DAIDEO
ÁINE NÍ GHLINN
Cois Life Teoranta
Baile Átha Cliath
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2014 © Áine Ní Ghlinn
ISBN 978-1-907494-42-0
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Nicholson & Bass Ltd.
www.coislife.ie
1
‘Cá bhfuil do thuismitheoirí?’
‘Thuas ansin!’
Sméid Liam i dtreo an chéad charráiste eile. Chaith fear na dticéad sracfhéachaint thar a ghualainn. Sméideadh Liam á leanúint aige. Bhreathnaigh sé ar Liam arís. Go géar. Go smaointeach. Ba bhreá le Liam a bheith in ann na súile sin a léamh. Céard a bhí iontu? Amhras? Eolas?
‘Cé atá leat? Cé atá thuas ansin?’
‘Mo … mo mham. Tá sí thuas ansin sa chéad charráiste eile. Tá sí ag caint le duine éigin.’
‘Ag caint le duine éigin?’
‘Sea.’
Bhí Liam ag iarraidh stánadh idir an dá shúil ar fhear na dticéad. Mura gclaonfadh sé a cheann ná a shúil, bheadh seans níos fearr go gcreidfí é. É sin agus gan dul thar fóir leis an scéal. B’in a dúirt Micheál.
Bíodh an scéal inchreidte. Inchreidte gan dul thar fóir.
Comhairle mhaith.
‘Sea. Tá sí ag caint le bean éigin. Cara léi, sílim.’
Gan dul thar fóir. Gan an iomarca eolais a thabhairt.
‘Cara?’
An ruainne beag amhrais sin arís.
‘Sílim.’
Chaithfeadh sé labhairt ar nós cuma liom.
‘Ní raibh aithne agamsa uirthi. Bhuail sí léi ar an ardán. Glacaim leis gur cara í.’
‘Agus tá an ticéad ag do mham, is dócha?’
Díreach an cheist a bhí uaidh!
‘Níl. Tá an ticéad agamsa anseo. Seo dhuit.’
Bheadh deireadh leis an argóint anois.
Bhreathnaigh fear na dticéad go géar ar an ticéad a bhí á shíneadh chuige ag Liam.
‘Nár cheart duitse a bheith ar scoil?’
Bhí Liam réidh don cheann seo freisin. D’ísligh sé a ghlór.
‘Ba cheart.’
Bhreathnaigh sé ar a lámha. Ar a mhéara. Rinne sníofartach beag. Mar a bhí cleachta aige os comhair an scátháin. Cleachta arís is arís eile go dtí go raibh sé sásta leis. Go dtí go raibh Micheál sásta leis. Go dtí go raibh sé foirfe.
‘Ba cheart dom a bheith ar scoil ach … ach tá m’aintín san ospidéal i mBaile Átha Cliath. Táimid chun cuairt a thabhairt uirthi.’
Sníofartach eile. An guth níos ísle fós.
‘Tá sí ag fáil bháis. Níl mórán ama fágtha aici.’
‘Hmmm.’
Rinne fear na dticéad cliceáil ar an ticéad leis an ngléas beag a bhí ina lámh aige. É fós ag stánadh ar Liam. D’fhéach sé ar an ticéad arís. Dáta ceart. Praghas ceart. Gach rud ceart. Fós, áfach, bhí rud éigin faoin mbuachaill seo. Faoin scéal. Gach rud róchleachta. Rócheart.
D’airigh Liam cuisle ag preabadh ina mhuineál. Thíos faoina chluas chlé. Bhí súil aige nach raibh fear na dticéad in ann é a fheiceáil.
Smaoinigh ar gach rud brónach a tharla duit ariamh. Comhairle Mhichíl arís.
Ansin tiocfaidh na deora.
Chreidfeadh duine ar bith thú dá mbeifeá in ann deora a shileadh. Ní fhéadfadh Liam díriú ar rud ar bith, áfach, ach ar an gcuisle ina mhuineál agus ar aghaidh an fhir a bhí ag breathnú anuas air.
Ar deireadh shín an fear an ticéad ar ais chuige.
‘Go raibh maith agat,’ arsa Liam.
An chuisle ag imeacht ó smacht ar fad. Bhí fonn air a lámh a chur lena mhuineál ach bhí faitíos air go dtarraingeodh sé sin aird air.
Rinne fear na dticéad leathchasadh uaidh. Leathchasadh ar ais. É ar tí rud éigin eile a rá. Ceist eile a chur b’fhéidir. D’oscail sé a bhéal. Dhún arís é. Ansin chroith sé a cheann, bhain searradh as a ghuaillí agus ar aghaidh leis ansin chuig an gcéad phaisinéir eile.
2
Lean Liam a éide dhubh as cúinne a shúile. Ó phaisinéir go paisinéir. Ó shuíochán go suíochán. Ó thicéad go ticéad. Ó chliceáil go cliceáil.
‘Ticéid le bhur dtoil. Ticéid le bhur dtoil.’
Cliceáil. Ar aghaidh arís.
É ag siúl leis go mall réidh. Cos, cos eile, a haon, a dó. Cliceáil. Cos, cos eile arís.
Bhí fonn ar Liam osna a ligean ach bhí faitíos air go gcloisfí é. Faitíos air anáil a tharraingt isteach gan trácht ar é a ligean amach. A chroí ina bhéal nó gur shroich an éide dhubh na doirse uathoibríocha. D’éist Liam le dordán na ndoirse. Chonaic sé iad á n-oscailt. Cos, cos eile tríothu.
Go tobann, stop fear na dticéad agus bhreathnaigh thar a ghualainn. Chas Liam a chloigeann go tapa. Thosaigh sé ag breathnú amach an fhuinneog. Cén fáth a raibh an éide dhubh chomh hamhrasach sin?