar dheannach, ag súil go dtiocfainn ar radharc éigin a d’inseodh scéal maith.
Tógadh na grianghraif sa leabhar seo thar thréimhse sé bliana, idir dheireadh 2006 agus deireadh 2012. Cinn a thóg mé agus mé i mbun mo chuid dualgas mar chomhfhreagraí idirnáisiúnta agus tuilleadh ó mo bhailiúchán pearsanta féin atá i gcuid acu, ach tógadh a bhformhór le linn sciuirdeanna a rinne mé go speisialta don saothar seo.
Ar an gcéad lá den chéad cheann de na turais sin a thóg mé an grianghraf thall – agus ba é an ceann ba mhó é a thug trioblóid dom sa dara cuid den phróiseas: an scríbhneoireacht. Seo ceann de na híomhánna is fearr liom sa leabhar ar fad, ach ba bheag nár fhág mé ar leataobh go hiomlán é: ní raibh mé in ann scéal a bhaint as. Céard a scríobhfainn? Go bhfuil go leor gluaisrothar ar bhóithre Rio Branco, príomhchathair Acre?
Is doiligh friotal a chur ar ar theastaigh uaim a léiriú san íomhá seo – an t-iontas a spreagann áit aduain i nduine – ach is dóigh liom go n-insíonn an grianghraf an scéal seo go seoigh.
Ceacht staire
Coração de Maria, Bahia
Cé gur mealltach an teoiric í, níl baint dá laghad ag oileán miotasach na gCeilteach, Í-Bhreasail, leis an mBrasaíl ó thaobh an dinnseanchais de. Crann a thug a ainm don tír is mó i Meiriceá Theas: an pau-brasil, a bhfuil síológ de sa ghrianghraf thall. Ba é adhmad an chrainn seo, a úsáideadh chun péint dhearg a tháirgeadh, an t-earra ba mhó a easpórtáladh ón mBrasaíl sa chéad scór bliain tar éis do na hEorpaigh cos a chur i dtír ann.
‘Aimsíodh’ an Bhrasaíl sa bhliain 1500 – nó sin a mhúintear i scoileanna na tíre. Ach tá an smaoineamh seo ábhairín lochtach: ar ndóigh, bhí an áit ‘aimsithe’ cheana féin ag na milliúin bundúchasach a raibh cónaí orthu inti.
Ba choilíneacht de chuid na Portaingéile í an Bhrasaíl ar feadh breis is trí chéad bliain agus is sna blianta sin a múnlaíodh an tír mar atá sí inniu. Rinneadh sléacht ar na treibheanna bundúchasacha; tugadh na milliúin anall as an Afraic ina sclábhaithe. Ní réabhlóid a rinne tír neamhspleách di, mar a tharla sa chuid eile de Mheiriceá Theas: lá breá amháin sa bhliain 1822, d’fhógair mac Rí na Portaingéile go raibh an Bhrasaíl neamhspleách – agus gurbh é féin a hImpire.
D’fhág an cleas seo ag teaghlach ríoga na Portaingéile gur aonad amháin a bhí sa tír ollmhór seo fad a thit coilíneachtaí na Spáinne i Meiriceá Theas as a chéile, fiche tír nach mór. Ach ar an lámh eile, de bharr nár tharla réabhlóid sa Bhrasaíl, mhair meon an choilíneachais ar feadh i bhfad.
Inniu, a bhuíochas don daonra ollmhór (nach mór dhá chéad milliún duine) agus an eacnamaíocht atá faoi rath, is fathach í an Bhrasaíl i measc thíortha an domhain. Ag an am céanna, is ógbhean í nach bhfuil ach ag teacht chuici féin ó óige chasta, bhrúidiúil.
Ba bheag nár scriosadh an Mata Atlântica (Dufair an Atlantaigh), áit a bhfásann an pau-brasil, sa chúig chéad bliain ó chuir muintir na hEorpa cos i dtír sa Bhrasaíl. Tá an pau-brasil beag sa ghrianghraf thall ag fás mar chuid de thionscadal athchurtha crann: tuar dóchais.
Ceacht tíreolais
Béal na hAmasóine, Pará
D’fhéadfaí oileán na hÉireann a chur isteach sa Bhrasaíl nach mór céad agus a haon uair. Bhí dúshlán romham, mar sin, agus mé ag iarraidh leabhar a chur i dtoll a chéile a léireodh gnéithe den tír ar fad.
Cónaidhm atá sa Bhrasaíl: tá sé stát is fiche ann, móide an Distrito Federal, an Limistéar Cónaidhmeach, ina bhfuil an phríomhchathair, Brasília. Dála na Stát Aontaithe, tá a rialtas féin ag gach ceann de na stáit – agus a fhéiniúlacht féin. Ach is mó i bhfad na difríochtaí réigiúnacha sa Bhrasaíl ná i Meiriceá.
Tá dhá chúis leis sin.
Is é an chéad chúis nach mar a chéile dúchas na bpobal sna stáit éagsúla. Tá lorg na Portaingéile go láidir ar stát Rio de Janeiro, mar shampla, ach is meascán de phobail ó gach cearn den domhan atá i stát São Paulo. De shliocht na hAfraice 80 faoin gcéad de dhaonra Bahia; tá bunsraith láidir bhundúchasach i muintir Pará, an stát a bhfuil a bhratach le feiceáil sa ghrianghraf thall.
Is é an dara cúis ná go raibh infreastruchtúr na tíre go holc go dtí le fíorghairid, agus fiú sa lá atá inniu ann níl sé thar mholadh beirte. Agus na mílte míle idir na réigiúin éagsúla, ní haon ionadh é gur fhorbair gach stát a chultúr sainiúil féin.
Mar sin féin, is féidir an tír a roinnt i gcúig mhór-réigiún chultúrtha: an Tuaisceart, an tOir-Thuaisceart, an Lár-Iarthar, an tOir-Dheisceart agus an Deisceart. Tá grianghraif as gach ceann de na réigiúin sa leabhar seo.
Dála an Éireannaigh, mothaíonn an Brasaíleach ceangal anláidir lena fhéiniúlacht réigiúnach. Baianos iad muintir Bahia ar dtús; Brasaíligh iad ina dhiaidh sin. Tá cion ag Cariocas Rio de Janeiro ar Paulistas São Paulo mar atá ag muintir Bhaile Átha Cliath ar mhuintir Chorcaí!
Airíonn an taistealaí na difríochtaí sa bhia, sa chaint, i ndreach na ndaoine, sna nósanna, i bhfuinneamh na háite. Uaireanta, is deacair a chreidiúint gur tír amháin í an Bhrasaíl in aon chor.
Baile
Salvador, Bahia
Anois agus mé ag cur bailchríoch ar an saothar seo, tá cúig bliana caite agam sa Bhrasaíl. Bhí cónaí orm in Salvador, príomhchathair Bahia, in oirthuaisceart na tíre, le linn na tréimhse sin ar fad – ach in áiteanna éagsúla sa chathair ar mo sheal.
Sa bhruachbhaile bocht Tancredo Neves a bhí cónaí orm ar dtús – is féidir an scéal sin ar fad a léamh in Favela (Cois Life, 2009). Ina dhiaidh sin, chaith mé nach mór dhá bhliain in Rio Vermelho, in aice na trá. Ansin thug mé aghaidh ar na cnoic: tá os cionn dhá bhliain caite anois agam i scéim bhloic árasán i gceantar Engenho Velho da Federação, idir Rio Vermelho agus lár na cathrach. Thóg mé an grianghraf thall ó fhuinneog an tseomra suí.
Seachtó foirgneamh ceithre stór atá i scéim tithíochta Santa Madalena, ocht n-árasán i ngach ceann. Ar bharr cnoic atá an scéim lonnaithe; úllord a bhí ann sular tógadh na hárasáin i ndeireadh na 1960idí. Tá ceantair bhochta – favelas – ar thrí thaobh; is é mórbhealach an Avenida Vasco da Gama teorainn thoir na scéime.
Tugann an grianghraf thall léargas maith ar an gcaoi a bhfuil sochaí na Brasaíle roinnte in aicmí. Chun tosaigh, árasáin Santa Madalena: ceantar de chuid na híos-mheánaicme. Oibrithe oifige, tiománaithe leoraí agus múinteoirí iad mo chomharsana. Ar chúl na n-árasán – i bhfoisceacht screaidín asailín bhig bhídigh: an favela. Seo ceantar na híosaicme, mar a bhfuil cónaí ar bhríceadóirí, ar fhir shlándála, ar chailíní aimsire. Ar chúl an favela, ar íor na spéire ar fad, túir spéire na huas-mheánaicme: áit chónaithe dochtúirí, dlíodóirí agus lucht gnó.
Agus tú á léamh seo, is dóichí ná a mhalairt gur i scéim tithíochta Santa Madalena atá cónaí orm fós. Is cairde liom iad na comharsana – sna hárasáin féin agus sa favela béal dorais. Tá cleachtadh agam ar a gceol ard agus ar a síorbhéiceach. Ag pointe éigin le linn mo sheal anseo, rith sé liom go raibh mé sa bhaile, gurbh é seo an áit ar mhaith liom filleadh air tar éis aistir fhada.
Aistear
Rio Piracicaba, Minas Gerais
Tá cuimhne ghlé go fóill agam ar thuras traenach a rinne mé, siar sa bhliain 2006, ó Belo Horizonte, príomhchathair an stáit Minas Gerais, go Vitória, príomhchathair Espírito Santo. Ní toisc go nglacann an turas ceithre huaire an chloig déag, ach toisc gur ar bord na traenach seo a chuir mé aithne ar chosmhuintir na Brasaíle den chéad uair dáiríre.
Leis an dara comhlacht mianadóireachta is mó ar domhan, Vale, an líne seo, a nascann mianaigh Minas Gerais leis an Atlantach. Sraitheanna siar amach de charráistí lastais lán go béal le hamhiarann atá sa chuid is mó de na traenacha ar an líne, ach tá sé de dhualgas ar Vale traein do phaisinéirí a rith freisin: ceann in aghaidh an lae sa dá threo.
Ní chosnaíonn ticéad traenach ach leath an phraghais atá ar thicéad bus. Tógann an traein a dhá oiread ama – ach má bhíonn tú beo bocht agus ar tí saol nua a thosú in Espírito Santo, cén difear a dhéanann cúpla uair an chloig?
Sin mar atá an scéal ag an mbean agus ag a mac ocht mbliana d’aois a shuíonn le mo thaobh in Belo Horizonte. Tá fonn cainte orthu. Níl ormsa: níl mórán Portaingéilise agam go fóill. Is beag rogha atá agam, áfach: tá an leaidín ina shuí i mbaclainn a mháthar agus táimse sáinnithe i suíochán na fuinneoige.
In ainneoin deacrachtaí teanga éiríonn leis an mbean, atá ar comhaois liom féin, a saol a roinnt liom. Mínímse dá mac céard is ‘iriseoir’ ann agus tugaim peann dó. Nuair a thuirlingíonn an bheirt den traein, ag an stáisiún deireanach roimh an gceann scríbe, tugann an bhean fáinne eochrach dom le grianghraf a mic ann.
Seasaim féin den traein in Vitória, traochta tuirseach, m’aghaidh clúdaithe sa phúdar amhiarainn a shéideann isteach trí fhuinneoga oscailte na traenach, ach táim sásta. I dtús an aistir seo a tharla ceangal a mhaireann go dtí an lá inniu – ceangal idir mé agus cosmhuintir na Brasaíle.
Níor mhalartaigh mé féin agus an bhean agus a mac uimhreacha ná seoltaí agus tá a n-ainmneacha dearmadta agam le fada an lá – ach tá an fáinne eochrach agam fós.
Seasamh troda
Olivença, Bahia
Chuir Jamopoty (ar dheis) agus a fear céile Taquari (ar chlé) a bhfeisteas traidisiúnta orthu nóiméad sular ghlac mé an grianghraf seo. Ní ligeann siad d’aon duine a bpictiúr a thógáil agus a ngnáthéadaí – jíons agus T-léine – orthu.
Polaitíocht.
Níl rud ar bith in Olivença, parrthas surfála i ndeisceart stát Bahia, a thabharfadh le fios don chuairteoir go bhfuil coimhlint ghránna ar siúl ann. Níl poill philéar sna fuinneoga, níl graifítí gríosaitheach ar na ballaí. Ach fiafraigh de dhuine ar bith faoin bplean atá ag rialtas na Brasaíle tearmann a chruthú do threibh bhundúchasach áitiúil, agus ní bheidh srian leis an ngoimh.
Tá Jamopoty ar dhuine de caciques (ceannairí) na Tupinambáde-Olivença, pobal nach bhfuair aitheantas oifigiúil mar threibh bhundúchasach go dtí an bhliain 2004. Gheall an rialtas tearmann dá gcuid féin dóibh, ach nuair ba léir go dtógfadh an próiseas na blianta, ghabh na Tupinambá-de-Olivença cuid den talamh san áit a gcruthófaí an tearmann. In Aibreán 2009, chuir an treibh an ruaig le lámh láidir ar naoi gcinn is tríocha de theaghlaigh feirmeoireachta agus bhunaigh siad trí cinn is fiche de ‘bhailte bundúchasacha’ ar a dtailte.
De réir Luiz Henrique Uaquim, uachtarán chomharchumann feirmeoirí an réigiúin, níl i bpobal Jamopoty ach ‘bithiúnaigh in éide Indiach’. Níl antraipeolaithe ar aon intinn ach an oiread faoi dhúchas na Tupinambá-de-Olivença, dúchas thar a bheith measctha: tá fuil Eorpach, Afracach agus bhundúchasach i gcuisle gach uile dhuine sa treibh, ar aon dul go díreach le gach uile dhuine sa chuid seo den Bhrasaíl.
Tagann deora le súile Taquari – ball de phobal na Patoxó, treibh eile as deisceart Bahia – nuair a chloiseann sé an argóint seo. ‘An orainne an locht gur éignigh an fear geal ár sinsir, gur scrios sé ár gcultúr agus ár dteanga?’
Tá na húdaráis ag ligean don treibh fanacht ar na tailte athghafa (‘gafa’, a deir na feirmeoirí díshealbhaithe) go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach faoin tearmann. Cibé socrú é sin, beidh impleachtaí móra aige i dtír nach bhfuil ach tús á chur le hathmheas a dhéanamh ar oidhreacht an choilíneachais agus ar cheist úinéireacht na talún, dhá rud atá fite fuaite lena chéile.
Katu ara!
Olivença, Bahia
‘Katu ara!’ atá scríofa ar an mballa gar do bhealach isteach na scoile, i litreacha móra cearnógacha i bpéint oráiste agus dhubh. ‘Bom dia!’ atá scríofa in aice leis, i litreacha beaga gorma. Maidin mhaith!
Táim sa bhunscoil in Itapoã, baile bundúchasach a bhunaigh an pobal Tupinambá-de-Olivença ar an talamh atá athghafa acu i ndeisceart Bahia (nó ‘gafa’, má fhiafraíonn tú de na feirmeoirí a chuireadar as seilbh).
Go tobann, táim ar ais in Éirinn. Cuireann an seomra ranga seo Gaelscoil sa Ghalltacht i gcuimhne dom: na daltaí ar fad ar a míle dícheall teanga a fhoghlaim a labhraíodh a sinsir na glúnta ó shin. Ní frásaí Gaeilge atá ar an gclár dubh áfach, ach frásaí Tupinambá. Teanga dhúchais na ndaltaí scoile seo – nó an ea?
Ar éigean é. Is í an Phortaingéilis teanga dhúchais gach uile dhuine sa ghrianghraf seo, agus ní chloisim ar feadh an lae a chaithim ar thalamh (ath)ghafa na dTupinambá-de-Olivença ach í. Fiú ceannaire na treibhe, Jamopoty, labhraíonn sí Portaingéilis lena fear céile, Taquari.
‘Ba cheart dúinn dea-shampla a thabhairt agus ár dteanga a labhairt eadrainn féin níos minicí,’ a deir Jamopoty go leithscéalach nuair a fhiafraím di faoi cheist na dteangacha.
Ach ní chuireann Taquari aon fhiacail ann. Tá a fhios againn go maith nach bhfuil an chuma ‘bhundúchasach’ ar an bpobal seo a mbíonn na meáin agus pobal na Brasaíle i gcoitinne ag súil léi. Ar an ábhar sin, le go mbreathnóidh na húdaráis níos fabhraí ar ár gcás, caithfimid féiniúlacht chultúrtha agus teanga a chruthú dúinn féin – fiú más gá gach rud a fhoghlaim as leabhair, toisc gur chailleamar ár n-oidhreacht.’
Katu ara! Teanga ina huirlis pholaitiúil. Cá bhfaca mé a leithéid seo cheana?