cover

Rogha Alt

An Peann Coitianta (1989–2003)

Liam Ó Muirthile

Cois Life
Baile Átha Cliath
2014

images

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.

Is le cabhair deontais i gcomhair tograí Gaeilge a d’íoc An tÚdarás um Ard-Oideachas trí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a foilsíodh an leabhar seo.

An chéad chló © 2014 Liam Ó Muirthile

ISBN 978-1-9074944-7-5

Clúdach agus dearadh: Alan Keogh

Clódóirí: Nicholson and Bass

www.coislife.ie

Clár

Nóta buíochais

Réamhrá: An Peann Coitianta agus an colúnaí neamhchoitianta Regina Uí Chollatáin

Baile an áir

Domhan Disney

Sna hAlpa Arda

Uiscí faoi thalamh

Buachaillí an Railroad

Cailíní an fhactory

Regular Ireland

Big Mac agus Mic Mac

Na Géanna Fiáine

La Isla de Borondón

An falla beo

Cois Móire

Gairleog fhiáin

Flúirse an fhómhair

Cúinne an phúca

Ceardaí maorga cathrach

Aindí an saorthaistealaí

Odaisé spáis

Na pointí tadhaill

Arán laethúil

Fíor-Thuaidh

Cuair an ghrá

Pánaí gloine

I mbun na leanaí

Déithe na hiomána

Brí agus rithim

Comhrá na gcamán

Bunmhianach an chamáin

Ó, lucky muid

Á, poor iad

Madraí na Nollag

Óró Anró

Litir ó Haifa

Eachtraí Slim

Eachtraí Slim arís

An Ghréig ar an nGráig

An mheánaois nua

Athchuairt ar an bparlús

Athchuairt ar Oirialla

Bodhrán agus lambeg

Burke agus Eoghan Rua

Eoghan Rua agus cognac

Cnagaire sa Ghaeltacht

Comhrá na gcromán

Comhrá na ngunnaí

Craos na fola

Cnoc an áir

Creill nár buaileadh

Dáibhí de Barra

Focail ghonta

Fógra bia sa Ghorta

Glugarnach na beatha

I ngrá le gráin

Marú seicteach eile

Liodán na buamála

Moh varool

Johnny na mbád

Lá den saol plaisteach

Le temps de vivre

Macalla ó Ghleann an Phúca

Scéalta as Tír na nÓg

Scuaine dhearóil na mban

An ghlúin éigeantach

Eotanáis

Aithreacha Burgerland

Cad d’imigh ar an tSiúr Eilís?

Smaointe sa dúluachair

An teilifís agus cumhacht pholaitiúil

An dtagann Godot?

Ógánach cathrach sa Ghaeltacht

Fágann an Blascaod slán leis na fámairí lae

Lá ag an gcruinniú mullaigh

Bearna idir dhá aicme

Parlaimint Chlainne Cathail

Scannán gleoite gan cháim

Buirgléir agus an seanduine

Kruger san Aircív Náisiúnta

Cuimhní ar shaol sráide

‘Only the lonely’

Cín lae Amhlaoibh

File a thaithigh campa an uafáis

Uisce a chur ina sheasamh

Fionn Mac Cumhaill

Túir an Áir

Réamhrá an údair le Ar an bPeann (2006)

Nóta buíochais

Tá na dréachtaí sa chnuasach seo curtha díom agam le fada, ach tá splanc na beatha i gcuid éigin díobh go fóill is cosúil, a rá is gurbh fhiú le Regina Uí Chollatáin agus le hAisling Ní Dhonnchadha a rogha féin a dhéanamh díobh. Táim fíorbhuíoch díobh beirt.

Chuireas féin breis bheag lena rogha.

Bhí an claonadh ionam atheagar a chur ar roinnt díobh; níor bhaineas leo ach amháin i gcás an riachtanais. Tá argóint láidir ann ar son gan baint le dréachtaí seachtainiúla nuachtáin, agus iad a fhágaint tur-te as an oigheann. Fuaraíonn siad mar is dual. Obair cheirde atá inti, tar éis an tsaoil.

Tá a raibh le rá agam i dtaobh na colúnaíochta, agus mé díreach éirithe as an gceird, coinnithe slán sa réamhrá a bhí le Ar an bPeann (2006), agus é i ndeireadh an chnuasaigh seo anois. Tuigeadh dom gurbh fhearr gan puinn a chur leis sin, sa mhéid is go bhfuil cúinsí na colúnaíochta agus na scríbhneoireachta i gcoitinne athraithe ó bhonn ó shin, fiú, agus go mbaineann an saothar seo le tréimhse áirithe a bhí faoi réir ag cúinsí a cheaptha agus a tháirgthe.

Táim buíoch de Regina Uí Chollatáin, ar leith, as an réamhaiste chuimsitheach, léargasach atá aici leis an gcnuasach seo. Braithim go soláthraíonn sí bunús úr chun athmhachnamh a dhéanamh ar an gceist seo ar fad, saothrú clóite na Gaeilge.

Liam Ó Muirthile
Aibreán 2014

Réamhrá:
An Peann Coitianta agus
an colúnaí neamhchoitianta

Regina Uí Chollatáin

Spéis dhiamhair agam féin riamh anall i gcumas seo teanga ‘chun an bheart a dhéanamh’ pé beart é, mo phríomhspreagadh féin. Dúil chomh maith i dtaobh na meicníochta de theanga, is é sin, na mionchlocha agus na spallaí seachas na clocha móra amháin, féachaint cén tógaint ab fhéidir a chur i gcrích. Taobh na saoirseachta agus na ceardaíochta ionam féin é ar brainse amháin é den intleacht. (Ar an bPeann, 8).

Is í an spéis dhiamhair a dtagraítear di anseo a mheallann an léitheoir isteach i ndomhan Uí Mhuirthile agus é i mbun pinn. Ba é a thug colúnaíocht liteartha na Gaeilge thar thairseach an aonú haois is fiche agus stíleanna úra scríbhneoireachta á múnlú aige trí aclú nuálach teanga a thrasnaíonn teorainneacha agus seánraí scríbhneoireachta.

Téann an dlúthbhaint idir cleachtaí seanbhunaithe scríbhneoireacht na Gaeilge agus coincheap na hiriseoireachta i bhfad siar i dtraidisiún scríbhneoireacht na Gaeilge. Tá fréamhacha na hiriseoireachta Gaeilge lonnaithe i gcumas na teanga chun an ‘beart a dhéanamh,’ ag brath ansin ar chumas an scríbhneora féin chun an beart céanna a chur i láthair an léitheora i stíl agus i bhfoirm atá feiliúnach don fhóram. Ón uair ar scríobh Liam Ó Muirthile a chéad bhlúirí pinn d’éirigh leis an ‘beart’ a chur i láthair i slí a lig don léitheoir páirt a ghlacadh in insint an scéil agus a bheith ‘i láthair’, mar atá léirithe sa chur síos a thugann sé ar a chéad phíosaí i nuachtáin agus in irisí. Tá an míniú seo bunaithe ar alt in iris na nGasóg:

Obair cheirde í seo, an cholúnaíocht, saoirseacht focal. I nuachtáin agus in irisí a scríobh mé na chéad bhlúirí riamh a foilsíodh … Is cuimhin liom go ndúirt páirtí de mo chuid sna Gasóga gur bhraith sé go raibh sé ‘i láthair ag an gcampa’ tar éis m’alt a léamh. Thug sé sin misneach dom. Focail mhisnigh is buaine sa saol. (An Peann Coitianta 2, 1).

Tá claochlú suntasach curtha i bhfeidhm ar fhoirmeacha ilghnéitheacha na hiriseoireachta ó cuireadh os comhair an phobail iad i bhfóram struchtúrtha den chéad uair le foilsiú Bolg an tSolair i mBéal Feirste in 1795. A bhuí d’iliomad iriseoirí cumasacha agus scríbhneoirí oilte, tá an fóram seo á shaothrú i gcónaí. Aithnítear iriseoirí ar leith, ar scríbhneoirí cruthaitheacha iad chomh maith, ar an dornán iriseoirí a leag rian eiseamláireach ar mhúnlaí agus ar fhoirm na hiriseoireachta Gaeilge i rith an fichiú haois, Brian Ó Nualláin, Ciarán Ó Nualláin, Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Dónall Mac Amhlaigh, Breandán Ó hEithir, cuir i gcás. Ina measc siúd chomh maith tá Liam Ó Muirthile, a thug an iriseoireacht agus an seánra scríbhneoireachta a cruthaíodh le dul i ngleic leis an ‘mbeart’ a dhéanamh, thar thairseach na mílaoise. Éilíonn sé gur tuigeadh dó ‘gur promhadh pinn leanúnach ab ea an cholúnaíocht.’ (Ar an bPeann, 15). D’éirigh agus éiríonn leis modh inste an scéil a athrú ó bhonn nuair a bhíonn gá leis. Déanann sé é seo tríd an aclú teanga a dtagraíonn sé dó go minic trí ionramháil a dhéanamh ar fhoirmeacha ar leith scríbhneoireachta agus tríd an imeartas focal is dual dó ina chuid colúnaíochta.

Go minic braitheann cur i láthair nó insint an scéil ar na hábhair a bhíonn á ríomh aige; an dóigh go mbaintear úsáid as gnáthshuíomh clainne in ‘Aithreacha Burgerland’ chun aonarachas an athar aonair agus é ag dul i ngleic le cuairt an Domhnaigh, a chur in iúl agus a ardú; an t-imeartas focal ar ‘Regular Ireland’ nuair a cheistítear cad is ‘regular’ ann i gcomhthéacs staid pholaitíochta Thuaisceart Éireann, nó i ‘Liodán na Buamála’ nuair a úsáidtear ceann de sheanchleachtaí na dteaghlach Caitliceach agus an liodán á aithris de ghlanmheabhair acu i ndiaidh Choróin Mhuire laethúil na clainne. Ní gnáthliodán atá ann ach liodán a dhéanann athrá ar an bhfrása ‘tá siad ag buamáil Londan’, chun sceon na heachtra a chur in iúl. Ag an deireadh impítear ar na sceimhlitheoirí éirí as ‘in ainm ár sinsir … in ainm ár mbeo’, le ‘Go dtaga foighne. Go stada an roth ag casadh.’ Sampla eile de mhodh inste an scéil ná an tslí a gcuireann sé saol agus cruthaitheacht scríbhneora a raibh tionchar mór aige air, Seán Ó Ríordáin, i gcomhthéacs na streachailte inmheánaí i saol an scríbhneora sin agus é ag dul i ngleic le cruachás an tinnis a d’fhulaing sé. Is leor an íomhá a chruthaítear i dteideal an ailt seo a shamhlú chun an géibheann a raibh Ó Ríordáin faoi ghlas ann i rith a shaoil a thuiscint. ‘File a thaithigh campa an uafáis’ an teideal atá i gceist agam anseo. Íomhá i dteideal eile a chuirtear os comhair an léitheora ná ‘An falla beo’, a thosaíonn amach le plé ar Andalucia na Spáinne ach a chuireann comhthéacs na Gaeltachta in Éirinn i láthair an léitheora. Cé a shamhlódh na cosúlachtaí idir an dá shuíomh agus an dá thimpeallacht seo nuair a deir sé, ‘B’fhéidir gurb í Andalucia an Ghaeltacht is fairsinge dá bhfuil ann anois’, agus é ag leanúint le comparáid idir ‘An caidreamh pobail daonna sin, an cruatan a bhí, an bochtanas, an imirce’ mar ‘shuáilce éigin in Andalucia a bhraitheas fadó sa Ghaeltacht.’

Áirítear na scríbhneoirí seo mar iriseoirí eiseamláireacha an fichiú haois, ach ba é Liam Ó Muirthile ba mhó a d’aithin an gá le ‘foirmeacha eile a thabhairt chun cinn, síneadh a bhaint as an líne, as cineál an fhriotail féin, an rud a bhriseadh chun é a chur le chéile ar shlí nua.’ (Ar an bPeann, 7). Ba é an ‘briseadh’ seo a chuir claochlú eile i bhfeidhm ar cholúnaíocht nua-aimseartha na Gaeilge san aonú haois is fiche; ar bhonn íorónta ba bhriseadh é a chuir le coincheap an leanúnachais de thoradh scríob pinn i dtraidisiún na scríbhneoireachta Gaeilge.

Forás agus éabhlóid an cholúin

Ní gan bhunús a d’eascair na stíleanna úra scríbhneoireachta seo a bhláthaigh ó ré na hAthbheochana anuas go dtí an lá atá inniu ann, agus iad fréamhaithe i múnlaí agus i gcleachtaí pinn i dtraidisiún seanbhunaithe scríbhneoireacht na Gaeilge. Roimh an Athbheochan, ba í an chéad chéim eile a lean na cleachtaí traidisiúnta seo ná bunú na n-irisí. Ar an iomlán áfach, toisc go raibh irisí ceangailte le heagraíochtaí agus le meon ar leith d’fheidhmigh siad mar shuaitheantais na ngluaiseachtaí agus na físe a raibh siad ceangailte leo (Ballin 2008:2). D’fhéadfaí a áiteamh gurbh amhlaidh a bhí i gcás na gcolún a cuireadh i gcló i nuachtáin a raibh baint acu le meon ar leith, mar ba shuaitheantas ann féin iad na chéad cholúin Ghaeilge sa chéad áit, a léirigh an tiomantas don Ghaeilge, don ghluaiseacht chultúrtha, agus uaireanta don ghluaiseacht pholaitiúil. Sampla de seo ná an dóigh a ndúirt scríbhneoir amháin in The Celt i gCill Chainnigh in 1858 gurbh ionann náisiúnachas agus teanga náisiúnta. Chuir sé in iúl gurbh í an Iodáilis ba chúis le haontú na hIodáile agus dúradh go raibh nuachtáin inimirceacha sna Stáit Aontaithe i dteangacha dúchais na ndaoine. Cáineadh an preas Éireannach toisc easpa ábhair i nGaeilge. (The Celt, Iúil 1857; Lúnasa 1858).

Mar sin bhí ‘mionchlocha’ agus ‘spallaí’ de chineál eile á dtógáil le traidisiún na gcolún Gaeilge sna nuachtáin réigiúnacha ó 1850 ar aghaidh. (Legg 1999: 99). De réir na fianaise atá ar fáil, ba iad The Nation (c.1860), The Tuam News (1871–1904), The Cashel Gazette (1864–1893), agus The Celt (Port Láirge, Deireadh Fómhair 1876– Iúil 1877) na nuachtáin Bhéarla ba mhó a raibh colún Gaeilge iontu sa chuid dheireanach den naoú haois déag. (Uí Chollatáin 2004: 252–6). Is cosúil nár foilsíodh colún Gaeilge i nuachtáin réigiúnacha na hÉireann roimh 1870 agus go raibh an coincheap seo i bhfad chun tosaigh i gceantair áirithe thar chinn eile. Bhí Gaeilge áirithe in irisí Gaeilge agus irisí ‘Ceilteacha’ sa Ghearmáin, sa Fhrainc, sa Bhreatain Bheag, agus sna Stáit Aontaithe faoin am seo chomh maith agus bhí plé ar an Ghaeilge mar aon le liostaí focal agus véarsaí beaga amhrán ar an Dublin Penny Journal faoi eagarthóireacht George Petrie ó 1833 agus ar The Citizen faoi chúram William Elliot Hudson ó 1842. (Nic Pháidín 1987: 72). Níor chleachtadh imeallach é seo agus ar an taobh eile den Atlantach téann traidisiún na gcolún Gaeilge siar go dtí an naoú haois déag chomh maith. Cé go raibh cosúlachtaí idir an preas Gael-Mheiriceánach agus preas na Gaeilge in Éirinn féin, bhí cúrsaí teanga chun tosaigh i gcolúnaíocht na hAthbheochana in Éirinn. Léiríonn Máirtín Ó Cadhain gur samhlaíodh tuairimíocht agus náisiúntacht na nGael le saothrú na Gaeilge i nuachtáin na Stát Aontaithe, agus comparáid á déanamh aige idir ábhar Gaeilge na nuachtán i Meiriceá agus in Éirinn timpeall an ama chéanna:

Bhí Gaelic Department, ’sé sin, sean-amhráin Ghaeilge, ceachtanna beaga Gaeilge, scéalta beaga uaireanta, san Irish American i New York ó thús 1869. Bhí a mhacasamhail sa Nation abhus in 1859, sa Tuam News agus ina dhiaidh sin sa Tuam Herald, sa Shamrock ó 1872 go dtí 1875, san Irishman agus dhá réir sin … Thosaigh litreacha ag moladh an Ghaeilge a athbheochan san Irish World i Meiriceá in Eanáir 1872. ‘Shall it be revived … the tongue that the immortal Liberator loved so well’, adúirt Michael Noonan áirithe. Ar 25ú lá de Bhealtaine an bhliain sin bhí litir ann faoin ainm chleite Gael: ‘The Irish language should be cultivated in order to maintain Irish ideas and Irish nationality in their integrity.’ (Ó Cadhain 1972: 52–3).

An amhlaidh mar sin go raibh tuiscint níos fearr ar ionramháil an smaointeachais ar ardán na nuachtán seo sna Stáit Aontaithe agus na colúin Ghaeilge thosaigh á múnlú acu? Bhí neart nuachtán Gael-Mheiriceánach ann a raibh Gaeilge iontu ó thús an naoú haois déag ach is beag taighde atá déanta orthu go fóill. Síneann na nuachtáin seo ar ais go dtí an ShamrockHibernian Chronicle, a foilsíodh den chéad uair i Nua-Eabhrac in 1810 agus a mhair go 1824 (an chéad cheann Éireannach). Luann Ní Uigín The Citizen (Nua-Eabhrac 1853), The Irish Citizen (Nua-Eabhrac 1867), Boston Pilot (1836) de chuid John Mitchel ar na hiarrachtaí a rinneadh chun cás na Gaeilge a choinneáil os comhair an phobail inimircigh. Ní luaitear ábhar Gaeilge go sonrach áfach, ach amháin go raibh plé ar an nGaeilge féin sa chéad chúpla eagrán den Irish Citizen. (Ní Uigín 1998:30). Léiríonn fianaise na nuachtán thall gur cuireadh an chéad cholún i gcló in The Irish American i Nua-Eabhrac timpeall 1857, agus tá an chosúlacht ann gurbh é sin an chéad cholún ceart Gaeilge a foilsíodh ar domhan i nuachtán. Foilsíodh ábhar Gaeilge in irisí clúiteacha an ghnáthphobail in Éirinn mar a luadh cheana, ach níorbh ionann a leithéid agus colún Gaeilge i bpríomhnuachtán. Ar an 18 Iúil 1857 cuireadh in iúl ar The Irish American go raibh an cló Gaelach tagtha agus go gcuirfí filíocht agus prós Gaeilge i gcló. An tseachtain dár gcionn ar 25 Iúil 1857 cuireadh an ‘colún’ Gaeilge i gcló den chéad uair. Faoi 1881, bliain roimh bhunú Irisleabhar na Gaedhilge in Éirinn in 1882, bhí timpeall 400 colún Gaeilge san Irish American. Faoin mbliain 1915 nuair a tháinig deireadh leis meastar gur cuireadh timpeall 1,500 colún Gaeilge i gcló ann. (Nilsen 1997: 259–74). Is cosúil go raibh an-tóir ar an cholún agus gur chuidigh sé le gluaiseacht athbheochan na teanga sna stáit. Tá neart taighde le déanamh ar thionchar na n-irisí agus na scríbhinní seo go fóill ionas gur féidir próifíl agus stádas litearthachta na léitheoirí a mheas a chuideoidh le tábhacht agus tionchar na gcolún seo a chur i gcomhthéacs na bhforbairtí litríochta agus an dioscúrsa phoiblí.

Tugann a bhfuil ar eolas againn faoi shíolta tosaigh na hiriseoireachta struchtúrtha Gaeilge san fhichiú haois le fios go raibh impleachtaí suaithinseacha ag éabhlóid scríbhneoireacht na Gaeilge san fhóram seo ar sheánraí agus ar ábhar na nualitríochta agus na hiriseoireachta Gaeilge araon:

Soláthraíonn na meáin chlóite pointí tagartha na litríochta, go háirithe i dtús a saothraithe sa ghnáthphobal. Leagadh bunsraith an úrscéil agus an fhicsin i mórán teangacha, sna sraitheanna fada a d’fhoilsítí go coitianta i dtréimhseacháin … Na húdair Ghaeilge ba mhó san fhichiú haois a raibh an acmhainn iontu pobail dhealraitheacha a shroichint, shaothraigh siad a gceird, agus thug chun foirfeachta í sna nuachtáin. (Nic Pháidín 1998: 158, 160).

Léiríonn fianaise ó irisí ar an dá thaobh den Atlantach mar aon le cinn san Astráil, i gCeanada, agus san Eoraip go raibh feiniméan ‘an cholúin Ghaeilge’ á shaothrú mar sheánra scríbhneoireachta sa dara leath den naoú haois déag, mar chomharba agus mar chéim fhorbartha ar na giotaí Gaeilge a foilsíodh sa chéad leath den naoú haois déag, ‘De réir mar a mhéadaigh an chaint i dtaobh na Gaeilge tionscnaíodh ‘giodáin’ mar seo i bpáipéir.’ (Ó Cadhain 1972: 52).

Cé go raibh an colún Gaeilge sna nuachtáin Bhéarla á shaothrú in Éirinn i rith an dara leath den naoú haois déag, is cosúil go raibh an preas Meiriceánach chun tosaigh ina thuiscint ar luach an cholúin Ghaeilge mar shuaitheantas don phobal. Mar sin féin ó ré na hAthbheochana ar aghaidh in Éirinn bhí tábhacht mhór ag baint le coincheap an cholúin mar chuid den phríomhphreas a lonnódh scríbhneoireacht na Gaeilge i gceartlár an phobail iomláin. Dá bharr sin d’eascair agus d’fhorbair coincheap an cholúin sna nuachtáin Bhéarla mar tháirge ar leith:

Is foinsí iad nach raibh faoi smacht ná faoi chinsireacht Chonradh na Gaeilge. Cuimhnítear gur eagraíocht a bhí sa Chonradh a bhain an-leas as bolscaireacht lena hidé-eolaíocht a chur os comhair an tsaoil mhóir. Níor ghnách leo scéalta nach raibh fabhrach dóibh féin a chraobhscaoileadh ina gcuid irisí agus nuachtán féin. (Mac Congáil 2011:114).

Le forás an cholúin i rith an fichiú haois ansin aithnítear an difríocht mhór idir na colúin tosaigh sa dara leath den naoú haois déag agus colúin an lae inniu.

De réir mar a d’fhorbair coincheap an cholúin ó thús an fichiú haois go dtí an lá atá inniu ann, tuigtear go bhfuil saoirse bhreise an iriseora agus fiú saoirse an ealaíontóra le sonrú ar cholúnaíocht na nuachtán, saoirse is dócha ‘ar brainse den intleacht’ í, mar a luaigh Ó Muirthile:

Fóram neodrach cruthaitheach do phobal ilghnéitheach léitheoireachta atá lonnaithe i sochaí chomhaimseartha is bunús do cholúnaíocht na Gaeilge. Fóram é seo ina nochtar domhan éiginnte uilíoch na scríbhneoireachta taobh le saol fírinneach na hiriseoireachta. Spás inar féidir le healaíontóir agus iriseoir cómhaireachtáil taobh le chéile beag beann ar na teorainneacha a scarann óna chéile iad in eiseachas na beatha agus a gcleachtaí saoil. (Uí Chollatáin 2008:53).

An file, an scríbhneoir, agus an colún

Is díol spéise é an t-ionannú a dhéantar idir ról an iriseora agus ról an fhile mar urlabhraí agus mar athbhreithneoir pobail, mar aon leis an léamh ar ról an iriseora agus an scéalaí mar scéalaithe pobail, atá ríofa ag scoláirí faoi thuiscintí éagsúla léannta agus coitianta le fada anois. I gcomhthéacs na scríbhneoireachta áfach, léiríonn staidéar idir gnéithe traidisiúnta na scríbhneoireachta Gaeilge agus na gnéithe nuálacha i scríbhinní an iriseora chomhaimseartha ón fhichiú haois ar aghaidh ar ardáin ilghnéitheacha iriseoireachta, leanúnachas áirithe stíle agus ábhair i bpróiseas na scríbhneoireachta. Aithnítear na foirmeacha nua próis ag teacht in inmhe faoi dheireadh an fichiú haois, le scríbhneoirí ar nós an Ríordánaigh, Mhic Amhlaigh, Uí Chadhain, agus Uí Mhuirthile féin.

Má scrúdaítear scríbhneoireacht na Gaeilge ar bhonn stairiúil, ba é an aicme léannta agus cléire a chleacht, a d’fhorbair, agus a thug na nósanna scríbhneoireachta chun foirfeachta. Lean an traidisiún scríbhneoireachta ar aghaidh i bhfoirmeacha eile ansin tar éis bhriseadh an chórais anuas go ré na scríobhaithe. Tá bunús áirithe leis an éileamh go bhfuil bunfhréamhacha na hiriseoireachta Gaeilge i lámhscríbhinní Uí Neachtain. Bhí an bheirt scríobhaí i mBaile Átha Cliath, Seán Ó Neachtain (c. 1640) agus a mhac Tadhg (1671), lárnach i gcruthú na díospóireachta intleachtúla i réimse poiblí dheireadh an tseachtú agus thús an ochtú haois déag. Bhain siad úsáid as formáidí iriseoireachta agus foinsí nuachtán dá scríbhinní, mar a luann Ó Háinle:

He was also an enthusiastic recorder of his own private experiences and contemporary events in Ireland and abroad, making notes on what had come to his own attention and translating into Irish copious extracts from newspaper reports … His verse is of documentary rather than literary interest. It provides an insight into the society in which Ó Neachtain lived and his personal concerns. (Ó Háinle 2009: 732).

Tá léamh Uí Bhuachalla spéisiúil sa chomhthéacs iriseoireachta seo fosta:

Is go fuarchúiseach, de ghnáth, a chuireann Ó Neachtain síos ar na tarlaingí is imeachtaí a bhfuil trácht á dhéanamh aige orthu; tuairisciú oibiachtúil, mar a dhéanfadh iriseoir gairmiúil. (Ó Buachalla 1991–92:38).

Is féidir a áiteamh gur fheidhmigh lámhscríbhinní Uí Neachtain mar shíolta tosaigh na hiriseoireachta Gaeilge fad agus a bhí cultúr liteartha na Gaeilge á chaomhnú acu sna lamhscríbhinní céanna. Líon stíleanna dialainne agus a leithéid an bhearna phinn ansin i rith an ochtú haois déag go dtí gur tháinig an chéad irisleabhar Gaeilge, Bolg an tSolair ar an bhfód. (Uí Chollatáin 2011: 273–92).

Ní haon ionadh mar sin go dtagraíonn Ó Muirthile do chruthú Lobháin Nua in alt leis an teideal céanna ar an Irish Times (21/9/2000), agus na naisc idir saothar Mhichíl Uí Chléirigh, Sheathrúin Chéitinn, Mháirtín Uí Chadhain, agus Sheáin Uí Ríordáin á ríomh aige. Tá plé á dhéanamh aige ar an ghá le tiomsú saothar dúshlánach liteartha don aonú haois is fiche, saothair a aithníonn traidisiún láidir ársa na scríbhneoireachta agus an léinn Ghaeilge araon, taobh le gnéithe riachtanacha nuálacha na scríbhneoireachta nua-aimseartha:

I bhfocail eile tá gá anois le saothair mhóra liteartha agus léann teanga a thionscnamh ar scála chomh huileghabhálach cuimsitheach le Annála Ríochta Éireann agus Foras Feasa chun go mbeidh rath ar na tionscnaimh eile. Mura dtarlaíonn sé seo ní bheidh comhthéacs ar bith fágtha.

Is léir nach bhfuil na seaninstitiúidí inniúil – fiú má tá siad acmhainneach – ar obair a dhéanamh ar an scála seo. Tá siad faoi scáth chomh seanchaite ina slí féin – agus éilimh oideachasúla orthu – agus a bhí coinbhintí an 17ú haois aimsir Uí Chléirigh.

Lobháin nua in Éirinn a theastaíonn. Lobháin na haoise seo. (‘Lobháin Nua’ The Irish Times 21/9/2000).

Is léiriú beacht é an t-alt seo ar fhorás an cholúin Ghaeilge ó thaobh ábhair de, a thugann léargas breise don léitheoir ar fhéidearthachtaí na colúnaíochta Gaeilge san aonú haois is fiche mar fhóram plé agus machnaimh. Tuigtear comhthéacs na scríbhneoireachta mar ghné lárnach de dhioscúrsa, de léann, agus de litríocht na Gaeilge a bhfuil todhchaí na teanga nua-aoisí ag brath uirthi. Tuigtear an scríbhneoireacht i gcomhthéacs leathan an léinn agus na fiosrachta intleachtúla, a chuirfidh bunús le smaointeoireacht bhisiúil an aonú haois is fiche. Ar éirigh le hiriseoirí agus scríbhneoirí Béarla fiú a leithéid de ‘chomhthéacs’ ar fhéidearthachtaí forbartha na litríochta agus na scríbhneoireachta ar an scála atá luaite ag Ó Muirthile a shaothrú i mblianta tosaigh na mílaoise? Is baolach go bhfuil muid fós ag fanacht le ‘Lobháin na haoise seo’, a chuirfidh bunús le smaointe úra, tionscantacha; a chuirfidh le hidé-eolaíocht spreagúil na haoise seo; agus a chothóidh meon a shaothróidh timpeallacht bhisiúil eacnamaíochta taobh le coinníollacha fabhracha don litríocht, don scríbhneoireacht, agus don teanga dhúchais.

Tagraíonn Alan Titley don chlaonadh seo i scríbhinní Uí Mhuirthile san Irish Times (1/7/2004) agus é ag déanamh suntais de bhua Uí Mhuirthile ‘a cheangal idir an an saol inniu agus an saol mar a bhíodh’ a chur os comhair an léitheora. Luann sé alt eile de chuid Uí Mhuirthile a ríomhann tionchar na Lobháine:

Ba chliste i gcónaí a cheangal idir an saol inniu agus an saol mar a bhíodh. Ceann de na hailt is gean liomsa ná ar bhain sé as litreacha na sagart Éireannach i bPrág agus iad ag gearán faoin mímheas a bhí ag muintir na Lobháine orthu. De dhealramh shíl na manaigh sa Lobháin gur ag ól agus ag ragairne a bhí manaigh Éireannacha Phrág agus gurbh é meas a bhí acu ar an áit: ‘nach bhfuil inti ach tabhairne pótairí mar nach bhfuil d’exercís acu ach na pótáin.’ (‘An fear ar ball’, The Irish Times 1/7/2004).

As na cleachtaí pinn agus as an bhfóram smaointeachais dá réir i bhfóram na nuachtán Béarla in Éirinn i rith an fichiú haois, a sholáthraigh an t-ardán forásach seo do scríbhneoireacht na Gaeilge, a d’eascair an colún nua-aimseartha Gaeilge.

Stíleanna pinn agus inste: Ábhar na gcolún

I gcomhthéacs fhorás an cholúin in iriseoireacht na Gaeilge agus go háirithe an cholúin san Irish Times, seans go bhfuil traidisiún uirbeach intleachtúil na scríbhneoireachta chomh suntasach céanna agus atá tréithe leanúnacha an traidisiúin bhéil ó thaobh chruthú na fiosrachta intleachtúla i réimse poiblí na meán. Bhí trasnáil sa dá thraidisiún, ach:

Bhí an saol náisiúnta agus idirnáisiúnta ag teacht isteach i réimse comhfheasa mhuintir na Gaeltachta de réir a chéile agus cíocras fiosrachta orthu sin faoin tsaol taobh amuigh dá bparóiste féin. (Mac Congáil 2011:120).

Tá tagairt déanta ag Mac Congáil fosta do leabhar Frank Sweeney i dTír Chonaill ina dtagraíonn sé don chúlú ó insint an scéil ó bhéal go méadú ar léamh nó éisteacht an scéil ar nuachtán:

But in the 1890s there was a gradual falling away from the traditional storytelling to hear the newspaper reading of national and international events. … The traditional world of storytelling about ghosts and so forth had conceded further ground to the newspapers … (Ibid.).

Ar bhealach bhain sé seo go mór de ghné an chur i láthair bheo dhaonna ó bhéal ach cuireadh le fóram plé, díospóireachta, agus shaothrú na tuairimíochta nua ina áit. Mar a deir Ó Muirthile, ‘Bunábhar é an focal líofa don fhocal scríofa’ (An Peann Coitianta 2, 2). Bhí na giodáin Ghaeilge sna nuachtáin ag dul i méid i gcónaí roimhe seo, a leag bunsraith don cholún mar sheánra scríbhneoireachta ann féin. Chruthaigh an colún ábhar fiúntach léitheoireachta, bíodh gur i gcruth an fhicsin nó na hiriseoireachta loime a cuireadh i láthair an léitheora é. Déanann sé seo idirdhealú idir úsáid na Gaeilge sna meáin chló ‘ar son na cúise agus na teanga’ amháin, agus an t-aclú teanga agus smaointeoireachta a bheadh i gceist le ‘colún Gaeilge’ a sholáthar. Míníonn sracfhéachaint ar fhorbairt na gcolún Gaeilge i nuachtáin náisiúnta na hÉireann ‘comhthéacs’ na scríbhneoireachta agus an léinn, a luaigh Ó Muirthile. Féachfar anseo go príomha ar nuachtáin náisiúnta an Bhéarla a bhfuil taighde ceannródaíoch substaintiúil déanta ag Nollaig Mac Congáil (2011) orthu.

Ós rud é gurbh é an Freeman’s Journal an nuachtán ba luaithe de na ceithre cinn a ríomhfar anseo, tosófar leis sin. Bhí an chéad cholún Gaeilge i gcló ann go luath sa bhliain 1901, cé go raibh neart ábhar Gaeilge ann roimhe sin. Fógraíodh an colún úr rialta in alt dar teideal ‘Ar Son na Gaedhilge’ (Weekly Freeman 12/2/1901), agus i measc na dteideal a cuireadh ar na colúin féin thar na blianta bhí ‘Le h-Aghaidh na nGaedhilgeóridhe’, ‘I bhFochair na nGaedheal’, agus ‘Cúrsaí an Lae’. Ba liosta le háireamh iad na daoine a ghlac cúram an cholúin seo, Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’), Tomás Ó Máille, Piaras Béaslaí, Pádraig Ó Siochfhradha (‘An Seabhac’), Caitlín Nic Ghabhann, Shan Ó Cuív, Éamonn Ó Tuathail, Liam Ó Rinn, agus Liam P. Ó Riain ina measc. Tháinig deireadh leis an cholún i bhfómhar na bliana 1914 agus ní raibh ceann rialta ann arís go 1917. Nuair a athbhunaíodh é mhair sé a bheag nó a mhór go 1922. Bhí traidisiún láidir colúnaíochta sa Freeman’s Journal ar bhonn leanúnach a leag bunús maith don phlé agus don teanga féin.

Léirigh an Independent bá leis an Ghaeilge sa chéad eagarfhocal in 1905, agus chuir Eoghan Ó Neachtain tús le traidisiún láidir colúnaíochta idir 1905 agus 1915 (Uí Mháille 2009; Uí Fhaoláin 2014). Irish Ireland: A Leaguer’s Point of View: Éire na nGaedheal, an teideal a d’úsáid sé. Idir 1914 agus 1919, bhí an Ghaeilge feiceálach ó am go chéile ach ní raibh colún rialta Gaeilge san Independent. Shan Ó Cuív a bhí ina eagarthóir Gaeilge ó 1931 go dtí 1934. Cé go maítear nár cuireadh béim ar chúrsaí litríochta san Independent, sna 1920idí agus sna 1930idí foilsíodh trí scéal is fiche le Tomás Ó Criomhthain idir 1925 agus 1932; seacht bpíosa le Seosamh Mac Grianna idir 1932 agus 1934; trí phíosa le Séamus Ó Grianna sa bhliain 1925; fiche píosa le Seaghán Bán Mac Meanman idir deireadh 1937 agus 1941; agus neart píosaí le Cearbhall Ó Dálaigh ó 1928 go dtí 1931. Bhí Ciarán Ó Nualláin, Cathal Ó Tuathail, agus Tomás Bairéad ag scríobh ann chomh maith agus cuireadh deireadh leis an cholún sna 1970idí. (Mac Congáil 2011:157–65).

De réir thaighde Mhic Chongáil ba é Scéala Éireann ba dhílse don Ghaeilge agus do shaothrú na scríbhneoireachta. Bhí ábhar Gaeilge go leanúnach ann ar feadh breis agus seachtó bliain, anuas go dtí an t-am ar cuireadh deireadh leis an Irish Press in 1995:

I gcaitheamh na mblianta is ar Scéala Éireann a foilsíodh Cré na Cille, Dialann Deoraí, cúpla cnuasach gearrscéalta le Máire, scéalta le Liam Ó Flaithearta, Máirtín Ó Cadhain, Tarlach Ó hUid, Ciarán Ó Nualláin, Annraoi Ó Liatháin srl. Is beag tóir a bhí ag na filí ar leathanaigh Scéala Éireann ach, mar sin féin, rinne seoda áirithe a mbealach isteach ansin corruair m.sh. ‘Do Thonn Bheag’ (14/8/1940), ‘Aghaidheanna’ (23/11/1940), ‘Don Uaigneas’ (22/3/1941) srl. le Máirtín Ó Direáin agus ‘Labhrann Deirdre’ (7/2/1940) le Máire Mhac an tSaoi. … Pléadh ábhair ilghnéitheacha eile agus chuir a leithéidí sin go mór le héagsúlacht an ábhair agus chuidigh siad le réimse léitheoireachta na Gaeilge … Is fiú breathnú ar ghearrliosta de na daoine sin a scríobh go rialta in Scéala Éireann: tá cuid mhór le Máire ann taobh amuigh ar fad de na gearrscéalta a luamar (ag tús na gcaogaidí ach go háirithe); tá suas le trí scór píosa le Muiris Ó Súilleabháin ann (ag deireadh na dtríochaidí agus na ndaichidí) agus is luachmhar an slám é sin ó tharla gur tearc linn ar scríobh an t-údar céanna i gcaitheamh a shaoil; tá cuid mhaith alt scríofa ag Máirtín Ó Direáin ann, go háirithe sna caogaidí, agus foilsíodh cuid acu sin in Feamainn Bhealtaine; tá lear mór scríofa ag Donncha Ó Céileachair (ó dheireadh na gcaogaidí) arbh fhiú breathnú air arís; scríobh Seán a’ Chóta Ó Caomhánaigh cuid mhór alt sa bhliain 1946 ach go háirithe; bhí Seaghán Bán Mhac Meanman ag scríobh leis i rith na dtríochaidí, na ndaichidí agus na gcaogaidí agus foilsíodh cuid mhaith den ábhar sin in Crathadh an Phocáin, Rácáil agus Scuabadh agus Ó Chamhaoir go Clap-Sholas. D’fhág Seán Mac Maoláin, Tadhg Ó Rabhartaigh agus Seán Ó Súilleabháin lorg a bpinn go rialta ann fosta, sna caogaidí ach go háirithe; agus, ar ndóigh, caithfear gan dearmad a dhéanamh ar na scríbhneoirí sin a lean orthu ag saothrú leo ansin go dtí an deireadh, mar shampla, Pearse Hutchinson (ó 1958 i leith), Breandán Ó hEithir (ó 1956), Dónall Mac Amhlaigh (ó 1956), Nollaig Ó Gadhra (ó 1964), Proinsias Mac Aonghusa, Risteárd Ó Glaisne srl.

Scríobh scríbhneoirí eile aistí fánacha ann ó am go chéile agus a bhfuil tábhacht mhór ag baint le cuid acu i gcónaí. Ina measc sin tá: Seosamh Mac Grianna, an Seabhac, Breandán Ó Beacháin, Donn S. Piatt, Tarlach Ó hUid, Colm Ó Gaora, Brian Ó Nualláin, Peadar Ó Dubhda, Séamas Ó Searcaigh, Máirtín Ó Cadhain, Máire Mhac an tSaoi, Annraoi Ó Liatháin srl. (Ibid., 167–9).

Is féidir glacadh leis ó ábhar na nuachtán eile, go raibh rogha agus togha scríbhneoirí ar fáil faoin am gur aithin an Irish Times luach na colúnaíochta Gaeilge. Bhí pacáiste agus táirge ar leith de dhíth ar R.M. Smylie agus ní dhéanfadh ‘iriseoireacht ar son na cúise’ an gnó seo dó. Glacadh an cur chuige go raibh caighdeán ard scríbhneoireachta de dhíth a rachadh le caighdeán ard teanga. Bhí aclú na teanga agus cumas scríbhneoireachta chun tosaigh san fhís a bhí aige agus tá a rian sin, a d’fhág sé mar oidhreacht ar cholúnaíocht san Irish Times, le braistint i gcónaí. Seo mar a chuir sé síos ar an fhís a bhí aige don ghné seo den Irish Times:

Given the paper’s history, Smylie was also reluctant to open the paper to criticism from Irish speakers that its Irish columns were not up to scratch, a problem that was overcome by O’Nolan’s status as a knowledgeable Gaelic scholar. Smylie, unsurprisingly, was delighted with his find: ‘I’ve been trying for years to run a column in Irish but I always made one stipulation – that it must be above all criticism from the point of view of the language. Until Mr. Myles na gCopaleen came along, all the Gaels had been refusing to admit that anyone knew anything about the language but themselves. But they’re all agreed about Master Myles. He is the only issue on which Gaels of all types are unanimous. In that way I think he has done more than anyone else for the future of the Irish language … He is untranslatable …’. (O’Brien 2008: 126).

Bhí ailt Ghaeilge Bhriain Uí Nualláin (‘Myles na gCopaleen’) ann ó mhí Dheireadh Fómhair 1940 go dtí gur tháinig deireadh iomlán le colúin rialta in 1944. Idir 1946 agus 1947 bhí Séamus Ó Mórdha (‘An Buanaidhe’) ina cholúnaí rialta, agus cuireadh tús le ré úr i saothrú na Gaeilge ar an Irish Times sna 1950idí agus sna 1960idí. Cé gur chuir Smylie tús leis an traidisiún colúnaíochta san The Irish Times ba iad a chomharbaí a thug an coincheap ar aghaidh go leibhéal níos airde a ghrean áit don cholún i gcorpas scríbhneoireachta na Gaeilge san aonú haois is fiche. Donal Foley agus Douglas Gageby an bheirt ba mhó tionchar ar pholasaí na Gaeilge sa pháipéar ó na 1960idí luatha go lár na 1980idí. Bhí Douglas Gageby ina eagarthóir ó mhí Dheireadh Fómhair 1963 go mí Iúil 1974, agus arís ó mhí Iúil 1977 go mí Lúnasa 1986. Ba é a rinne claochlú suntasach ar chur chuige agus ar pholasaí an nuachtáin, polasaí a rinne leas nach beag don Ghaeilge mar theanga dhioscúrsach na meán i dtréimhse thábhachtach i stair na hÉireann. Níos faide ar aghaidh tugann Ó Muirthile an t-aitheantas céanna d’fhís agus do dhúthracht eiseamláireach na n-eagarthóirí Gaeilge, Deaglán de Bréadún agus Uinsionn Mac Dubhghaill, agus fiúntas an ardáin seo a sholáthródh saoirse an iriseora agus an ealaíontóra don scríbhneoir Gaeilge, á ríomh aige:

Táim go mór faoi chomaoin Eagarthóir Gaeilge an Irish Times, Uinsionn Mac Dubhghaill, agus roimhe sin Deaglán de Bréadún. Téann dícheall agus dúthracht ghairmiúil eagarthóirí gan an t-aitheantas dlite. Tá scóip agus saoirse tugtha acu dom. Is dlúthchuid de chóras táirgíochta an nuachtáin é an t-ábhar Gaeilge agus ní beag le rá an méid sin. Ní géag den tseirbhís phoiblí í an Irish Times, ní hionann agus na meáin eile a sholáthraíonn seirbhís agus ábhar i nGaeilge. Is eol di a cuid léitheoirí áfach agus a hionad sa mhargadh. (An Peann Coitianta 2, 5).

Leanadh leis an pholasaí chun barr feabhais a bhaint amach i gcolúnaíocht na Gaeilge san Irish Times le colún Mháirtín Uí Chadhain, ‘Cadhan Aonraic’ a foilsíodh go rialta ó 16 Meán Fómhair 1953 go 1956. Tagraíodh cheana do na scríbhneoirí eile a shaothraigh a gceird san Irish Times agus ina measc bhí Risteárd Ó Glaisne sa bhliain 1953, Breandán Ó hEithir ó 1963 go 1990, agus Seán Ó Ríordáin ó 1968 go 1975. Bhí colún rialta ansin ag Dónall Mac Amhlaigh agus ag Donnchadh Ó Drisceoil sna 1970idí agus sna 1980idí agus ba san Irish Times a chuir Proinsias Mac Aonghusa tús lena ghairm. Cé go bhfuil ré úr eile amach romhainn in iriseoireacht na Gaeilge anois, ó chasadh na mílaoise tá an Ghaeilge láidir ann i gcónaí le hiriseoirí iomráiteacha ar nós Mháiréad Ní Chinnéide, Phóil Uí Mhuirí, agus Alan Titley.

Ba sa bhliain 1989 a chuir Liam Ó Muirthile tús lena cholún seachtainiúil ‘An Peann Coitianta’ agus mhair an colún go 2003. Mar is dual dó, is fearr iad na focail fhileata a úsáideann sé féin ná liosta lom d’fhocail fholmha, le cur síos a dhéanamh ar théamaí a chuid colúnaíochta a bhfuil rian de stíl an cholúnaí a pléadh cheana le braistint orthu:

Baineann na colúin seo leis an saol. Le mo shaol féin faoi mar a bhíonn sé á chaitheamh agam, ó sheachtain go seachtain. Le saol an tuairisceora, an scríbhneora, saol an teaghlaigh, saol mo mhuintire, saol na cathrach, saol na tuaithe, saol an Tuaiscirt, saol na Fraince, saol an bhruachbhaile, saol an straeire chinn. Breith, bás, beatha, drugaí, spórt, leanaí, óige, caidreamh daonna, na mionghnóthaí sin i saol éinne arb iad fuaimint an tsaoil ar deireadh iad. (An Peann Coitianta 2, 2–3).

Cé nach bhfuil ann dáiríre ach insint an scríbhneora ar ábhar a scríbhinní féin bheadh sé doiligh gan ruainnín de stíl fhoclach fhileata an Ríordánaigh a bhlaiseadh air seo.

Ar an ábhar sin b’fhéidir nár mhiste clabhsúr a chur leis an anailís seo trí chomparáid a dhéanamh idir stíl agus foirm an Mhuirthiligh agus an Ríordánaigh san Irish Times a thugann léargas breise don léitheoir ar phróiseas na scríbhneoireachta.

Próiseas na scríbhneoireachta nua-aimseartha: Foirm agus stíl

Murab ionann agus gnáth-ailt nuachta nó gné-ailt fiú, is samplaí iad na colúin liteartha nua-aimseartha seo d’fhoirm agus de stíl ar leith scríbhneoireachta a fheidhmíonn go minic mar réamhtheachtaí an ghearrscéil nó an úrscéil. Leag colúnaithe macasamhail Sheáin Uí Ríordáin, ar scríbhneoir cruthaitheach é chomh maith, rian nuaaimseartha ar na seanmhúnlaí traidisiúnta. I gcomhthéacs phróiseas na scríbhneoireachta luadh leanúnachas stíle agus ábhair cheana féin. Tá an próiseas seo suntasach i dtaobh na stíle a d’fhorbair Ó Ríordáin i bhfóram The Irish Times, stíl a fréamhaíodh i gcleachtaí seanchaite dialainne, agus a ghlac beocht agus beatha úr i bhfoirm an cholúin sa nuachtán:

In late 1967 Ó Ríordáin began to supply prose articles to The Irish Times, and this developed in the following years into a somewhat irregular weekly column. Written in remarkably concise and agile prose, these essays when concerned with current affairs, reveal a different side of the Ó Ríordáin persona, marked by an acerbic wit and a sharp eye for the ridiculous; more reflective pieces, which come nearer the subject matter of the poetry, are drawn largely from his journal. (Ó Coileáin 2009: 875).

In áit ceird liteartha a chleachtadh ar an ardán iriseoireachta, mar a rinneadh in iriseoireacht na hAthbheochana, chleacht Ó Ríordáin agus a chomhaimsirigh stíl iriseoireachta a raibh toradh litríochta uirthi. Ní hé gur cuireadh an scríbhneoireacht litríochta i láthair ar an bhfóram iriseoireachta mar sin, ach gur eascair táirge cruthaitheach liteartha as cleachtadh na hiriseoireachta faoi struchtúir na stíleanna scríbhneoireachta.

Is léir go bhfuil traidisiún agus stíl úr tagtha chun solais le scríbhneoirí a thuigeann ‘cumas’ na teanga ‘chun an beart a dhéanamh’ mar a luaigh Ó Muirthile ag tús na haiste seo. Ní hamháin go raibh seánraí nua á múnlú féin i gcolúnaíocht Uí Mhuirthile agus cholúnaithe eile sna nuachtáin Bhéarla, ach de thairbhe na seánraí nua seo, ‘aiste tuairimíochta’ an aonú haois is fiche ina measc, tá léamha níos iomláine agus níos criticiúla á gcruthú ar cad is brí le ‘colúnaíocht’ agus leis an iriseoireacht féin fiú. Tugann na léamha criticiúla seo léargas ar leith ar thábhacht an cholúin Ghaeilge nua-aimseartha mar ardán scríbhneoireachta agus mar mheán iriseoireachta araon. Tá an anailís chriticiúil seo lárnach sna tuiscintí úra a eascróidh as an timpeallacht nua scríbhneoireachta agus iriseoireachta, a ligeann do gach saoránach a bheith ina cholúnaí. I bhfocail Uí Mhuirthile féin mar iriseoir agus scríbhneoir, aithníonn sé luach na bhféidearthachtaí claochlaithe a shaibhreoidh an litríocht agus an iriseoireacht, ach a bhíonn ag brath de shíor ar chumas an cholúnaí féin:

Léargas amháin a nochtadh dom féin, ag plé leis an taobh iomlán cruthaitheach den scríbhneoireacht ná go gcruthaíonn tú ficsean chun an fhírinne a insint. Má insíonn na fíricí a bhfírinne féin sa cholúnaíocht, is faoin gcolúnaí atá sé ar deireadh an insint a dhéanamh. (An Peann Coitianta 2, 3).

Is ea, mar iriseoir agus mar scríbhneoir is fíor do Liam Ó Muirthile anseo gur faoin gcolúnaí féin atá sé ar deireadh an insint a dhéanamh – mar a bheifí ag súil leis – mar fhinné pobail, mar ealaíontóir cruthaitheach, mar cholúnaí neamhchoitianta lena stíl scríbhneoireachta eiseamláireach féin. Ba iad tréithe seo Uí Mhuirthile a lig dó colúnaíocht na Gaeilge a tharraingt isteach i ré úr na mílaoise agus ‘an dúch ag sní san fhuil aige’ i gcónaí. (An Peann Coitianta 2, 1).

Regina Uí Chollatáin
Aibreán 2014

Liosta foinsí

Leabhair

Ballin, M. 2008. Irish Periodical Culture, 1937–1972. Genre in Ireland, Wales and Scotland. New York.

Bayor, R.H. agus Meagher, T.J. 1997. The New York Irish. Baltimore and London.

Hayley, B. agus McKay, E. 1987. 300 Years of Irish Periodicals. Mullingar.

Legg, M.L.1999. Newspapers and Nationalism. The Irish Provincial Press 1850–1892. Baile Átha Cliath.

McGuire, J. agus Quinn, J. 2009. Dictionary of Irish Biography. Dublin/Cambridge.

Nic Pháidín, C. 1998. Fáinne an Lae agus an Athbheochan (1898–1900). Baile Átha Cliath.

O’Brien, M. 2008. The Irish Times. A History. Dublin.

Ó Muireadhaigh, R. 2011. Féilscríbhinn Anraí Mhic Giolla Chomhaill: Tráchtais Léannta in onóir don Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill. Baile Átha Cliath.

Ó Muirthile, L. 1991. An Peann Coitianta. Baile Átha Cliath.

– 1997. An Peann Coitianta 2. Baile Átha Cliath.

– 2006. Ar an bPeann. Baile Átha Cliath.

Ó Tuama, S. 1972. The Gaelic League Idea. The Thomas Davis Lectures. Baile Átha Cliath.

Uí Chollatáin, R. 2004. An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899–1932. Baile Átha Cliath.

– 2008. Iriseoirí Pinn na Gaeilge. An Cholúnaíocht Liteartha: critic iriseoireachta. Baile Átha Cliath.

Ailt

Mac Congáil, N. 2011. ‘Saothrú na Gaeilge ar Nuachtáin Náisiúnta Bhéarla na hAoise Seo Caite: Sop nó Solamar?’ in Féilscríbhinn Anraí Mhic Giolla Chomhaill: Tráchtais Léannta in onóir don Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill, 112–91.

Nic Pháidín, C. 1987. ‘Na hIrisí Gaeilge,’ in 300 Years of Irish Periodicals, 68–85.

Nilsen, K. 1997. ‘The Irish Language in New York 1850–1900’. The New York Irish, 252–74.

Ní Uigín, D. 1998. ‘An Iriseoireacht Ghaeilge i Meiriceá agus in Éirinn ag tús na hAthbheochana: An Cúlra Meiriceánach’. Léachtaí Cholm Cille XXVIII. Iriseoireacht na Gaeilge, 25–47.

Ó Buachalla, B. 1991–92. ‘Seacaibíteachas Thaidhg Uí Neachtain’. Studia Hibernica. 31–64.

Ó Cadhain, M. 1972. ‘Conradh na Gaeilge agus an Litríocht’. The Gaelic League Idea. The Thomas Davis Lectures, 52–62.

Ó Coileáin, S. 2009. ‘Seán Ó Ríordáin’. Dictionary of Irish Biography. Vol. 7. 875.

Ó Háinle, C. 2009. ‘Tadhg Ó Neachtain’. Dictionary of Irish Biography. Vol. 7. 732.

Uí Chollatáin, R. 2011. ‘Irish Language Revival and “Cultural Chaos”: Sources and Scholars in Irish Language Journalism’. Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium. Vol. XXX, 2010. 273–292.

Tráchtais neamhfhoilsithe

Ní Mháille, A. 2009. ‘Colún Gaeilge Eoghain Uí Neachtain ar an Irish Independent idir 1905–1914’. Tráchtas neamhfhoilsithe M.A. Ollscoil na hÉireann. Gaillimh.

Uí Fhaoláin, A. ‘The Irish Independent agus ábhar Gaeilge 1905–1922: Peirspictíocht stairiúil ar theanga agus ar chultúr na hÉireann i gcomhthéacs idé-eolaíocht “Irish-Ireland” agus athbheochan na Gaeilge’. Taighde neamhfhoilsithe PhD. An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.