an tIriseoir
Michelle Nic Pháidín
Cois Life
2015
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2016 © Michelle Nic Pháidín
ISBN 978-1-907494-57-4
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Nicholson & Bass Ltd.
www.coislife.ie
CLÁR
Caibidil 1
Caibidil 2
Caibidil 3
Caibidil 4
Caibidil 5
Caibidil 6
Caibidil 7
Nóta don léitheoir
Ficsean atá sa leabhar seo. Cé go bhfuil fíor-áiteanna luaite sa scéal, baineann gach carachtar sa leabhar, chomh maith leis na nuachtáin uilig, le réimse na samhlaíochta amháin.
Rinne na heagarthóirí an caighdeánú ba lú ba ghá ar an téacs seo, le súil go léireofaí caint agus friotal na gcarachtar mar ba chóir, ach le súil go mbeadh an saothar soléite ag cách san am chéanna.
1
D’amharc sí amach fuinneog an chairr agus chonaic sí go raibh an ghealach go fóill ina suí mar a bheadh blaosc ann i spéir dhúghorm na cathrach.
Shín sí í féin siar i suíochán an chairr agus mhothaigh sí smeachanna an chodlata ag éalú óna corp.
Ní raibh sé ach a seacht a chlog ar maidin agus bhí an saol ina shuí, soilse bána na gcarranna ag tarraingt uirthi ag sileadh nathracha airgid ar an bhealach fliuch agus na soilse dearga stadta roimpi ag baint na súl aisti.
Chuir sí an raidió ar siúl agus d’éist le girseach agus fear óg éigin ag iarraidh ardú meanman a thabhairt do thiománaithe na maidine. Bhí an deargfhuath aici orthu. Shamhlaigh sí i dtólamh go raibh saol bog acu, na dúramáin seo. Daidí agus mamaí ag cur bia ar an tábla i mbruachbhaile saibhir cathrach a fhad agus go ndearna siad freastal ar an choláiste lena gcuid cairde ardnósacha.
Murab ionann is í féin arbh éigean di oibriú faoi choinne achan rud a bhí aici ar an choláiste. Mhúch an néal dubh a bhí os a cionn nuair a smaointigh sí go mbeadh sí ag obair in The Irish Telegraph mar iriseoir coiriúlachta ón lá inniu ar aghaidh.
Bhí toradh ar a saothar agus ba thrua don té a dhéanfadh seasamh sa chosán aici. D’amharc sí sa scáthán agus chonaic sí cailín, 35 bliana d’aois, le súile donna agus gruaig bhán. Bhí smideadh istigh aici agus bhí a cuid fáinní cluaise ag glioscarnach ar achan taobh dá haghaidh bheag dhóighiúil. Bhí marc ar a clár éadain agus ag imeall a súile ach bhí smideadh go leor orthu sa chaoi agus nach ndéanfadh duine ar bith iad a aithint.
‘Déanfaidh mé cúis,’ a dúirt sí léi féin go sásta.
Thiomáin sí timpeall an fhoirgnimh mhóir agus d’inis sí don fhear slándála go raibh sí ag toiseacht mar iriseoir inniu. Rinne sé scairt ghutháin, rinne gáire léi agus thóg an bhacainn dhearg agus bán a sheasaigh idir í féin agus an foirgneamh lena scaoileadh isteach.
Shiúil sí isteach san fhoirgneamh. D’aithnigh sí go raibh cúrsaí slándála measartha trom le cóid ar ardaitheoirí agus ar dhoirse. Nuair a d’éirigh léi fáil isteach san ardaitheoir bhí bean óg ghalánta istigh roimpi. Sheasaigh Bríd siar ag caitheamh sracfhéachaint ar na bróga, an t-éadach agus an mála. Faoin uair a d’éalaigh sí as an ardaitheoir bhí a fhios aici cad é an méid airgid a bhí caite ag an bhean ghleoite ar a ceirteacha. Shiúil an bhean óg ghleoite isteach go taobh an tseomra a bhí ag déileáil le fógraíocht agus shásaigh seo Bríd.
Chonaic Bríd go raibh an seomra nuachta i mbun oibre agus uair fós le dul sula raibh am oifigiúil toiseachta ann. Bhí trí theilifís ar siúl, an raidió san fhuinneog casta ar siúl agus fir i gcultacha éadaigh le canúint na Sasanach ag scairteadh ar a chéile faoi scéalta a bhí ag briseadh thar dhroim an domhain. Gach fear acu lena thuairim oilte féin. Cultacha éadaigh dúghorma agus bróga donna á gcaitheamh ag an mhórchuid acu.
Shiúil Bríd suas go dtí an deasc nuachta. Bhí an t-eagarthóir nuachta ina shuí ansin. Chas sé a lámh agus d’amharc sé ar a uaireadóir, ghlan a sceadamán agus labhair go gasta.
‘Maidin mhaith. Is mise Ciarán Ó Gallchóir. Glacaim leis gur tusa Bríd. Sin do shuíochán thíos ansin. Má tá tú deas inseoidh duine den fhoireann duit cad é an dóigh leis an ríomhaire a úsáid. Déan na nuachtáin náisiúnta a léamh ar dtús, coinnigh do chluas leis an raidió agus déan na suíomhanna gréasáin a chíoradh, na meáin shóisialta san áireamh,’ a dúirt sé.
D’inis sé di go mbeadh an príomheagarthóir istigh ar a haon déag do chruinniú na nuachta agus bhagair sé di scéalta réasúnacha a bheith réidh aici di. Sula bhfuair Bríd deis faic a rá bhí sé ar an fhón agus ag tabhairt comhartha di lena lámh imeacht uaidh.
Shiúil Bríd go deasc a bhí suite ag taobh na fuinneoige. D’amharc sí amach an fhuinneog agus chonaic sí go raibh blaosc na gealaí ina scáil cheana féin ag bagairt bhánú an lae. Chruinnigh sí léi lasta nuachtán agus shuigh síos arís. Thosaigh sí ag léamh na nuachtán chomh gasta agus a thiocfadh léi.
D’aithnigh sí go raibh daoine thart uirthi ag gearradh amach na scéalta a raibh suim acu iontu. Scrúdaigh Bríd na scéalta agus thóg amach ceann nó dhó. Bhí sí ag éisteacht leis an raidió i rith an ama. Níor bhac sí leis an ríomhaire. Bhí pasfhocal de dhíth agus go dtí seo níor bhac duine ar bith labhairt léi. Rinne sí na suíomhanna gréasáin uilig a sheiceáil ar a fón agus í ag guí le Dia go ndéanfadh duine éigin suas léi ag an chruinniú nuachta.
Go tobann bhí rásaí faoin tseomra nuachta agus shiúil bean isteach agus gan labhairt le duine ar bith, chuaigh sí díreach isteach sa tseomra oifige taobh leo. D’amharc Bríd ar a fón agus chonaic sí go raibh sé deich mbomaite go dtí a haon déag.
Chonaic sí an t-eagarthóir ag doirteadh amach caife di féin agus ag tógáil an fhóin.
Go tobann mhothaigh sí Ciarán ag scairteadh.
‘Cruinniú anois. Gabh achan duine isteach.’
Rith an fhoireann isteach, na fir leis na cultacha éadaigh anois ar nós uain Mhárta in ionad na cainte sean-aimseartha a bhí ar siúl acu ar maidin.
Cé nach raibh gach duine ina suí thosaigh Bean Uí Shúilleabháin, an t-eagarthóir, ag caint.
‘Maidin mhaith. Tá sé anois cúig bhomaite go dtí a haon déag ar maidin Dé Domhnaigh, an ceathrú lá de mhí Eanáir. Tá cruinniú agam ar a haon. Mar sin cuir tús leis an chruinniú, a Chiaráin.’
A fhad agus bhí Ciarán ag caint bhí an t-eagarthóir ag amharc ar a cuid ingne snasta dearga.
‘Bhí dúnmharú ann oíche Dé hAoine. Fuair nuachtáin an Domhnaigh an mhórchuid. Labhair na teaghlaigh. Is beag a thig linn a dhéanamh ag an phointe sin ach fanacht ar na Gardaí stiúir a thabhairt dúinn,’ a dúirt sé.
Chuir Bean Uí Shúilleabháin suas a lámh agus stop sí é.
‘Ní fhaca mise tagairt ar bith sna nuachtáin go raibh baint aige le mangairí drugaí in iarthar na cathrach. Glacaim leis go bhfuil tús curtha le cogadh talaimh?’
Níor labhair Ciarán. Chaith Bean Uí Shúilleabháin síos an fón.
‘Bhuel, ’bhfuil mé ceart nó contráilte?’
Labhair fear óg a bhí ina shuí ag a taobh.
‘Deirtear go raibh ceangal ann. Déanfaidh mé iarracht labhairt le duine acu inniu.’
‘Ceart go leor,’ a dúirt Bean Uí Shúilleabháin agus shlog siar bolgam caife.
Líon boladh pónairí caife an seomra agus ar feadh soicind bhí suaimhneas ann.
‘Déanaigí deifre,’ a dúirt sí go cantalach, ‘’bhfuil rud ar bith eile seachas sin ar siúl? Déanaigí deifre. ’Bhfuil fonn ar bith oraibh scéal maith a chur romham?’
Chuir siad siúd a bhí i láthair a gcuid smaointe in iúl: imreoir ar fhoireann rugbaí na hÉireann ag troid taobh amuigh de chlub oíche, fadhb airgeadais ag baincéir saibhir éigin, casadh ar scéal fheachtas na dtáillí uisce agus fear a rinne éigniú ar pháistí a scaoileadh saor.
Thóg Bean Uí Shúilleabháin a ceann.
‘Fág na táillí uisce ag an chomhfhreagraí Dála; níl suim ar bith agam san imreoir rugbaí; déan píosa gairid ar leathanach a seacht má tá comhad imithe chuig an DPP; fadhb airgeadais an bhaincéara, tabhair thusa leat sin, a Chiaráin, tá tusa mór go maith le lucht an airgid agus, a Bhríd, tabhair leat an scéal faoin fhear atáthar ag géarú chun siúil.
‘Tá rún agam go mbeadh sin ar an leathanach tosaigh má labhraíonn duine de na híospartaigh. Níor labhair duine ar bith acu go dtí seo agus más buan mo chuimhne ba scéal mór a bhí ann de bharr an oiread sin daoine a ndearna an fear céanna seo mí-úsáid ghnéis orthu. Sin a bhfuil,’ a dúirt sí ag coimeád sracfhéachaint orthu uilig agus ag tiontú chuig an ríomhaire ar a deasc.
Bhí an fhoireann uilig den bharúil go raibh Bean Uí Shúilleabháin níos géire ná mar a bheadh eagarthóir fireann ar bith, ach ghlac siad leis gur sin an rud a d’fhág sa phost í ó thús deireadh.
Bhí Bríd imníoch faoina scéal féin. Ní jab furasta a bhí ann tabhairt ar íospartach ar bith labhairt. Go minic bhí Bríd den bharúil go ndearna na meáin dochar d’intinn na n-íospartach leis an dóigh ar phléigh siad leo; lár stáitse a thabhairt dóibh ar feadh seachtaine agus iad a chaitheamh ar leataobh ansin go dtiocfadh lúb úr sa scéal agus dhéanfadh na meáin a saol a roiseadh arís agus d’fhágfadh siad na híospartaigh lom agus folamh.
Ach, sin an jab a bhí aici agus bheadh uirthi é a dhéanamh go cinnte gasta.
‘A Bhríd, tar isteach anseo,’ a dúirt Bean Uí Shúilleabháin.
‘Tuigim go ndeachaigh muidne sa tóir ortsa. Coinnigh thusa cuimhne go bhfuil go leor daoine ar mhaith leo a bheith sa phost chéanna leat anseo, níl tú sa Donegal Gazette anois, achan lá beidh ort an scéal is fearr, leis na fíricí is fearr a thabhairt chun tábla agus sin a bhfuil ann de.’
Rinne sí comhartha i dtreo an dorais.
‘Agus na daoine sin amuigh ansin, ní cairde iad, beidh éad orthu leat agus an soicind a thiteann tú ar scéal beidh siad i do mhullach mar a bheadh paca leon ann, sin a bhfuil,’ a dúirt sí.
Shiúil Bríd amach agus dhírigh ar an deasc.
Rinne sí cuardach ar an scéal ar an idirlíon agus d’aimsigh cúlra an scéil.
Fuair sí uimhir an abhcóide a bhí ag déileáil leis an chás ar son an fhir agus chuir scairt air. Chuir sé iontas uirthi go raibh sé chomh cuidiúil; dhearbhaigh sé na blianta agus an áit ar tharlaigh na heachtraí. Bhí siad ar an mhórchuid i dtuaisceart na cathrach.
Suas go dtí an deasc le Bríd agus d’iarr cead an oifig a fhágáil. Thuig Bríd na buanna a bhí aici, dá mbeadh sí ábalta díriú isteach ar dhaoine sa cheantar bheadh an scéal léi. Bheadh daoine i dtólamh cainteach nuair a bhí duine i láthair.
Scaoil Ciarán saor í. Isteach sa charr léi. Chuir sí na comhordanáidí isteach san fhón agus dhírigh ar an cheantar.
Agus í ag tiomáint tríd an chathair, shamhlaigh Bríd an trácht uilig ag sileadh isteach agus amach as croí na cathrach, mar a bheadh féitheacha na beatha ann.
Nuair a shroich sí an áit, chuaigh sí chuig an ollmhargadh le buidéal uisce a cheannach. Bhí an fón ag bualadh; an deasc a bhí ann.
‘Ádh ar bith go fóill?’ Glór Chiaráin a bhí ann.
‘Níl mé ach i ndiaidh cur fúm anseo,’ a d’fhreagair Bríd go gasta.
‘Bhuel, déan deifre. Tá bus i ndiaidh imeacht den bhealach cúpla míle uait agus beidh ort na sonraí sin a chlúdach chomh maith,’ a dúirt sé agus ansin bhí sé imithe.
D’iarr Bríd buidéal uisce ar fhear an tsiopa. Thóg fear an tsiopa spiorad Bhríd lena chuid cainte agus a nós gealgháireach.
Ghlac Bríd an deis.
‘Is iriseoir mise le The Irish Telegraph. An bhfuil a fhios agat go bhfuil siad ag scaoileadh chun siúil amárach an fear a rinne mí-úsáid ghnéis ar pháistí ar an tsráid seo? Ní bheadh a fhios agat cé a dtiocfadh liom labhairt leis faoin scéal?’
D’amharc an fear uirthi ar feadh soicind agus líon a chuid súl le deora.
‘Tá a fhios agam an scéal go rímhaith, ar an drochuair. Ní thig liom a chreidbheáil go bhfuil siad ag scaoileadh an ainmhí sin saor. Rinne sé mí-úsáid ghnéis ar mo nia féin. Mhill sé a shaol. Is é leabhar a ba chóir duit scríobh. Leabhar a deirim leat!’ ar sé, ag bualadh a dhoirn ar an tábla a bhí eatarthu.
The Donegal Gazette
D’amharc sí amach an fhuinneog agus chonaic sí an ghealach lán. D’amharc sí amach ar na foirgnimh ar éagsúlacht airde, ar nós méarchlár pianó, ag tarraingt isteach uirthi agus bhuail uaigneas tobann í san árasán bheag.
Cé gur stop sí ag caitheamh tobac le sé bliana, bhí paicéad i dtólamh léi ar eagla na heagla. Tharraing sí ceann dá cuid boscaí as a chéile go bhfuair sí iad. Shuigh sí siar agus chaith sí ceann. Nuair a bhí sí críochnaithe rinne sí cinneadh ceann eile a bheith aici amárach.
Chuaigh sí a luí faoin ghealach lán an oíche sin ach níor chodlaigh sí.