Tuar Mhic Éadaigh
Stair agus Seanchas
Tuar Mhic Éadaigh
Stair agus Seanchas
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
An chéad chló 2010
© Cló Iar-Chonnacht 2010
ISBN 978-1-905560-39-4
Dearadh clúdaigh: Abigail Bolt
Dearadh: Deirdre Ní Thuathail
Tá Cló Iar-Chonnacht buíoch de Fhoras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil. |
|
Faigheann Cló Iar-Chonnacht cabhair airgid ón gComhairle Ealaíon. |
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon bhealach ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
Clóchur: Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Teil: 091-593307 Facs: 091-593362 r-phost: cic@iol.ie
Priontáil: CL Print, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
CLÁR
Réamhrá
Tuar Mhic Éadaigh sa Sean-Ré
Cogadh faoi Chreideamh
Cléir na hEaglaise Caitlicí sa 19ú hAois
Dúnmharú i Mám Trasna
An Gnáthshaol
Iarann
Aonach an tSléibhe
An tAthair James Corbett
Scoil Náisiúnta Choill an tSidheáin
Coláiste Chonnacht
Scéalta ón Imirce
Cogadh na Saoirse i dTuar Mhic Éadaigh
An Post
Misiúin
Na Daoine Uaisle
An Gnáthshaol
Nósanna agus Féilte
Filíocht agus Béaloideas
Go Contae na Mí 1937
Damhsa
Gaeltarra
Athchóiriú an tSéipéil
Toghchán Áitiúil 1955
Scoil na Sraithe
Coláiste Muire
Tuar Mhic Éadaigh le blianta beaga anuas
RÉAMHRÁ
Tá sé i gceist agam cur síos a dhéanamh sa leabhar seo ar stair agus ar sheanchas Thuar Mhic Éadaigh ar bhealach atá simplí agus soléite, ar féidir é a léamh le fonn cois teallaigh in áit ar bith ar domhan a bhfuil muintir na háite ag cur fúthu ann. Ba mhaith liom go mbeadh fáil ar an eolas seo chomh maith sna scoileanna áitiúla, ar phár agus ar an idirlíon. Ní saothar trom acadúil é seo, mar sin, ach an t-eolas atá ar fáil ó fhoinsí éagsúla cheana bailithe le chéile in aon imleabhar amháin. Ní scoláire ná saineolaí staire ná seanchais mé, ach duine ón taobh amuigh a chaith tréimhse i measc na ndaoine agus ar spéis liom a scéal. Stair agus seanchas trí shúile an strainséara atá ann, mar sin, mar ab fhacthas dom é agus mar a chuala mé é agus mé ag dul ó áit go háit mar shagart tríd an bpobal. Tá súil agam go spreagfaidh sé duine as an áit le stair iomlán chuimsitheach a scríobh, le haghaidh MA i gceann de na hollscoileanna, b’fhéidir. Ba mhaith liom mo leagansa de scéal na háite a fhágáil le huacht ag muintir Thuar Mhic Éadaigh nuair a imím chun na bhflaitheas, nó paróiste eile, cibé acu glaoch is túisce a fhaighim. I lámha Dé agus an Ardeaspaig atá na rudaí sin.
Ní fios go cinnte cé as ar tháinig an t-ainm ‘Tuar Mhic Éadaigh’ ná cén chiall atá leis. Tuigtear ‘tuar’ ceart go leor, áit ar cuireadh líon amach le bánú. Tugann foclóir an Duinnínigh ‘a bleach-green or yard’ mar mhíniú, agus tugann sé ‘lín-éadach ar tuar’ mar shampla de ‘the linen is a-bleaching’. Bhí tionscal an línéadaigh fairsing go maith sa cheantar mar atá a fhios againn ó logainmneacha eile ar nós Tuar na bhFód, Tuar na Lín, Tuairín agus eile. Tá sráid i gCaisleán an Bharraigh ar a dtugtar Linenhall Street agus tá an Linen Hall féin ina ionad ealaíon anois. Baineann na deacrachtaí leis an ainm le ‘Mhic Éadaigh’. An duine a bhí ann? Nó ar tugadh focal ‘éadaigh’ isteach sa scéal mar gheall ar an línéadach? Ní fios. Maíonn na daoine a chónaíonn le taobh an bhóthair go Doire Mhianaigh gurb é sin an ‘Tuar Mhic Éadaigh dáiríre’ ónar thóg an ceantar uilig an t-ainm.
Tá leabhair iomlána scríofa cheana faoi dhaoine a raibh baint acu le Tuar Mhic Éadaigh, ar nós A Radical Priest In Mayo – Fr Patrick Lavelle: the rise and fall of an Irish nationalist le Gerard Moran (1994). Cur síos ar dhúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882 atá sa leabhar Maamtrasna: The Murders and The Mystery (1992) le Jarlath Waldron, sagart pobail Phartraí agus Thuar Mhic Éadaigh idir na blianta 1981 agus 1993. Scríobh an tAthair Lavelle faoi na tiarnaí talún áitiúla agus náisiúnta ina leabhar féin, The Irish Landlord Since The Revolution (1870). Rinne an tOllamh Seán de Búrca ó Ghleann Sál staidéar teangeolaíoch ar Ghaeilge an cheantair in The Irish of Tourmakeady, Co. Mayo: A Phonetic Study (1958). D’fhoilsigh an Coiste Oidhreachta áitiúil leabhar, Coláiste Chonnacht, le haghaidh comóradh céad bliain an choláiste i 2005. D’fhoilsigh Micheál Lally, de bhunadh na Sraithe, leabhar faoi luíochán Thuar Mhic Éadaigh, The Tan War, Ballyovey, South Mayo, sa bhliain 2008. D’fhoilsigh an Captaen Dónal Buckley leabhar faoin ábhar céanna an bhliain sin chomh maith, The Battle of Tourmakeady: Fact or Fiction?.
Tá giotaí staire agus seanchais le fáil san iris bhliantúil dhátheangach Waterfall Thuar Mhic Éadaighó 1987 i leith, iris a bhfuil trí eagrán is fiche de ar an bhfód faoi seo, éacht déanta bliain i ndiaidh bliana ag an lucht eagraithe agus eagarthóireachta. Chomh maith le stair agus seanchas, tá fáil san iris ar amhráin agus dánta i nGaeilge agus i mBéarla faoi eachtraí tábhachtacha i stair an pharóiste. Dá mbeadh na scríbhinní seo ar fad curtha i dtoll a chéile bheadh leabhar chomh mór leis an mBíobla Naofa i gceist. Nílim ag rá nach bhfuil Bíobla Thuar Mhic Éadaigh chomh naofa leis an gceann eile, ach geallaim nach mbeidh mo leagansa de scéalta na háite chomh fada ná chomh casta.
Le linn dom a bheith i mo shéiplíneach ar Oileáin Árann i seachtóidí agus ochtóidí an chéid seo caite chuala mé daoine ag rá gur mó a bhí scríofa faoi na hoileáin sin ná áit ar bith eile ar domhan. Tá an scéal céanna ag muintir an Blascaoid Mhóir. Ach ní dóigh liom go bhfuil Tuar Mhic Éadaigh i bhfad taobh thiar díobh, go háirithe nuair a chuirtear an méid a scríobhadh sa Waterfall le trí bliana fichead san áireamh. Cuirim béim sa leabhar seo ar a scríobhadh i nGaeilge, cé go bhfuil sliochta i mBéarla freisin ann, mar a bheifeá ag súil leis i gceantar dátheangach. Léiríonn cuid de na scríbhneoirí a líofacht i nGaeilge agus i mBéarla. Ní bheifí ag súil, ar ndóigh, go mbeadh Gaeilge ag an darna nó an tríú ghlúin d’imirceoirí, ach is cuid thábhachtach de dhiaspóra na háite iad agus a gcuid scéalta. Léirigh said a dtacaíocht don ‘bhaile’ uair ar bith a theastaigh sé: leis an gColáiste a cheannach, leis an bpáirc peile a fheabhsú, le cuidiú le daoine a bhí gortaithe, agus ar bhealaí go leor eile.
Tá ainm Thomáis Uí Éanacháin luaite níos minice mar scríbhneoir agus mar staraí áitiúil sa leabhar seo ná duine ar bith eile. Fuair sé bás in aois a sheacht mbliana agus ceithre scór ar an 24 Meán Fómhair 2009. I mbun cainte dom ag a shochraid luaigh mé an méid a scríobh sé don Waterfall anuas trí na blianta. Scríobh Eibhlín Ní Mháille ón tSraith, a bhí ag muineadh scoile leis i gCoill an Bhaile, faoi Thomás i Waterfall na bliana 2009: ‘Bhí baint mhór aige le haon ní a rinne forbairt air, nó a neartaigh an ceantar seo. Ba é an tsnaidhm a nasc na nithe seo uile dósan ná labhairt na Gaeilge.’
Tá sé bliana agus dhá fhichead imithe ó sheas mé de chéaduair i dTuar Mhic Éadaigh mar oibrí de chuid Chomhairle Chontae Mhaigh Eo. Ní mórán dochair a rinne mé don tsluasaid a bhí i mo lámha ag an am, agus bhí mé ar mo bhealach go Maigh Nuad go gairid ina dhiaidh sin. D’fhill mé mar shagart níos mó ná deich mbliana fichead ina dhiaidh sin, agus tá an-taitneamh bainte agam as na blianta atá caite agam idir cnoic is loch ó 1995 i leith.
Cúig bliana déag atá caite agamsa mar shéiplíneach i dTuar Mhic Éadaigh agus aithne curtha agam ar thogha na ndaoine. Tá carachtair mhóra imithe ar shlí na fírinne ó tháinig mé anseo. Is minic ráite gur faraor nár scríobhadh síos an t-eolas a bhí aige seo nó aici siúd; ach i gcomparáid le pobail eile sílim gur mó de sheanchas na háite ar phár anseo ná in áit ar bith eile sa tír, de bharr an Waterfall. Chomh maith leis an eolas áitiúil inti tá scéalta freisin ó Chicago, ó Sydney, ó Albain, ó Shasana agus chuile áit eile ar fud an domhain ar scaip an imirce muintir Thuar Mhic Éadaigh. Deirtear gur mó de na daoine a baisteadh anseo anuas trí na blianta atá lonnaithe i Chicago ná i Maigh Eo anois, ach le blianta beaga anuas is mó den aos óg atá ag socrú síos in Éirinn agus ina n-áit dúchais féin. Tugtar sin faoi deara ar pháirceanna peile níos mó ná aon áit eile, agus craobhacha contae agus cúige buaite ag foireann na háite ag an leibhéal idirmheánach i 2006. Tá an óige ag fanacht sa bhaile ar deireadh, buíochas le Dia.
Gabhaim buíochas le Bord na Leabhar Gaeilge, atá faoi scáth Fhoras na Gaeilge anois, as coimisiún a bhronnadh orm chun an leabhar seo a scríobh. Mo bhuíochas freisin le hÚdarás na Gaeltachta, agus le Leabharlann Chontae Mhaigh Eo, a chuidigh liom taighde a dhéanamh. Táim buíoch freisin de choiste eagarthóireachta an Waterfall a thug cead dom sleachta a úsáid as na heagráin éagsúla den iris.
TUAR MHIC ÉADAIGH SA SEAN-RÉ
Rinne Seán Ó Maolchaoin, arbh as Contae an Chláir dó ó thús, ach a raibh cónaí air i lár an bhaile i dTuar Mhic Éadaigh lena bhean, Rós, agus a chlann le níos mó ná fiche bliain sula bhfuair sé bás i 2006, cur síos ar chúlra geolaíochta an cheantair in alt a scríobh sé i 1991.1 Ollamh i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, agus saineolaí ar chúrsaí ithreach agus cloiche a bhí ann. Thosaigh an réabadh ar fad as ar eascair an saol atá anois ann 490 milliún bliain ó shin, ar sé. Ag an am ní raibh an ceantar ar a dtugtar Tuar Mhic Éadaigh anois ach sé chéad míle taobh thoir de Cheanada agus Talamh an Éisc. Ní bheadh trácht ná tuairisc ar an duine daonna go ceann 488 milliún bliain eile.
Bhí idir mhuir agus tír trína chéile san áit ag an am. Ar an talamh d’fhág srutháin agus aibhneacha carraigeacha, clocha beaga, gairbhéal agus gaineamh ina ndiaidh. Ghreamaigh siad seo dá chéile agus d’fhág an rud ar a dtugtar an Derryveeney rock formation sa gheolaíocht, atá le feiceáil sa bhaile fearainn Doire Mhianaigh. Tá a leithéid le feiceáil ag Eas na Coille sa bhforaois freisin. I nGleann Sál tá doimhneas 220 méadar sna carraigeacha seo le 180 méadar de ghaineamhchloch os a gcionn. Feictear an rud céanna níos airde arís ag Tóin na Sáile. Thart ar chaoga milliún bliain a mhair an tréimhse sin, an t-am a raibh fáil ar éisc de chéaduair ar an domhan seo.
Bhí bolcáin agus clocha leáite ann ar feadh tréimhsí agus an ceantar faoi sháile. Feictear torthaí na mblianta sin thart ar Dhroim Chagaidh agus An Seanghort. Tugtar na Shanghort Beds ar a bhfuil fágtha i ndiaidh na mbolcán, agus go háirithe tar éis pléascán mór cloiche a bhfuil a rian le feiceáil thart ar Ghleann Sál. Chuir Seán carraigeacha na háite i gcomparáid leis an ngeolaíocht thart ar shléibhte Appalacia i Meiriceá agus clocha den tsórt céanna i dTalamh an Éisc. Deir sé: ‘It is interesting to note that the names of Tourmakeady, Maumtrasna, Derryveeney and Derrypark are now as well known in geological circles as to be household names.’2
Is beag atá ar eolas faoinar tharla ó thaobh dhromchla na talún de as sin go dtí céad míle bliain ó shin, nuair a bhí gach rud cé is moite de na cnoic is airde faoi leac oighir. Creidtear go raibh airde céad méadar de leac oighir i gceantar Thuar Mhic Éadaigh, gach rud ach barr na gcnoc i Sléibhte Phartraí faoina scáth. Is ón am sin a tháinig na locha sna Déirc, cuid acu go hard i measc na gcnoc. De réir a chéile thosaigh an leá agus as sin na hoighearshruthanna, a d’oibrigh mar shnoíodóirí ar dhreach na talún agus a d’fhág na cnocáin ísle idir na cnoic mhóra agus an talamh réidh atá níos gaire do Loch Measca.
Agus an aeráid ag éirí níos teo le himeacht na mblianta thosaigh féar agus crainn ag fás. Tháinig ainmhithe ar nós an fhia. Thart ar chúig mhíle bliain ó shin a tháinig daoine, i mbun seilge ar dtús is dóigh. Tá iarsmaí ón am seo fós le feiceáil thart faoin gceantar, mar fhulacht fiadh i gceantar na Creiche, ar an taobh eile de Loch Measca. Is beag eolas eile atá againn faoinar tharla sa taobh seo tíre go dtí aimsir na Críostaíochta, agus níl an t-eolas sin féin an-chruinn, cheal scríbhinní. Óbha Ceara a tugadh ar an áit a bhfuil paróiste Phartraí agus Tuar Mhic Éadaigh i láthair na huaire suite, mar chrú capaill, d’fhéadfá a rá, thart ar an taobh ó thuaidh de Loch Measca.
Bhí lucht eaglasta ó Óbha Ceara, Laobhán agus Foirtchearn, ag tionól Dhroim Ceat in AD 590 in éindí le Muireadach, pátrún Dheoise Chill Ala i dtuaisceart Mhaigh Eo, chomh maith le Greallán ó Chrebh agus Bede ó Inis Ceá. Bhí baint ag Naomh Finín leis an bparóiste agus tugtar ómós dó sa logainm Leitir Fhinín sa taobh tíre ó dheas den pharóiste. Bheannaigh sé altóir i mBaile an Tobair in aice láimhe.3 Tá séipéal i Loch Ceara, Cill Fhinín, tiomnaithe don naomh freisin. Tá baint ag roinnt de na hoileáin i Loch Measca leis na naoimh, Oileán Cholm Cille ina measc. Tá ballaí ansin a tógadh siar chomh fada leis an seú haois, ceaptar. Tá tobar beannaithe i nDroim an Draighin ar a dtugtar Tobar Chaoile nó Chaolach, ach is beag eolas atá ar fáil faoin mbean sin.
Tá ráflaí staire ann go raibh Foirtchearn ina easpag tamall, gur theastaigh ó Naomh Lomán in Áth Troim gurbh é a bheadh mar chomharba air agus gur dhiúltaigh sé a bheannacht nó gur ghlac Foirtchearn leis an bpost. D’éirigh sé as tar éis trí lá. Níl aon chinnteacht ag baint leis an scéal mar gheall ar dhátaí agus aois na naomh áirithe seo, ach, ar ndóigh, ní haon dochar maíomh as gur dóigh go raibh easpag sa pharóiste tráth. Maidir le fothracha ón tseanaimsir, is ón tríú haois déag an méid atá fágtha i reilig Pháirc an Teampaill, mórán ar comhaois leis na ballaí ársa atá caomhnaithe go maith i lár na reilige i gCill Chiaráin, gar do bhruach Loch Ceara ar an taobh eile den pharóiste.
Tugtar Sléibhte Phartraí ar na cnoic os cionn Thuar Mhic Éadaigh agus tugadh ‘Mountpartry’ ar an bparóiste fré chéile thart ar chéad bliain ó shin. Thug Ruairí Ó Flaithearta ‘Partrigia de Monte’ agus ‘Partrigia de Lacu’ ar an dá thaobh ina shaothar Ogygia, agus cuid de na scríbhneoirí eile ‘Partraighe an tSléibhe’ agus ‘Partraighe an Locha’. Dúirt Dubhaltach Mac Fhirbhisigh: ‘Tuatha Phartraighe ó Ath na Mallachtán go Glaisí Guairt na Lainde, agus ó Chaol na bhFál agus ó Goirmialláin agus ó Dorchaidhe a Taisceadh’. Nó ‘Taisígheadh Uí Dhorchaidhe’ amháin de réir leabhair Shéamais agus Ghiolla Íosa Mhic Fhirbhisigh.4 Luann Mac Fhirbhisigh ‘Ó Banán ó Bhaile Uí Bhanáin’, baile is furasta a aithint go dtí an lá atá inniu ann.
Ar bharr an tsléibhe i nDroim Chagaidh, gar do Lochán Sí, tá ciorcail gearrtha sa chloch, nach bhfuil a fhios go baileach cén aois iad, ach ón gclochaois neoiliteach de réir staidéir a rinne Christian Corlett. Deir seisean: ‘The landscape situation of this site indicates that the rock art here forms an intrinsic part of a sacred national landscape on a mountain top far removed from the living man-made landscape below.’5 Deirtear nár frítheadh ach sampla amháin eile den chloch-ealaín seo i gCúige Chonnacht: i mBuaille, gar do Chruach Phádraig. Tá an tsnoíodóireacht seo 1,200 troigh os cionn leibhéal na farraige, déanta i ngleann ar bhealach nach bhfeicfí go héasca, rud a thaispeánann, de réir na dtuairiscí, go raibh baint ag an áit le cúrsaí reiligiúnda nó spioradálta.
Is léir gur sine an obair chloiche seo i bhfad ná na fothracha atá tagtha anuas chugainn ó thús ré na Críostaíochta, ach muna bhfuil cruinneas ag baint leis an stair ón aimsir sin, níl locht ar bith ar an seanchas ó Lochán Sí.
Tá Ráth an Óir i ngar don lochán sin agus tá scéalta faoi ar nós ‘Scéal Mháire na Rann’. Tógadh an scéal seo a leanas faoi Mháire na Rann ó P. O’Meara (Peaitín Pháidín Eoin) agus foilsíodh san iris Béaloideas é sa bhliain 1940:
Bhí bean i mo pharóiste féin arbh ainm di Máire Ní Chonacháin ach bhí an leasainm uirthi ‘Máire na Rann’. ’Sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin uirthi ná mar bhí sí an-thráthúil go deo ina cuid cainte. ’Sé an ghairm a bhí aici bheith ina bean páistí. Bhí sí lá ag dul an bóthar le bean eile nuair a léim frog suas ar a toiseach. Thug Máire speach dhó. ‘Muise shoraidh dhíot,’ a deir an bhean eile. ‘Níor cheart duit an frog bocht a bhualadh.’ ‘Nár fhaighe sé biseach,’ a deir Máire, ‘go mbeidh mise i mo dhochtúir aige.’ An oíche chéanna tháinig fear ag Máire go mall san oíche. Nuair a bualadh buille ar an doras d’éirigh Máire go tobann. Chonaic sí fear ar chapall taobh amuigh den doras agus shíl sí go raibh glaoch faighte aici. D’ullmhaigh sí í féin le gabháil leis agus chuaigh sí amach aige. Shuigh sí suas taobh thiar den fhear. Thiomáin seisean leis agus chuaigh sé amach bóthar Thóin na Sáile agus síos tré Ghleann na gCaisín. Cheap Máire go raibh sé ag dul go teach éigin i nGleann na gCaisín ach choinnigh sé leis i dtreo Ráth an Óir. Bhraith Máire gur rud éicint neamhshaolta a bhí ag éirí. Nuair a shroich siad Ráth an Óir dúirt an fear, ‘Istigh. Nuair a bheas tú réidh san áit atá tú ag gabháil beidh tú ag fáil bronnntanas ach ná glac tada. Imigh mar a tháinig tú.’ Chuaigh Máire go bean i Ráth an Óir agus thug sí páiste ar an saol an oíche sin. B’iomaí sin bronntanas a tairgeadh di ach d’obaigh sí iad go léir. Ag dul amach an doras di chuir bean píosa éadaigh nó seál faoina hascail ach ar an mbealach abhaile bhuail aiféala í agus chuir sí an t-éadach isteach i gcruach mhóna. Ghlac an chruach tine an oíche sin agus ní raibh fanta ar maidin ach a luaith.6
Ba as Tuar na bhFód í Máire agus ba í seanmháthair na ndeirfiúracha Uí Mhaolalla i nDoire Easa í, a deir an tuairisc.
Tá scéal i seanchas an cheantair faoi bheirt fhear a d’fhág an baile i rith na hoíche i lár an tsamhraidh go gceannóidís searrach i gCathair na Mart. Thart ar Ráth an Óir chonaic siad teach nach bhfaca siad riamh cheana; bhí soilse sna fuinneoga, agus ceol le cloisteáil chomh maith leis an torann a rinne daoine ag rince. Thograigh duine acu dul isteach lena phíopa a lasadh. D’fhan a chompánach ag an doras. Bhí dúil ag an té a chuaigh isteach sa damhsa agus ghlac sé le cuireadh dul amach ar an urlár. Lean sé leis an rince fiú nuair a ghlaoigh an fear eile air. D’imigh sé sin leis, ag súil go mbeadh an fear eile ina dhiaidh ar ball. Chasfaí ar a chéile iad ag an aonach, a cheap sé. Níor chas agus ní raibh tásc ná tuairisc ar a chara. Chuaigh sé abhaile lá arna mhárach dá uireasa. Shíl daoine gurbh amhlaidh go raibh an fear eile maraithe aige, agus cuireadh fios ar na póilíní. Cuireadh dúnmharú ina leith. Cé a chreidfeadh a scéal faoin teach draíochta agus faoin damhsa a bhí ar siúl ann? D’iarr sé ar na póilíní teacht leis go Ráth an Óir an bhliain dár gcionn, an lá is faide sa bhliain. Nuair a shroich siad an áit bhí an teach ann rompu agus damhsa ar siúl, a chara ón mbliain roimhe sin fós ina measc siúd ar an urlár. Rinne sé cinnte gur tháinig sé abhaile leis an uair seo.
Is iomaí scéal eile a insítear faoi Ráth an Óir, faoi shióga, draíocht agus rudaí aisteacha a tharla thart ar an áit. Is cuid den seanchas iad, agus ar bhealach is féidir a rá go bhfuil siad chomh tábhachtach ina mbealach féin le fíricí na staire mar is eol dúinn iad. Is beag difríocht a dhéanann sé má chreid daoine sna sióga nó munar chreid. Ba iad a gcuid scéalta iad, fíor nó bréagach, agus tharraing siad aird ar áiteacha a raibh stair agus spioradáltacht ag baint leo ar bharr an tsléibhe. Bhí scéalta eile fite fuaite leo sin, scéalta ón am nach raibh chomh fada céanna siar, faoi na Pluincéadaigh, faoin Athair Pat Lavelle, faoin luíochán ar fhórsaí Shasana, faoi phraghas na mbeithíoch ar an aonach Lá Fhéile Peadair is Póil. Maireann stair an phobail sa seanchas agus sna scéalta. Fágtar faoin té a éisteann nó a léann a fháil amach an fíor nó bréagach iad. Nach é sin an fáth gur chríochnaigh Íosa Críost go leor dá chuid parabal féin leis na focail ‘Éisteadh an té a bhfuil cluasa air.’
Is beag an rogha atá ag an té atá ag iarraidh stair a scríobh ach léim ar aghaidh ón am faoi bhrat cheo an tseanchais go dtí tagairtí atá ar phár ag am a raibh an páipéar féin gann. Fiú i stair na tíre is féidir linn méar a leagan ar dháta a tharla cath nó cogadh ach is beag atá ar eolas againn faoi ghnáthshaol na ndaoine – céard a d’ith siad, céard a d’ol siad, cén sórt éadaigh a chaith siad? An raibh an tír faoi fhoraoisí? An raibh bóthar nó bealach ann? An raibh mórán daoine i gceantair áirithe? Tá beagán ar eolas againn faoi na taoisigh agus na móruaisle, faoi na manaigh a scríobh síos na scrioptúir, ach is beag atá ar eolas againn faoi ghnáthimeachtaí an lae.
Tháinig Tomás Ó hÉanacháin ar thagairtí do cheantair Phartraí agus Thuar Mhic Éadaigh san iris Analecta Hibernica, cáipéisí de chuid mhuintir Uí Loingsigh. Tógadh an chuid seo ó chonradh a rinne Lord Viscount Mayo, mac le Tiobóid na Long, agus Sir Roebuck Lynch ar an 2 Aibreán 1666: ‘ Indenture between 1) Sir Henry Lynch of Castlecarra, Co. Mayo, Baronet, and Robuck Lynch, Esq., his son and heir apparent, and 2) Robert Blake of Ardfry, Co. Galway, Esq., Arthur Lynch of Cloonchlagin, Co. Mayo, gent…’ Ní gá leanacht leis sin ach amháin le cuid de na bailte agus na logainmneacha aitheanta a lua: ‘Townekeddy, Derryweeny, Drumhagh, alias Drumchoggy, Gortvallderrig, Ballybanmore, alias Ballybanan and Glanmaske, Cappaghduffe’.7 Aithníonn muintir na háite na hainmneacha seo agus tuilleadh, fiú muna bhfuil an litriú i mBéarla mar atá sa lá atá inniu ann.
Déanann cáipéis spéisiúil eile cur síos ar uacht a thugann le fios go raibh crainn fairsing sna sléibhte, áit nach bhfuil crann ar éigean anois:
I, Paule Henaghan, being of perfect memory and remembrance praised by God do make and ordain this my last will and testament … I do declare that I was employed by Mr Arthur Lynch to cut wood and and strip bark in all of Sir Henry Lynch’s wood in the mountain of Partry … 8
Ceaptar gurb é an fáth nach bhfuil mórán seaniarsmaí ná fothracha le fáil sa cheantar, murab ionann agus Baile an Tobair ar thaobh amháin agus Achadh Ghobhair ar an taobh eile, ná go raibh an áit clúdaithe le foraois, rud a thugann an uacht sin le fios.
Is cosúil go raibh gaol ag an Loingseach atá luaite thuas le cuid de threibheanna na Gaillimhe, chomh maith le Ó Dorchaidhe (D’Arcy) a luann Mac Fhirbhisigh. Fuair an Loingseach, arbh as Cor an Dola é, talamh ó na Búrcaigh agus na Standúin i 1666. Fuair Henry, an Bairnéad, agus an Caitliceach deireanach sa chlann, bás sa Fhrainc i 1691 agus ba é a bhronn Cailís Lynch Blake ar shéipéal Cheathrú na gCon. Phós mac leis gariníon Blosse Lynch agus ba leis an gclann sin teach mór an Chlochair, cé gurb iad muintir Fitzgerald Kenny atá luaite leis sin ina bhlianta deireanacha de bharr cleamhnais. Ba é James Fitzgerald Kenny, T. D., ón gclann sin, a ghlac áit Kevin O’Higgins mar Aire Dlí agus Cirt i Rialtas Chumann na nGaedheal nuair a dúnmharaíodh O’Higgins i 1926.
D’athlonnaigh muintir Blosse Lynch go Balla Álainn, áit a bhfuil an scoil dara leibhéal faoi láthair, thart ar 1750. Faoin am seo ba le Blácach, a phós duine de na Loingsigh, talamh Thuar Mhic Éadaigh. Dhíol siadsan an talamh le muintir Uí Mhórdha, ó Halla Uí Mhórdha (Moorehall) i 1795, ach cheannaigh siad ar ais é tuairim is leathchéad bliain ina dhiaidh sin nuair a bhí na Mórdhaigh báite i bhfiacha. Dhíol na Blácaigh an talamh le Mistéalach a raibh a chuid airgid déanta aige ag díol adhmaid agus ba leisean é go dtí Acht Talún Wyndham i 1903, nuair a tosaíodh ar thalamh na dtiarnaí talún a roinnt ar na tionóntaí.
Bhí, agus tá, dea-cháil ar mhuintir Uí Mhórdha mar thiarnaí talún go dtí an lá atá inniu ann. Caitlicigh a bhí iontu ar éirigh leo a gcreideamh agus a gcuid talún a choinneáil nuair ba dheacair a leithéid a dhéanamh. B’fhéidir gur éirigh leo teacht slán mar gheall nár cheannaigh siad an t-eastát a bhí acu ar bhruach Loch Ceara go dtí 1784. Rinne siad a gcuid airgid ar fhíon in Alicante na Spáinne. Bhain siad iaidín as feamainn freisin le heaspórtáil as Gaillimh. Deirtear go raibh gaol acu le Naomh Thomas Moore, Ard-Seansailéir Anraí VIII, a cuireadh chun báis i 1535 mar nár aontaigh sé leis an Rí ar cheisteanna colscartha. Thóg John Moore, a rugadh i 1767, taobh na bhFrancach nuair a tháinig siad i dtír i gCill Ala i 1798, agus ceapadh ina Uachtarán ar Phoblacht Chonnacht é nuair a díbríodh na Sasanaigh as Caisleán an Bharraigh. Gabhadh é i mBaile na Muc, Contae Longfoirt, tar éis do na Francaigh agus a lucht tacaíochta a bheith scriosta. Chaith a athair £2,000 ag iarraidh é a chosaint ón mbás. Bhí sé daortha le bheith díbrithe don Astráil nuair a fuair sé bás i bPort Láirge.
Tagann cuid den dea-cháil a bhí ar mhuintir Uí Mhórdha uaidh sin agus ón gcapall rása Corunna (‘Coranna’ in áiteacha) a bhuaigh £17,000 sa Chester Cup in 1846 – dúradh gur caitheadh an t-airgead seo ar mhaithe leis na tionóntaí. Ina bheathaisnéis faoin duine is óige agus is faide a mhair den chlann, an scríbhneoir George Moore, tugann an t-údar, Adrian Frazier, le fios go raibh fadhb chearrbhachais ag George Henry Moore, ar leis Moorehall thart ar an am a tógadh an séipéal i dTuar Mhic Éadaigh. Bhí anspéis aige féin agus ag a dheartháir Augustus sna capaill:
The two developed a passion for horses, and within a few years had, against the wishes of their mother (her youngest son had already been killed by a fall from a horse), set up a racing stable at Moore Hall. They became known as two of the most daring riders in the West of Ireland, with George Henry gaining the name of ‘Wolfdog’ Moore after one of his horses.9
Tá sé ráite gur chaill George Henry Moore níos mó ná mar a shaothraigh sé ar na capaill. Fuair Augustus bás nuair a thit sé dá chapall, Micky Free, i Learpholl sa bhliain 1845. Chuaigh George Henry sách gar don bhás é féin cúpla uair tar éis dó titim dá chapall, agus idir sin agus bás a dhearthár, d’éirigh sé as an rásaíocht ar fad. Ghlac sé páirt i rás eile, ar ndóigh: rás na polaitíochta. Deir Frazier: ‘He emerged as a unique figure on the political scene, a radical, patriotic Irish landlord’.10 Toghadh ina M.P. é in 1847. Cé go raibh meas ag a chuid tionóntaí air, ba thiarna talún fós é dar le lucht Ribíní, a rinne roinnt dochair d’eallach ar a eastát.
Is léir óna bheathaisnéis go raibh díomá ar George Moore, an scríbhneoir a chuaigh leis an bpéintéireacht i dtosach, as a shaol a chaitheamh go drabhlásach i bPáras leis na péintéirí Manet agus Toulouse Lautrec agus a leithéidí nuair a chuir sé an saol sin i gcomparáid le botháin na mbocht ar a eastát féin. Luann Frazier:
The Parisian Irishman is even surprised by the condition of Carnacon, the village just down the hill from Moorehall, noticing as if for the first time the dwellings of those who worked in his family’s smithy, laundry, sawmill, byres and garden: About each doorway is a dungheap in which a pig wallows in the wettest and children play in the driest part … [inside the house] the floor is broken in places and rain collects in the hallows. A large pig, covered with lice, feeds out of a trough placed in the middle of the floor, and the beast from time to time approaches and smells at the child sleeping in a cot by the fireside … as we have seen the pig, let us see the family at dinner.11
Nótaí
1Seán Ó Maolchaoin, ‘Tourmakeady – from olden times’, Waterfall Thuar Mhic Éadaigh (1991), 10.
2Ibid.
3Thomas Heneghan, ‘Ballovey Parish – its history’, Waterfall Thuar Mhic Éadaigh (1994), 41.
4Ibid.
5Tomás Ó hÉanacháin, ‘Rock Art of Drimcoggy Mountain’, Waterfall Thuar Mhic Éadaigh (2000), 22.
6Luaite ag Tomás Ó hÉanacháin, ‘Máire na Rann’, Waterfall Thuar Mhic Éadaigh (1993), 66.
7Tomás Ó hÉanacháin, ‘Giota Staire’, Waterfall Thuar Mhic Éadaigh (2001), 39.
8Ibid., 23.
9Adrian Frazier, George Moore 1852–1933 (Yale, Yale University Press, 2000), 7–8.
10Ibid., 8.
11Ibid., 74.