cover

I MEASC VAIMPÍRÍ

ORNA NÍ CHOILEÁIN

Cois Life

Baile Átha Cliath

Sa tsraith chéanna:

Ailfí agus an Vaimpír (2012)

Vaimpír san Áiléar (2013)

Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

images

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.

An chéad chló 2015 © Orna Ní Choileáin

ISBN 978-1-907494-48-2

Clúdach agus dearadh: Alan Keogh

Clódóirí: Nicholson & Bass Ltd.

www.coislife.ie

1

Uamhan eitilte

‘Beidh orainn an turas a chur ar ceal,’ arsa Marius os íseal. ‘Tagann uamhan eitilte orm.’

I seomra leapa Ailfí a bhí na buachaillí, ag ullmhú le haghaidh an turais go dtí an Trasalváin. Bhí siad le himeacht faoi cheann trí lá ach bhí nithe beaga fós le plé acu. Ní raibh aon am le cur amú. B’éigean dóibh a n-aird a dhíriú ar an bplean a bhí oscailte ar an ríomhaire os a gcomhair amach.

Labhair Marius arís. ‘I ndáiríre atá mé. Tagann uamhan eitilte orm.’

Stán Ailfí ar a chara. ‘Cad atá i gceist agat le huamhan eitilte?’

‘Uamhan eitilte – faitíos roimh eitilt.’

‘Tá a fhios agam cad is brí leis na focail! Ach níl ciall ar bith lena bhfuil á rá agat!’ Go tobann phléasc Ailfí amach ag gáire. Ag magadh a bhí an vaimpír, mar ba mhinic leis.

‘Nílim ag magadh, geallaim duit,’ arsa Marius.

images

‘An bhfuil tú as do mheabhair?’ arsa Ailfí. ‘Is vaimpír tú! Bíonn tú ag eitilt faoi sholas na gealaí gach oíche! Anois, ar mhiste leat d’aird a dhíriú ar an bplean? Tá sé seo tábhachtach.’

Ní raibh deireadh ráite ag Marius. ‘Is i gcruth ialtóige a bhímse agus mé amuigh istoíche. Bíonn saoirse agam. Ní fhéadfainn suí síos istigh i gcanna stáin.’

‘Ag caint ar an eitleán atá tú.’

‘Eitleán? Is ionann é agus canna stáin. Na suíocháin bheaga brúite le chéile. An t-aer bréan. Ganntanas bia. Ní fhéadfainn é a sheasamh.’

Bhí Ailfí clipthe, ciaptha, cráite ag clamhsán na vaimpíre. D’éirigh sé ina sheasamh agus anonn leis go dtí an fhuinneog. Chlaon sé i gcoinne na leice agus chuimil sé a shúile lena bhosa. Rinne sé iarracht tuiscint a bhaint as caint a chara. Uamhan eitilte ar vaimpír! D’fhair sé é go hamhrasach. Bhí aghaidh Marius níos mílíthí fós agus gan é ach á shamhlú féin sáite san eitleán. Bhí sé lándáiríre.

Smaoinigh Ailfí ar an gcruinniú a bhí acu tamall roimhe sin le Stuart de Barra, an léiritheoir agus stiúrthóir scannán mór le rá. Nach raibh an t-ádh leo gur chas siad ar a chéile? Ón gcéad lá, bhí sé tógtha le Marius. Bhí tréithe faoi leith ag an mbuachaill – cuma mhílítheach air agus marc an widow’s peak ar a chuid gruaige. Ba bheag duine a bhí ar an eolas gur vaimpír é i ndáiríre. Bhí a fhios ag Ailfí ar ndóigh agus bhí a fhios ag a gcomharsa Gretschwein. Ba vaimpír í siúd freisin.

Thug Stuart de Barra cuireadh do Marius dul go dtí an Trasalváin ar feadh seachtaine chun páirt a ghlacadh sa scannán uafáis nua a bhí beartaithe aige ann. Bhí Ailfí agus a athair, Dainéil, le dul in éineacht leis.

An rud nach raibh ar eolas ag Dainéil ná gur ghread muintir Marius leo go tobann le linn an tsamhraidh. De thaisme, d’fhág siad Marius bocht ina ndiaidh. Bhí a fhios ag an vaimpír go raibh siad imithe go dtí an Trasalváin ach ní raibh a fhios aige conas teacht orthu. Ó shin i leith, chaith sé an chuid is mó den am ag crochadh thart le hAilfí.

‘Níor chuala mé trácht riamh ar vaimpír a raibh uamhan eitilte air,’ arsa Ailfí ar deireadh.

‘Níl aithne agat ar mhórán vaimpírí,’ an freagra a fuair sé.

Rinne Ailfí neamhaird de seo. ‘Is ar mhaithe leatsa atá an plean seo á chur le chéile againn. Le go mbeidh tú in ann a bheith in éineacht le do mhuintir arís sa Trasalváin. Níor shíl tú an fhadhb sin a lua go dtí anois? Tá gach rud ullamh le haghaidh an turais.’

Ní dhearna Marius ach a ghuaillí a shearradh. Lig Ailfí osna. Bhí eitilt agus lóistín curtha in áirithe agus gach costas íoctha ag an dream scannánaíochta. Bhí an conradh sínithe. Bhí gach duine ag brath orthu. Rinne Ailfí dianmhachnamh. Bheadh air teacht ar réiteach. De ghnáth bhíodh sé go maith chuige seo.

‘Cuirfidh taisteal ar thraenacha, busanna agus báid moill orainn. Déanfaidh mé na fiosrúcháin mar sin féin. Ní bheidh an lucht eagraithe pioc sásta ach níl leigheas agam air. An bhfuil aon bhob eile le bualadh agat orm inniu?’ Idir shúgradh agus dáiríre a bhí Ailfí nuair a dúirt sé an méid seo. Ní raibh sé ag súil leis an bhfreagra a thug Marius.

‘Tá rud beag eile.’

Rinne Ailfí miongháire fann. ‘Rud beag eile?’

‘Mo phas – tá sé imithe in éag.’

‘Do phas? Cathain a tharla sé seo?’

‘Tuairim is … cúpla scór bliain ó shin. Ní cuimhin liom go díreach.’

B’in buille na tubaiste. Thit Ailfí ina staicín ar an bpónaireán agus lig geonaíl íseal as.

Ba é an dúshlán a bhí rompu Marius a chur ag aisteoireacht sa Trasalváin os comhair an cheamara. Bheadh sé trioblóideach go leor ach ní bheadh sé dodhéanta. Bhí donnú bréige ceannaithe ag Ailfí. Gan é, ní thiocfadh leo íomhá Marius a fheiceáil i gceart ar an scáileán. Ba é an rud céanna a bheadh i gceist dá mbeidís ag iarraidh grianghraf den vaimpír le haghaidh pas nua. Ach maidir leis na páipéir a bheadh ag teastáil chun an pas féin a fháil, cá dtosóidís?

Den chéad uair, bhí Ailfí idir dhá chomhairle maidir leis an gcinneadh a bhí déanta acu dul go dtí an Trasalváin. Ní raibh sé róthógtha le Stuart de Barra agus a scannán ar an gcéad dul síos. Ní raibh sé ag iarraidh go bhfaigheadh daoine amach gur vaimpír é a chara. B’éigean dóibh an deis a thapú áfach chun teacht ar mhuintir Marius.

Bhí Dainéil ag tnúth go mór leis an turas. Bhí sé sin ríshoiléir. Shíl sé go bhféadfadh sé script scannánaíochta dá chuid a chur faoi bhráid Stuart de Barra agus go nglacfadh an stiúrthóir mór le rá seo leis gan an dara léamh. Cé nár léirigh sé aon tsuim in obair Dhainéil go dtí seo, níor chuir sé drochmhisneach air.

Chuir Marius isteach ar mhachnamh Ailfí.

‘D’fhéadfainn féin eitilt ann,’ ar sé.

D’ardaigh Ailfí a chloigeann agus chuir grainc air féin. ‘Eitilt ann i d’aonar? D’fheicfeá dhá ghealach lán sula mbainfeá an áit cheart amach. Beidh orainn an rud ar fad a chur ar ceal!’ Sheas sé agus mhúch an ríomhaire. ‘Cad a déarfaidh m’athair faoi seo? Ní mór dúinn leithscéal ceart a thabhairt dó. Míniú níos fearr ná nach bhfuil grianghraf agat le haghaidh pas nua ós vaimpír tú, nó nach féidir na cáipéisí cuí a aimsiú duit toisc gur cailleadh iad leathchéad bliain ó shin!’

‘Tá bealaí eile ann,’ arsa Marius go ciúin.

‘Abair leat mar sin,’ arsa Ailfí agus tocht ina ghlór. ‘Mar táimse tar éis mo sheacht ndícheall a dhéanamh plean a cheapadh.’

‘Níl eolas na slí go díreach agam. Ach is cinnte go mbeadh eolas ag duine éigin san Uaimh air. Bhíomar á phlé.’

Bhí cluasa Ailfí ar bior. An Uaimh a thug siad ar an áit inar chónaigh Marius faoi láthair. Ba é sin an reilig a bhí suite laistiar den teach. Roimhe sin, chónaigh sé in áiléar Ailfí. Chodlaíodh sé go minic i seanfholcadán a bhí á choimeád acu ann. Bhí cónra aimsithe ag Marius sa reilig anois agus ní raibh an folcadán ag teastáil a thuilleadh. Ghabh creathán trí Ailfí gach uair a chuimhnigh sé go raibh an chónra sin in úsáid ag duine eile – marbhán eile – sular tháinig Marius uirthi.

images

Bhí cúpla teaghlach eile ina gcónaí sa reilig, nó ag déanamh suiteoireacht ann mar a thug Ailfí air. Le himeacht na seachtainí agus Marius ag teacht agus ag imeacht, bhí Ailfí tar éis teacht ar an tuiscint gur vaimpírí faoi leith iad siúd a bhí ann. Vaimpírí iad a bheadh, b’fhéidir, gan dídean mura mbeadh an áit seo acu. Vaimpírí iad a d’iarr tearmann ann nuair a thuig siad go raibh siad difriúil le daoine eile. Ní raibh an próiseas trínar iompaigh duine ina vaimpír chomh soiléir sin is a shíl Ailfí ar dtús. B’áit é seo a bhféadfadh duine – nó vaimpír – a mheabhair a chruinniú. Ní raibh an scéal iomlán ag Ailfí ós rud é nach raibh sé de mhisneach aige dul róchóngarach don dream seo go fóill – mar cén duine a bheadh ag iarraidh comhluadar a dhéanamh le scata vaimpírí?

‘Bíonn modhanna faoi leith ag vaimpírí,’ arsa Marius ag tagairt don aistear arís. ‘Pléifidh mé leo é.’

Siúd anonn leis an vaimpír chun na fuinneoige agus d’oscail amach í. Phreab sé in airde ar an leac.

Sula raibh deis aige dul níos faide, labhair Ailfí go géar. ‘A Marius!’

Chas an vaimpír. Bhreathnaigh sé ar Ailfí a bhí ag síneadh méire i dtreo dhoras an tseomra.

‘Tá an doras ansin,’ ar sé. ‘Ar mhiste leat dul amach an treo sin faoi mar a dhéanfadh gnáthdhuine?’

Síos ó leac na fuinneoige le Marius d’aon léim éadrom amháin. Bhí aoibh an gháire air agus é ag siúl thar Ailfí. Nach raibh a fhios acu beirt nach gnáthdhuine a bhí sa vaimpír?

2

Malartú

Ón gcéad lá a chas na buachaillí ar a chéile sa scioból ag bun ghairdín an teachín samhraidh, is ar éigean a chaith siad níos mó ná cúpla uair an chloig scartha óna chéile. Cé nach raibh Marius ag cur faoi in áiléar Ailfí a thuilleadh, chaith sé neart ama ina theannta sa teach. Dhírigh sé ar an gcófra bia den chuid is mó – an tae luibhe agus na rollóga figí ach go háirithe.

Agus Ailfí ag fágáil slán lena chara sula ndeachaigh siad go dtí an Trasalváin, b’eol dó nach bhfeicfeadh sé Marius go ceann cúpla lá. Bhí Ailfí le dul ar eitleán, ach bhí Marius chun tabhairt faoi ‘Mhodh na Vaimpíre.’

images

Bhí lucht na hUaimhe chun é a threorú. Bhí Ailfí ag súil go gcuirfidís ar an mbóthar ceart é. Bhí sé beagáinín amhrasach faoin dream sin laistiar dá theach. Ba é an cur síos a thug Marius orthu ná go raibh siad cineál neamhghnách. Ní fhéadfaí a shéanadh gur rud as an ngnáth é duine á lonnú féin i measc na marbh.

Le fírinne, bhí Ailfí pas beag buartha faoin vaimpír. Is beag muinín a bhí aige sna créatúir neamh-mharbha ón reilig ach go háirithe nuair a bhí aistear chomh fada seo i gceist. B’in an fáth a raibh plean cúltaca cumtha aige. Bheadh a chara ag brath air.

‘Tabhair leat an fón póca seo,’ arsa Ailfí.

Bhreathnaigh Marius go fiosrach air. ‘Cé a bheadh ag iarraidh glaoch a chur ormsa?’

‘Duine ar bith, tá súil agam! Ach éist, táim tar éis aip nua a íoslódáil. Gléas rianaithe atá ann. Mar sin beidh tú in ann teacht orm. Tá nasc aige leis an táibléad sin agamsa. Leis sin, beidh a fhios agatsa cá bhfuilimse ag am ar bith má bhíonn an táibléad agam. Coimeádfaidh mise é sin ionas go mbeidh mé fós in ann labhairt le mo mháthair ar Skype. Ní rachaidh tú ar strae.’

Ghlac Marius an fón. Ní raibh ceann dá chuid féin aige ná ní raibh riamh. Bhain vaimpírí leas as modhanna eile chun teagmháil a dhéanamh le vaimpírí eile. Nó b’in an rud a déarfadh sé le hAilfí ar aon chuma.

‘An t-aon mhíbhuntáiste a bhaineann leis seo,’ a lean Ailfí, ‘ná nach mbeidh a fhios agamsa cá mbeidh tusa. Ach ní bheidh tú rófhada uaim! Tá a fhios ag gach duine anseo go mbeimid ag dul thar lear ar an turas seo. Dá bhrí sin, níor chóir go mbeadh aon duine ag cur glaoch ar an bhfón póca.’

‘Níor thug mé an uimhir do dhuine ar bith ach oiread,’ arsa Marius. Bhí Ailfí ar tí freagra a thabhairt air seo ach ní raibh aon deis argóna aige mar bhí an vaimpír fós ag caint. ‘Tá rud éigin agamsa duitse chomh maith. Bheinn buíoch dá mbeifeá in ann aire a thabhairt do mo chlóca ar an turas.’

Shín Marius chuige a chlóca a raibh an líneáil chorcra ann. Bhí ionadh ar Ailfí. Dhá chlóca a bhí ag Marius – an ceann seo agus ceann eile a raibh líneáil dhearg ann. Thug sé aire mhaith dóibh i gcónaí. Is beag rud eile sa saol a bhí ag an vaimpír agus ar ór ná ar airgead ní ligfeadh sé uaidh a chlócaí.

Ghlac Ailfí uaidh é agus rinne é a chuimilt. Ba é seo an chéad uair dó an t-éadach a scrúdú i gceart. Bhí an líneáil istigh chomh glan mín is a bhí sí an chéad lá. Bhí an droim chomh dubh le gual, chomh bog le veilbhit. Bhí patrún éadrom air agus d’fhéadfadh sé léaráidí a bhí fite fuaite sna snáitheanna a dhéanamh amach.

‘Armas mo mhuintire,’ arsa Marius go bródúil.

‘Tá sé go hálainn,’ arsa Ailfí.

‘Beidh sé ag teastáil ar ais uaim!’ arsa an vaimpír go géar ansin.

‘Coimeádfaidh mise slán é.’

Bhí beart amháin eile le cur i gcrích acu sula rachaidís ar an turas. An leithscéal faoi cén fáth nach mbeadh Marius ag dul ar an eitleán céanna le hAilfí agus a athair.

‘Bás duine éigin an leithscéal is fearr,’ a dúirt Marius agus straois air. ‘Tá neart gaolta liom básaithe – nó leathbhásaithe le bheith cruinn.’

Níor shíl Ailfí go raibh sé sin pioc greannmhar. Is air siúd a bheadh an cúram labhairt lena athair agus leis an lucht eagraithe. Ach bhí an ceart ag Marius. Ní ghlacfaidís ach le leithscéal fiúntach agus iad tar éis íoc as na ticéid cheana féin. Ar a laghad, ba í an fhírinne a bheadh á hinsint aige.

images

Cúpla lá ina dhiaidh sin, d’éirigh an t-eitleán san aer, Ailfí agus a athair ar bord.

‘Shílfeá go gcuirfidís sa chéad ghrád sinn,’ arsa Dainéil. ‘Is cuid de lucht an scannáin sinn anois.’

‘Níl ionainn ach cuairteoirí. Marius an réaltóg cheart cé nach bhfuil aige ach mionról,’ arsa Ailfí. ‘Níl sé linn ar an turas seo fiú!’

‘Abair liom arís cé a d’éag?’ a d’fhiafraigh Dainéil go smaointeach ansin.

‘Sin-seanaintín le Marius,’ a d’fhreagair Ailfí go neirbhíseach.

Bhí a athair ag tochas a chloiginn. ‘Shíl mé go raibh sí básaithe tamaillín ó shin.’

‘Ní raibh sí ach leathmharbh an uair sin.’

D’amharc Dainéil ar a mhac agus púic amhrais air. Sheachain Ailfí a shúile. Bhreathnaigh sé thart agus é ag iarraidh teacht ar ábhar cainte eile. Chaith sé súil ar an gclár i bpóca an tsuíocháin os a chomhair amach.

‘Roghnóimid rud éigin ón mbiachlár!’

‘Tá na béilí ordaithe cheana féin,’ arsa Dainéil. ‘Go bhfios dom, níl aon liúntas ann má tá aon rud breise ag teastáil.’

‘Roghnaímis scannán mar sin!’ Bhí dóchas Ailfí ag dul i léig.