cover

Hata Zú Mhamó

Áine Ní Ghlinn

Cois Life
2016

Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

images

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.

An chéad chló 2016 © Áine Ní Ghlinn

ISBN: 978-1-907494-60-4

Íomhá chlúdaigh: Olivia Golden

Dearadh agus clóchur: Alan Keogh

Clódóirí: Nicholson & Bass

www.coislife.ie

images

Do Sheán, Niall & Chonall.

Mo bhuíochas le Niall as a chúnamh le deireadh an scéil.

Mo bhuíochas freisin le Amy O’Brien a tháinig linn ar ár dturas taighde timpeall Zú Bhaile Átha Cliath.

Clár

Caibidil 1

Caibidil 2

Caibidil 3

Caibidil 4

Caibidil 5

Caibidil 6

Caibidil 7

Caibidil 8

Caibidil 9

Caibidil 10

Caibidil 11

Caibidil 12

Caibidil 13

Caibidil 14

Caibidil 15

1

images

‘Fáilte romhat isteach, a stóirín. An maith leat mo hata?’

‘Tá sé … Tá sé …’

‘Nach bhfuil sé go hálainn?’

Céard a d’fhéadfainn a rá? Bhí Mamó ina suí ina seomra beag sa teach altranais agus hata nua uirthi. Chun an fhírinne a rá, ní thabharfainnse álainn air.

Éagsúil? Cinnte. Ní raibh aon cheist faoi sin.

Spéisiúil? Gan amhras.

Ach álainn?

Chuimhnigh mé ar sheanfhocal a bhí againn ar scoil – ‘Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.’

Ba é an míniú a bhí ag Iníon Uí Riain air sin ná go gceapann gach tuismitheoir ar domhan go bhfuil a pháiste féin go hálainn. Gurb é a pháiste féin an páiste is áille, is gleoite a rugadh riamh.

Cé hé mise, mar sin, lena rá go raibh nó nach raibh hata mo Mhamó go hálainn?

Bhí sí ag breathnú orm, í ag fanacht ar mo fhreagra.

‘Bhuel,’ arsa mise, ‘d’fhéadfá a rá!’

Leath meangadh gáire ar aghaidh Mhamó.

‘Bhí a fhios agam go dtaitneodh sé leat,’ ar sise. ‘Seo mo hata zú.’

Hata zú? Ahá, chuige sin más ea, na cleití péacóige! Agus an rud ar a chúl ar nós eireaball léamair. Níor thuig mé an cheirt sin chun tosaigh, áfach. Í mar a bheadh ciarsúr mór dearg ag titim isteach ina súile! Ná níor thuig mé cén fáth a raibh hata – go háirithe an hata aisteach seo – ar Mhamó ar an gcéad dul síos. Bhí sé ag druidim le ham lóin. Bheadh altra nó cúntóir altranais ag teacht nóiméad ar bith chun Mamó a thabhairt chuig an seomra bia.

Bhí mé féin ar saoire ón scoil don lá agus coinne déanta agam bualadh le mo chairde san ionad siopadóireachta. Bhí scrúduithe na Cásca díreach thart agus bhraith mé féin agus mo chairde go raibh sos tuillte againn. Ba é an plean a bhí againn ná roinnt siopadóireachta a dhéanamh ar dtús agus dul chuig scannán ina dhiaidh sin. D’iarr mo mham orm cuairt a thabhairt ar Mhamó ar dtús, áfach. Bhí Mamó tar éis a bheith ar an bhfón níos luaithe ar maidin agus í ag iarraidh go mbuailfinnse isteach chuici.

‘Mo hata zú,’ arsa Mamó arís. Scáthán ina lámh chlé agus a cloigeann á chasadh ó thaobh go taobh aici.

‘Do hata zú? Agus cén fáth a bhfuil hata zú ort?’

A luaithe is a bhí na focail sin as mo bhéal rith sé liom go mb’fhéidir gurbh fhearr gan an cheist sin a chur.

Bhí mo mhamó ag druidim le bliain is nócha d’aois. Ní déarfainn go raibh meath na haoise uirthi ach bhuaileadh taomanna beaga í ó am go chéile. Bhíodh sifil nó seachrán éigin intinne uirthi ar feadh cúpla uair an chloig ansin agus ar feadh an achair sin ní fhéadfá aon chiall a bhaint aisti. B’fhéidir gurb é seo a bhí uirthi anois.

Tharraing mé chugam an fón póca chun an scéal a phlé le mo mham. Chuimhnigh mé, áfach, go raibh sise chun a bheith gafa an lá ar fad le cruinnithe agus go mbeadh a fón múchta aici. Chuir mé m’fhón póca ar ais i mo phóca.

Bhí Mamó fós ag breathnú uirthi féin sa scáthán agus an hata á chasadh thart aici lena lámh dheas. An ciarsúr ag titim anuas ar a cluas chlé anois. Bhí sé fós aisteach ach beagáinín beag níos fearr ná mar a bhí.

‘Buailimis bóthar mar sin!’

‘Cé …?’

Leag sí uaithi an scáthán. Sheas sí suas agus rug ar a maide siúil. Trasna léi go mall go dtí an vardrús agus thóg amach a cóta.

‘Seo, a stóirín. Cuidigh liom. Bíonn deacracht agam leis na muinchillí.’

Cén tsifil a bhí uirthi? Agus í mar seo, áfach, níorbh fhiú cur ina coinne. Chabhraigh mé léi leis na muinchillí.

‘Anois,’ ar sise arís, ‘buailimis bóthar.’

‘Buailimis bóthar?’ arsa mise. ‘Agus cá bhfuil ár dtriall?’

‘An zú. Táimid ag dul chuig an zú.’