Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2016 © Alex Hijmans
ISBN: PDF: 978-1-907494-66-6
ePub: 978-1-908057-98-3
Mobi: 978-1-908057-99-0
Dearadh agus clóchur: Alan Keogh
Clódóirí: Nicholson & Bass
Ábhar
Nóta don léitheoir
Chapter 1
Caibidil 2
Caibidil 3
Caibidil 4
Caibidil 5
Caibidil 6
Caibidil 7
Caibidil 8
Caibidil 9
Caibidil 10
Caibidil 11
Caibidil 12
Caibidil 13
Caibidil 14
Caibidil 15
Caibidil 16
Caibidil 17
Caibidil 18
Nóta don léitheoir
Saothar ficsin atá anseo. Tá na carachtair uile agus na suíomh-anna san úrscéal seo bunaithe ar shamhlaíocht an údair.
Ba mhaith leis an údar buíochas ó chroí a ghabháil le Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a chuir spás oibre ar fáil dó tráth a raibh cóiriú á dhéanamh aige ar chuid den saothar seo, agus le Cois Life as a dtacaíocht leanúnach.
Thuirling Eoin den bhus agus d’fhéach sé ina thimpeall trína chuid fabhraí. Ghortaigh gile an tráthnóna a shúile mar a dhéanfadh scian ghéar, ach ní chaithfeadh sé spéaclóirí gréine ar ór ná ar airgead. Cheapfadh daoine gur thurasóir é. Taistealaí a bhí ann. Taistealaí ar misean.
Anuas air sin, theastaigh uaidh an saol a fheiceáil gan ghloiní daite a bheith sa bhealach air. Bhí dubh agus bán ann, soiléir agus doiléir, ceart agus mícheart, cóir agus éagóir – agus is maith a thuig sé na difríochtaí eatarthu. D’fhág spéaclóirí gréine cuma bhréagach ar an saol; d’fhág siad spás d’imireacha liatha, don amhras.
A mhála droma mór ar leathghualainn aige agus a chlár surfála faoina lámh, d’fhéach sé ar an mbus ag imeacht uaidh. Shéid an cailín sin, a bhí tar éis suí in aice leis nuair a stop an bus sa bhaile mór deireanach, póg chuige tríd an bhfuinneog oscailte.
Níor chailín gránna í. Ábhairín ró-íseal, ach ní chuirfeadh sé sin as dóibh dá mbeidís sínte ar leaba le chéile. Dath fionn as buidéal ar a cuid gruaige, aghaidh dheas shodhearmadta uirthi.
Theastaigh uaithi a cuid Béarla a chleachtadh; theastaigh uaidh féin feabhas a chur ar a chuid Portaingéilise. Shocraigh siad ar mheascán.
Ar a bealach abhaile a bhí sí; bheadh sé ag dul ó sholas, a dúirt sí, faoin am a shroichfeadh an bus an áit arbh as di. Ba mhór an t-ionadh a bhí uirthi go raibh sé i gceist ag Eoin imeacht den bhus san áit ar imigh, san áit a raibh sé ina sheasamh anois.
‘Cén fáth nach leanfá ort go dtí mo bhaile dúchais? Níl aon chailleadh ar na tonnta ann, a deir mo dheartháir. Surfálaí eisean freisin.’
Bhí an treoirleabhar bainte amach as póca coise a bhríste ghearr aige ar an bpointe boise nuair a dúirt sí sin; mharcáil a thicéad bus an leathanach.
‘Tá sé ráite anseo go bhfuil cuid de na tonnta is fearr sa Bhrasaíl ar fad san áit a bhfuil mo thriall. Agus tá treibh bhundúchasach ann.’
Las alltacht i súile an chailín.
‘Sin í an fhadhb!’
Ní raibh sa bhus anois ach spota dearg i lár scamaill dusta ar íor na spéire. Gan mhoill, d’imigh sé as radharc taobh thiar de chnocán. Ní raibh aon trácht eile ar bhóthar an chósta; ní raibh le cloisteáil ach damhsa na gaoithe i mbarr na gcrann pailme agus búireach na dtonnta, thall ag bun mhachaire geal na trá ar an taobh thall den tarmac.
Dhún Eoin a shúile ar feadh meandair agus líon a scamhóga le boladh an tsáile. Ansin shocraigh sé a mhála ar a ghuaillí agus scrúdaigh comhartha a bhí ar crochadh ó chrann le taobh an bhóthair: seanchlár surfála a raibh ainm an bhrú óige a raibh áirithint déanta aige ann péinteáilte air i litreacha ildaite. Bhí saighead in íochtar.
Chas sé isteach sa bhóithrín cúng. Ní raibh ach leathchéad méadar siúlta aige nuair a dhún an dufair os a chionn, craobhacha na gcrann snaidhmthe ina chéile mar a bheadh lámha seanchomrádaithe iontu. Nó an amhlaidh gur ag tachtadh a chéile a bhí siad, mar a bheadh seanchéilí comhraic? I gcás ar bith, bhí air fanacht ina sheasamh tar éis tamaill ghearr chun ligean dá shúile dul i gcleachtadh ar an dorchadas. D’fhéach sé suas, fonn air go tobann an spéir a fheiceáil, ach phlúch duilliúr dlúth na gcianta an saol ina thimpeall mar a dhéanfadh pluid.
D’fhéach sé ar chlé uaidh agus ar dheis. Crainn áille iad na crainn a d’fhás anseo – ach níor aithin sé aon cheann acu, ná níor aithin sé na feithidí ná na héin ar bhodhraigh a ndordán agus a scairteach a chluasa. Boladh coimhthíoch dó cumhracht mheisciúil na cré taise. Bhí mearbhall air: ní raibh an fharraige ach achar gearr ón áit a raibh sé ina sheasamh ach domhan eile ar fad a bhí anseo, domhan nár bhain leis. Go fóillín beag, pé scéal é. Dhéanfadh sé a chuid féin de, díreach mar a bhí déanta aige de dhomhan na dtaoidí agus na dtonnta.
Agus ansin, dhéanfadh sé a chuid féin sa troid chun an áit seo a chosaint.
De réir na leabhar staire, chlúdaigh foraois bháistí an chuid seo den Bhrasaíl ar fad tráth ar chuir na Portaingéalaigh cos i dtír ann breis is cúig chéad bliain ó shin. Ní raibh fágtha den dufair sin inniu ach pócaí beaga anseo is ansiúd. Bhí a raibh fágtha den fhoraois agus de na pobail dhúchasacha a chónaigh inti i mbaol a mbáis. Mheabhraigh an scéal ar fad scéal Ghaeltacht na hÉireann dó.
Shiúil sé leis, deifir air anois. Ach faoin aer tais, mhéadaigh meáchan a mhála droma agus a chlár surfála le gach coiscéim – nó b’in an chosúlacht a bhí air. Níorbh fhada gur chlúdaigh brat allais a cholainn.
Is iomaí casadh a bhí sa bhóithrín. Mheabhródh sé lorg nathrach do dhuine lena raibh de lúba ann. Sheas Eoin ina staic ar an bpointe boise nuair a rith an tsamhail sin leis: an mbeadh nathracha san áit seo? Thosaigh a chroí ag preabadh go tréan agus ní raibh sé in ann bogadh ar feadh soicind nó dhó.
Dheifrigh sé ar aghaidh a luaithe is a d’fhreagair a cholainn dá aigne arís. Thrasnaigh sé abhainn chaol dhubh thar dhroichead de shlata tiubha adhmaid. In airde a chuaigh an bóithrín ar an taobh eile, agus ba ghearr go raibh a léine báite ar fad san allas. Lig sé osna faoisimh as nuair a chúlaigh an dufair sa deireadh, ag géilleadh slí do pháirc féir a bhí chomh glas le móinéar ar bith in Éirinn.
Bhí an brú óige i lár na páirce sin, seanteach maorga dhá stór ar bharr an chnoic ar fad. ‘An Teach Mór’ a thabharfaí ar a leithéid sa bhaile, a smaoinigh Eoin. Ach bhí ballaí an tí seo chomh buí le banana; chuir an spleodar sin an ruaig láithreach ar na smaointe faoi choilíneachas, iar-choilíneachas agus nithe eile den sórt sin a bhí tar éis preabadh isteach ina aigne.
Bhí seanchlár surfála crochta os cionn an dorais. ‘O Refúgio do Surfista’ a bhí scríofa air, mar a bhí ar an gcomhartha thíos ag an bpríomhbhóthar. ‘Tearmann an tSurfálaí’ an chiall, gan dabht, a bhí leis sin. D’fhoghraigh sé ainm na háite os íseal, mar a bheadh focail draíochta iontu a d’osclódh domhan nua dó.
Bhrúigh sé an doras uaidh agus chuaigh isteach i halla fáiltithe. Ní raibh radharc ar éinne. Chuaigh sé a fhad le cuntar a bhí déanta as adhmad tropaiceach. Leag sé uaidh a mhála droma agus a chlár surfála agus bhuail a lámh ar chloigín copair seanfhaiseanta ar an gcuntar. Ghoill an chling ar a chluasa.
Tar éis tamaill, chuala sé coiscéimeanna ar staighre bíseach ag bun an halla. Ní raibh bróga ná flip fleapanna ar na cosa a tháinig anuas an staighre. Bhí bríste Beirmiúdach cadáis agus léine gan mhuinchillí ar an bhfear lenar bhain siad; bhí spéaclóirí gréine i bhfostú ina fholt catach liath. D’fhág an folt céanna agus a shrón uasal cuma éin chreiche air. Seabhac, b’fhéidir.
‘Bem-vindo,’ a dúirt an fear.
‘Obrigado,’ a d’fhreagair Eoin.
Sheas an fear taobh thiar den chuntar agus bhain leabhar mór amach as tarraiceán. Gan eatarthu anois ach an cuntar, ba léir d’Eoin go raibh an leathchéad slánaithe ag an bhfear. Mar sin féin, bhí cuma na hóige air. Ba dhócha gurb í an tsurfáil ba chúis leis sin: cuma aclaí air agus buandath donn curtha ar a chraiceann geal ag grian, gaoth agus sáile. Bhí súile liatha aige, iad sollúnta ina aghaidh stuama. Chuir an fear a mhéar ar leathanach sa leabhar oscailte agus labhair go réidh, soiléir.
‘Líon isteach d’ainm agus do chuid sonraí anseo.’
Rug Eoin ar pheann agus thosaigh ag scríobh. ‘Ainm: Eoin Ó Síocháin. Dáta breithe: 14 Aibreáin 1988. Áit chónaithe: Sionainn, Co. an Chláir, Éire.’
Las loinnir sna súile liatha.
‘Éireannach thú, an ea?’
‘Is ea,’ a dúirt Eoin.
‘Bhí mé i do thír uair amháin,’ a dúirt an fear. ‘In ’85.’ Rinne sé gáire. ‘Trí bliana sular rugadh tusa.’
‘An raibh? Cén áit?’
‘Bundoran agus Rossnowlagh. Bhí craobh na hEorpa sa tsurfáil ar siúl sa dá bhaile an bhliain sin; bhí cead agamsa páirt a ghlacadh ann toisc gurb as an bPortaingéil do mo mháthair. Ba é sin an comórtas idirnáisiúnta deireanach agam. Bhí tonnta den scoth ann ach, Dia ár sábháil, bhí an t-uisce feanntach fuar!’
Dhruid Eoin a shúile de bheagán.
‘Cad is ainm duit, murar miste leat? Surfálaí mé féin, agus …’
‘Chico,’ a dúirt an fear. ‘Chico Gavião.’
‘Chico Gavião? Ag magadh atá tú! Tá surfálaithe na hÉireann fós ag caint ort! An seandream thuas i dTír Chonaill, pé scéal é. Nach bhfuair tú an ceann is fearr ar shurfálaí Protastúnach mór le rá éigin as Port Rois? Deir siad go gcrochfá leat an chraobh …’
‘… Murach gur éirigh mé as an gcomórtas.’
Dhún Chico an leabhar mór agus chuir ar ais sa tarraiceán é.
‘Fuair m’athair bás lá deiridh an chomórtais. Bhí mé ar eitleán abhaile go dtí an Bhrasaíl sula raibh na babhtaí ceannais thart, ach bhí mé rómhall don tsochraid. Ní fhéadfaí fanacht. An teas, an dtuigeann tú? Táim ag tabhairt aire don áit seo ó shin.
Sin agat an saol. Ach gabh i leith, tabharfaidh mé suas go dtí do sheomra thú.’
Sheas Eoin faoin gcith. Bhí uisce te ann, ach níor bhac sé leis. Bhí an t-uisce fuar féin alabhog, ach chuir an scaird láidir an ruaig ar an tuirse bhóthair.
Bhí strus ag baint le taisteal sa Bhrasaíl. Bhí bealach ag muintir na tíre rud ar bith simplí a dhéanamh casta. Bhí uimhir a phas de ghlanmheabhair aige ó bhí air í a líonadh isteach ar mhíle is a haon fhoirm nach mbreathnódh éinne orthu go deo. Thóg sé seachtain air siopa fón a aimsiú a bhí sásta cárta SIM áitiúil a dhíol le duine nach raibh uimhir seirbhíse poiblí de chuid na Brasaíle aige. Bhí blianta ann ó chuaigh sé ar Aifreann, ach uair ar bith dá ndeachaigh sé i ngar do mheaisín bainc Brasaíleach chaitheadh sé súil fhaiteach ar na flaithis ar eagla go dteipfeadh ar iarracht eile airgead a bhaint amach.
Níor chuidigh sé ach an oiread nach raibh an Phortaingéilis ar a thoil aige fós, in ainneoin an dá mhí a bhí caite aige ag scoil teanga i gcathair Rio de Janeiro. D’éirigh go maith leis sna ranganna; mhol na múinteoirí a thuiscint ar an modh foshuiteach go hard na spéire. Ach scéal eile ar fad a bhí ann amuigh ar an tsráid. Ar éigean a thuig sé freastalaithe na mbialann agus lucht na siopaí – agus uaireanta níor thuig siadsan eisean.
Mheabhraigh an rud ar fad a chéad tréimhse sa Ghaeltacht dó. Ar scoil, i Sionainn, bhí sé i gcónaí orthu siúd ab fhearr ar éirigh leo sa Ghaolainn. Ach an chéad samhradh sin thiar i gCorca Dhuibhne, níor thuig sé ach oiread na fríde de chaint shaibhir bhean an tí, bean Mhic Ghearailt.
Ar an mbus as Rio go dtí an áit seo a bhí sé faoin am ar tuigeadh an scéal dó: ach an oiread leis an nGaeilge in Éirinn, bhí difríocht ollmhór idir an Phortaingéilis oifigiúil a múineadh dó sa scoil teanga agus caint na ndaoine. Dá mbeadh Béarla ag muintir na Brasaíle … Ach b’fhusa teacht ar chainteoirí Gaeilge in Éirinn ná mar a bhí sé teacht ar dhaoine sa Bhrasaíl a raibh Béarla acu.
An mearbhall teanga, an callán síoraí, an maorlathas mallaithe, na busanna plódaithe, na meaisíní fabhtacha bainc, díoltóirí sráide gan mhúineadh, lucht déirce gan ghéaga, mná gan náire agus, thar aon rud eile, an teas míthrócaireach – d’fhág na rudaí seo ar fad gur mhothaigh sé go raibh sé ag treabhadh leis, lá i ndiaidh lae, trí phota ollmhór lán d’anraith te. Mar bharr ar an mí-ádh, níor stop na Brasaíligh a casadh air agus ar éirigh leis comhrá de chineál éigin a choinneáil ar bun leo ach ag tabhairt rabhaidh dó faoina chontúirtí is a bhí an tír, ach go háirithe dá leithéid féin, gringo.
Ach bhí ceann scríbe bainte amach aige anois. Mhúch sé an cith agus chuimil bosa a lámh dá cholainn nocht. Bhog barr a mhéara ó dheas, thar iomairí mhatáin a bhoilg, i dtreo a imleacáin agus thairis.
Níorbh aon ionadh go raibh oiread dúile ag mná na Brasaíle ann. Folt fionn, craiceann geal, súile gorma agus spleodar bricíní ina aghaidh – bhí sé chomh héagsúil le fir na Brasaíle agus a d’fhéadfadh fear a bheith. Iarracht dá laghad ní dhearna siad chun a gcatsúile a cheilt, mná na tíre seo: bhídís á scrúdú, á thomhas, á adhradh mar a bheadh dia Ceilteach ann – Manannán Mac Lir na linne seo.
Sheas sé amach as an gcith ar an bpointe boise agus cheangail tuáille faoina choim. Níorbh é sin an fáth a raibh sé sa Bhrasaíl. Cearta daonna a chosaint, ba é sin aidhm an aistir seo. Agus máistreacht san ábhar sin críochnaithe aige le nach mór bliain anuas, bhí deis aige faoi dheireadh tús a chur le slí bheatha a shásódh a mhianta.
Bhí mór-eagraíocht chearta daonna i Londain tar éis scoláireacht a thabhairt dó chun taighde a dhéanamh ar choimhlint idir treibh bhundúchasach agus tiarnaí talún sa cheantar seo. Dá gcruthódh an taighde gur ghá aird idirnáisiúnta a tharraingt ar chás na mbundúchasach, thabharfadh an eagraíocht faoi mhórfheachtas cearta daonna agus thabharfaí post buan agus ról lárnach ar an láthair d’Eoin féin ina leithéid. Nárbh airsean an t-ádh go raibh tearmann dá gcuid féin á éileamh ag treibh bhundúchasach san áit a raibh cuid de na tonnta ab fhearr sa Bhrasaíl?
Sheas sé ag an bhfuinneog oscailte. Mhuirnigh leoithne mheirbh craiceann a chliabhraigh; chuir gathanna deireanacha na gréine loinnir órga ar an duilliúr a chlúdaigh na cnocáin a shín amach ar chúl an bhrú óige. Ach tar éis tamaill, mhothaigh sé folús uaigneach ina bholg: áit chomh haoibhinn ach gan éinne lena thaobh chun éisteacht le suirí na bhfeithidí in éineacht leis. Sheas sé siar ón bhfuinneog agus chlúdaigh a aghaidh lena lámha; thóg sé tamall fada air Deirdre a ruaigeadh as a cheann.
Luigh sé siar ar an leaba. Ligfeadh sé a scíth ar feadh leathuair an chloig. Ansin rachadh sé síos staighre agus gheobhadh sé amach an raibh Wi-Fi ar fáil san áit seo.
Dhá lá ó shin, nuair a bhí a ríomhphost á sheiceáil aige i gcaifé idirlín i stáisiún na mbusanna in Rio, bhí teachtaireacht phráinneach roimhe as Londain, ag iarraidh air a mhíniú cén fáth nach raibh tús curtha aige leis an taighde fós. Meabhraíodh dó gur tugadh síneadh ama dó chun seachtain bhreise a chaitheamh ag foghlaim na teanga, ach go raibh mí caite anois agus nár chuala siad aon scéal uaidh. Mura ndeimhneodh sé láithreach bonn go raibh an taighde faoi lánseol, chuirfí an scoláireacht ar ceal agus bheadh air an chéad ghála, a bhí caite aige ar an turas go dtí an Bhrasaíl agus ar an gcúrsa Portaingéilise, a aisíoc.
Bhí mearbhall ar Eoin nuair a chonaic sé an teachtaireacht. Seans gur airsean a bhí an dul amú, ach shíl sé gur aontaíodh go bhféadfadh sé oiread ama a chaitheamh ag foghlaim na teanga is a theastódh chun líofacht réasúnta a bhaint amach; ar an ábhar sin ní raibh sé tar éis síneadh ama a lorg an athuair nuair ba léir dó nár leor seachtain amháin sa bhreis.
Ní raibh sa rud ar fad ach míthuiscint, ach ar mhí-ámharaí an tsaoil bhí an bus ar tí fágáil agus ní raibh an t-am aige freagra a chur ar ais. Mar bharr ar an mí-ádh, ní raibh Wi-Fi ar an mbus ná in aon cheann de na stáisiúin ar an mbealach.
Bhí sé san fhaopach anois. Mura n-éireodh leis teagmháil a dhéanamh le Londain gan mhoill, d’fhéadfadh an mhíthuiscint fhánach seo deireadh a chur lena bhrionglóid bhundúchasach. Bhí rudaí i bhfad níos daoire sa Bhrasaíl ná mar a shamhlaigh sé agus bhí uasteorainn rótharraingt a chuntais bainc nach mór bainte amach aige. Mura n-íocfaí an chéad ghála eile den scoláireacht go luath, bheadh sé ar ais i Sionainn laistigh de choicís, ag cartadh chac na gcapall in ionad marcaíochta a mhuintire.