cover

Scothscéalta

Scothscéalta

Pádraic Ó Conaire

Images

Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara

Is é Tomás de Bhaldraithe a chuir an bunsaothar in eagar.

ISBN 978-1-905560-50-9

Dearadh clúdaigh: Abigail Bolt
Dearadh: Deirdre Ní Thuathail

image

Tá Cló Iar-Chonnachta buíoch de Fhoras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.

image

Faigheann Cló Iar-Chonnachta cabhair airgid ón gComhairle Ealaíon.

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon bhealach ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Clóchur: Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Teil: 091-593307 Facs: 091-593362 r-phost: cic@iol.ie
Priontáil: Future Print, Baile Átha Cliath 13

Clár

Réamhrá le Pádraigín Riggs

Teatrarc na Gaililí

Beirt Bhan Misniúil

Ná Lig Sinn i gCathú

An Bhean ar Leag Dia Lámh Uirthi

Anam an Easpaig

Nóra Mharcais Bhig

Neill

An Bhean a Ciapadh

Páidín Mháire

M’Fhile Caol Dubh

Images

Réamhrá

Foilsíodh Scothscéalta den chéad uair sa bhliain 1956. Bhí údar na scéalta, Pádraic Ó Conaire, marbh le beagnach tríocha bliain faoin am sin – cailleadh é sa bhliain 1928 – agus bhí an chuid is mó dá shaothar as cló. Bhí an gearrscéal, mar fhoirm liteartha sa Ghaeilge, faoi bhláth i gcaogaidí na haoise seo caite. Sa bhliain 1952 d’fhoilsigh Tomás de Bhaldraithe an cnuasach Nuascéalaíocht 1940-1950, ina raibh gearrscéalta ó údair éagsúla, a bhí i gcló in irisí i gcaitheamh na tréimhse sin. Idir 1953 agus 1955, foilsíodh trí chnuasach eile: Dúil le Liam Ó Flaithearta (1953), Cois Caoláire le Máirtín Ó Cadhain (1953) agus Bullaí Mhártain le Síle Ní Chéileachair agus Donncha Ó Céileachair (1955). Bheartaigh de Bhaldraithe gurbh fhiú an chuid ab fhearr de shaothar gearrscéalaíochta Uí Chonaire a bheith ar fáil, leis; mar sin roghnaigh sé deich gcinn de scéalta ó leabhair éagsúla de chuid an údair, chuir sé amach iad in aon chnuasach amháin agus thug sé Scothscéalta mar theideal air.

Images

Saolaíodh Pádraic Ó Conaire i gcathair na Gaillimhe sa bhliain 1882. B’as Ros Muc dá athair, Tomás, agus b’as cathair na Gaillimhe dá mháthair, Kate McDonagh. Bhaineadar araon le haicme ghustalach, a raibh seasamh acu i gcúrsaí gnó agus sna gairmeacha. Bhí teach tábhairne ag muintir Chonaire ar na Duganna nuair a saolaíodh Padraic. Bhí beirt mhac eile sa chlann, a bhí ní b’óige ná é, Michael agus Isaac. D’imigh an t-athair go Meiriceá nuair a bhí Pádraic sé bliana d’aois agus níor fhill sé riamh agus sé bliana ina dhiaidh sin cailleadh a mháthair go tobann. Bhí an chlann óg gan athair gan mháthair anois, agus cuireadh siar go dtí tuismitheoirí an athar iad i nGairfean, Ros Muc. Siopadóirí móra ab ea muintir Chonaire ansin agus rinneadar cuid mhaith dá ngnó ar an bhfarraige, timpeall Cheantar na nOileán, i mbáid. Nuair a cailleadh Mary Conroy, máthair chríonna na leanaí, sa bhliain 1896, is dealraitheach gur cuireadh Pádraic agus Michael ó dheas go Contae an Chláir chun fanacht le n-aintín, deirfiúir a máthar, ach dhá bhliain ina dhiaidh sin d’aistrigh Pádraic a áitreabh arís, nuair a cuireadh go dtí Coláiste Charraig an Tobair é, i gContae Thiobraid Arann, ar an tuiscint go rachadh sé le sagartóireacht. Laistigh d’aon bhliain amháin chaith sé an áit sin a fhágáil nuair a dúnadh an chliarscoil, agus cuireadh é go dtí scoil eile de chuid an oird, Coláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, mar a raibh sé in aon rang le garsún darbh ainm dó Éamon de Valera. D’fhág Pádraic an coláiste sin – nó cuireadh as an gcoláiste é, de réir dealraimh – i mí Iúil 1899, gan an scrúdú Idirmheánach a dhéanamh. I mí Eanáir na bliana 1900, agus é ocht mbliana déag d’aois, thosaigh sé ag obair mar státseirbhíseach, i Londain Shasana. Post suarach a bhí aige mar chléireach i mBord an Oideachais ansin agus bhí an pá suarach dá réir. Má bhí saol suaite aige agus é ag fás aníos in Éirinn – bhí sé tar éis a áitreabh a athrú sé huaire i gcaitheamh a shaoil go dtí seo – ní raibh áitreabh buan aige i gcaitheamh a thréimhse i Londain ach oiread, ach é ag aistriú ó theach go teach, nó gur fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1915. D’fhág sé bean agus clann ina dhiaidh i Londain.

Chaith Ó Conaire an chuid eile dá shaol in Éirinn, agus é ag maireachtaint ón láimh go dtí an béal. I gContae na Gaillimhe agus i mBaile Átha Cliath is mó a bhí sé sna blianta sin ach ní raibh áitreabh seasmhach aige in aon áit. Bhí sé ag ól go trom agus de réir a chéile theip a shláinte air. Ní raibh sé ach sé bliana is daichead nuair a cailleadh é in Ospidéal Lorcáin Naofa, i mBaile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair na bliana 1928. Ní raibh de sheoladh baile aige ar theastas a bháis ach “Patrick O’Conaire of Salthill, Galway”, agus ba í a shlí bheatha de réir an teastais sin ná “journalist”. Tá sé curtha i nGaillimh.

Images

Níor chainteoir dúchais Gaeilge é Pádraic Ó Conaire, ach bhí Gaeilge timpeall air i gcónaí, pé acu an raibh sé ina chónaí in Éirinn nó i Londain. Bhí Béarla timpeall air i gcónaí chomh maith. Gaeilgeoir ó Chonamara ab ea a athair, Tomás, ach, de réir nós na haimsire, labhair muintir Chonaire Béarla eatarthu féin sa teach. Is cinnte go raibh Gaeilge le cloisteáil ag Pádraig chomh maith, áfach, agus é ina leanbh. Labhartaí Gaeilge le muintir Chonamara i dteach tábhairne a mhuintire, agus dúirt sé féin go raibh Gaeilge ag an mbean óg a bhí ag tabhairt aire dó agus é beag. Nuair a cuireadh é féin agus a dheartháireacha siar go Ros Muc tar éis bhás na máthar, Béarla a bhí á labhairt sa teach sin freisin, ach Gaeilge an teanga a bhí ag muintir na háite timpeall, agus ba í a labhartaí sa siopa. Nuair a chuaigh sé go Coláiste Charraig an Tobair, agus ina dhiaidh sin go Coláiste na Carraige Duibhe, bhí sé i dtimpeallacht an Bhéarla arís, ach rinne sé Gaeilge mar ábhar – rud nach raibh forleathan sna scoileanna ag an am. Ní raibh sé i bhfad i Londain nuair a chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, mar ar chuir sé aithne ar Ghaeilgeoirí ó gach cuid d’Éirinn.

Bhí áit an-tábhachtach ag an gConradh i saol Uí Chonaire, mar dhuine agus mar scríbhneoir, ar feadh na tréimhse i Londain. Bhí tearmann aige i measc an phobail Ghaelaigh sa chathair mhór Ghallda, príomhchathair Impireacht na Breataine, gona pobal mór idirnáisiúnta. Bhí caidreamh aige ar Ghaeil ó gach aicme shóisialta – daoine a bhí ina ndeoraithe ar a nós féin – agus ina theannta san bhí cothú intleachtúil le fáil aige ó bhaill na heagraíochta sin, scríbhneoirí, iriseoirí agus múinteoirí ina measc. Thar aon ní eile, bhí meas air mar Ghaeilgeoir. Ghlac sé páirt i ngach gné d’obair an Chonartha: sna hOícheanta Seanchais a bhíodh acu, sna drámaí agus sna ranganna Gaeilge – mar a raibh an-cháil air mar mhúinteoir – agus bhí sé ar choistí éagsúla de chuid na heagraíochta. Ag pointe amháin bhí sé ag obair seacht lá den tseachtain, mar mhúinteoir Gaeilge – anuas ar an tseachtain oibre i mBord an Oideachais.

Images

Ní raibh Ó Conaire i bhfad i Londain nuair a chuaigh sé i mbun pinn, agus níl aon amhras ná gurbh iad a chomhghleacaithe sa Chonradh a spreag é chun na scríbhneoireachta. Foilsíodh an chéad scéal uaidh sa Claidheamh Soluis sa bhliain 1901, ach ba é Comórtas Liteartha an Oireachtas ba thúisce a tharraing aird an phobail thall is abhus air mar scríbhneoir Gaeilge nuair a bhuaigh an scéal “Páidín Mháire” an chéad duais sa chomórtas gearrscéalaíochta sa bhliain 1904. Bhí cosúlacht an tseanscéil ar an iarracht seo ach bhí doimhneacht ann nach dual don seanscéal. Bhí Pádraic Mac Piarais an-ghníomhach sa Chonradh ag an am seo agus bhí baint mhór aige le comórtais an Oireachtais; d’aithin seisean bua liteartha Uí Chonaire láithreach agus thug sé tacaíocht agus treoir an-tábhachtach don scríbhneoir óg. Luigh Ó Conaire leis an scríbhneoireacht ansin, agus níorbh fhada go raibh cáil mhór ar a shaothar. I gcaitheamh a thréimhse i Londain d’fhoilsigh sé gearrscéalta, urscéal amháin agus mórán aistí, ina measc, aistí an-tábhachtacha ar an litríocht.

Idir 1901, an bhliain a foilsíodh an chéad ghearrscéal, agus 1918 is ea is mó a shaothraigh Ó Conaire an gearrscéal. Bhí sé ag scríobh go rialta tar eis dó filleadh ar Éirinn; idir 1916 agus 1927 d’fhoilsigh sé breis agus cúig chéad alt, idir scéalta agus aistí, i dtréimhseacháin éagsúla – ach, lasmuigh den dornán scéal in Seacht mBua an Éirí Amach, a foilsíodh sa bhliain 1918, ní miste a rá go raibh an chuid is fearr dá shaothar déanta aige faoin am gur fhág sé Londain.

Images

Ceannródaí liteartha ab ea Ó Conaire a thug faoi théamaí conspóideacha, comhaimseartha a phlé i bhfoirm liteartha nach raibh aon saothrú déanta uirthi sa Ghaeilge ag an am. Is an-léiriú ar ilghnéitheacht a shaothair an cnuasach Scothscéalta. Baineann ábhar na scéalta sin le muintir Chonamara in aimsir an drochshaoil, le meánaicme Bhaile Átha Cliath le linn Éirí Amach na Cásca, le pearsana ón Tiomna Nua agus le cine samhailteach ó Oirthear an Domhain. Dá éagsúlacht an t-ábhar, áfach, is í aigne an duine bun agus barr an scéil i ngach cás – na tréithe a spreagann an duine chun gnímh, bíodh an gníomh sin “ina dhrochghníomh nó ina dhea-ghníomh”. Is éard a dúirt Ó Conaire, agus é ag trácht ar a thuiscint féin ar an litríocht, ná: “Scrúdaítear an duine. Scrúdaítear a aigne. Déantar tréaniarracht ar na ceisteanna móra a bhaineas le hintinn an duine ag déanamh a leithéid seo de ghníomh dó [a léiriú]. Cuirtear daoine os do chomhair a bhfuil baint éigin acu le chéile, agus taispeánfar duit na gníomhartha a dhéanfas siad i ngeall ar na tréithe atá iontu agus an bhaint atá acu le chéile.”

Níl gach scéal sa chnuasach seo gan locht, ach is féidir a rá i dtaobh gach scéil dóibh go seachnaítear an míniú simplí agus go bhfágtar ábhar machnaimh ag an léitheoir ag an deireadh; níl aon charachtar in aon scéal geal amach is amach, ach, mura bhfuil, níl aon charachtar dubh amach is amach, ach oiread.

Pádraigín Riggs

Images

Teatrarc na Gaililí

Breá liom thú ag teacht ar cuairt chugam sa bpúirín beag brocach seo atá agam sa bhfásach, a Réisín, a mhic altrama. Ach fan amach uaim roinnt nó beidh trom-ualach crumh agus piast agat ag filleadh uait go hIarúsailéim! Ag dul i líonmhaire atáid in aghaidh an lae agus a maraím díobh idir an dá leic sin! Féach na poill atá cartaithe acu i mo chuid feola! Ná bíodh uamhan ort – nach n-itear feoil an duine san uaigh, agus nach anam marbh mise cé go rabhas i mo rí ar chríoch na Gaililí tráth?

Images

Sea, is mian leat go ndéanfainn roinnt cainte leat, a mhic; is é mo mhian féin é freisin, tá sé chomh fada ó labhraíos cheana ach amháin leis na piasta seo a bhíos do m’ithe de shíor …

Bheinn i mo rí fós faoi ardghradam agus faoi mheas mura mbeadh na mná. Cuirtear sna leabhair staire é go ndearna Ioruaith Antipas, Teatrarc na Gaililí, gach drochghníomh dá ndearna sé mar gheall ar bhean éigin. Sin í an fhírinne, a mhic: níor fhéadas fanacht uathu ó thosach mo shaoil, agus fios dearfa agam go dtiocfadh mo bhás orm dá mbarr. Tuige ar bhacas leo mar sin, an ea? Nach tú atá óg! An chinniúint, is dócha: féach an féileacán úd thall atá ag foluain os cionn mo choinnle. Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha; cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?

Bhí togha na haithne agatsa ar Shalómé, iníon mo leasdearthár Filip. Bhí. Murach í ní chuirfinn iallach ort dul san arm an tráth úd – éist liom, a deirim, is gearr go mbeidh a fhios agat cén bhaint a bhí aici le do chuid saighdiúireachta! Ach bhí aithne agat uirthi. Bhí, agus gean. Is maith is cuimhneach liom lá dá raibh an bheirt agaibh ag déanamh aoibhnis ar an mbán ar aghaidh an tí. Aimsir fhionnuarach a bhí ann. Bhí crainn almóinní agus crainn oráistí faoi bhláth agus an saol mór go háthasach i ndiaidh dhoineann an gheimhridh. Ach ag breathnú oraibhse dom tríd an bhfuinneog cheapas nach raibh aon ní sa saol álainn seo chomh hálainn libh …

Chuir tú an ghirseach ag damhsa ar leic. Ní hionadh liom aoibhneas a bheith ort ag féachaint duit ar a háilleacht. Ach scaoileadh iall a bróige. Thit sí. Thóg tusa í go cúramach. Thug póg di ar an mbéal. Dhearg sí. Tháinig pus uirthi – is cuimhneach leat an béal gáireach a bhí uirthi? Ach an fhéachaint a tháinig ina súile! “Bheirim do dúshlán é a dhéanamh arís” an rud a bhí léir ón bhféachaint sin. Agus ní dhearna tú é! Bhí tú óg agus is beag eolas a bhí agat ar chanúint na súl. Ní bheadh uait ach an fhaill anois, a rógaire.

Ach bhí a mhalairt d’fhéachaint ina gnúis ag dul thar an bhfuinneog di nuair a scar sí uait. Féachaint ghreannmhar an fhéachaint sin. Corrdhuine a fheiceas í i ngnúis mná an chéad uair. An té a fheiceas tig aoibhneas ar a chroí, tig smaointe ina aigne …

“Ní páiste atá againn i Salómé anois,” arsa mise liom féin, “ach bean – bean álainn aibí,” agus thosaíos ag smaoineamh ar thréithe na mban …

Cé a thiocfadh orm agus mé sa machnamh sin ach Herodias. Sular airíos i m’aice í, leag sí lámh go grámhar orm ar chúl mo chinn ar a sean-nós féin. Ní fhéadfainn inseacht duit, dá bhfaighinn mo ríocht ar ais air, cén fáth gur chaitheas an lámh uaim go mímhúinte. Ach thuig Herodias cén fáth go ndearnas é: an bhfaca tú spréachadh ó ifreann i súile mná riamh, a Réisín? Ní fhaca tú. Ní fearr duit ar bith é. Ach chuir an bhean eagla mo chroí orm.

“Níor cheapas gur tú a bhí ann,” arsa mise, ciotach go leor.

“Agus ní aithneofá mo lámhsa thar láimh mná ar bith eile!” ar sise.“Más ag éirí tuirseach díom atáir …”

Mhóidíos nárbh ea. Thugas mo sheacht mionn mór air. Chuireas in iúl di é leis na mílte póg agus barróg. Ar chreid sí mé? Cá bhfios dom? Is mó an léargas atá ag na mná sna nithe sin ná mar atá againne. Bíonn a fhios acu go mbíonn fear ag éirí tuirseach díobh sula mbíonn a fhios ag an bhfear féin é. Sin bua atá acu. Ar chaoi ar bith lig Herodias uirthi féin gur chreid sí gach briathar de mo bhriathra béil.

“Mo pheata thú,” ar sise – ach cén mhaith dom inseacht duitse, a Réisín, atá eolasach ar na nithe seo, céard é an rud a déarfadh bean agus aisce uaithi? Tá aithne mhaith agat ar d’athair altrama: an dóigh leat go bhféadfadh sé aon rud a dhiúltú do bhean a labhródh go bladrach grámhar leis? An ionadh mór leat gur gealladh di go gcuirfí ceangal na gcúig gcaol ar an amadán úd a bhíodh ag seanmóireacht agus ag déanamh uisce faoi thalamh timpeall na tíre an uair sin? Ó, sea, sin é an t-ainm a tugadh air: Eoin Baiste. Bhíodh sé ag síor-rá leis an bpobal go ndearnas éagóir agus bean mo leasdearthár a fhuadach agus a phósadh. Beag aird a bhí agamsa air féin ná ar a chuid seafóide, ach ghoill a chuid cainte ar Herodias, nó lig sí uirthi féin gur ghoill. Go deimhin duit, a Réisín, ní ar Eoin ná ar Herodias, ná ar Aretas, athair mo chéad chéile (a bhí ag fógairt catha orm faoin am seo), ní orthu a bhíos ag smaoineamh an oíche sin ach ar Shalómé aoibhinn álainn … Ar chaoi ar bith gabhadh Eoin agus cuireadh i ngéibheann é i dtóin tobair dhomhain thirim ag ceann an ghoirt bhig úd ar thugamar Gairdín an tSuaimhnis air.

Images

Mura bhfuilim ag cur tuirse ort cuirfead i gcuimhne duit cé mar a bhí an scéal agam ansin. Bhí gean agam ar Shalómé, iníon mo mhná. Bhíos cinnte de. Tá aithne agat orm; is eol duit nach mbéarfadh lá suaimhnis arís orm mura mbeadh an bhean dá dtugas gean agam idir chorp agus anam. Ach céard a dhéanfainn lena máthair, le Herodias an díomais? Í a sheoladh abhaile chuig mo leasdeartháir, chuig Filip? Dá ndéanfainn é sin, dá nglacfainn le comhairle Eoin, bheadh an pobal uile ar mo thaobh. An bhean dá dtugas fuath a dhíbirt agus naomh a dhéanamh díom féin! Thaitin an chomhairle sin liom, a Réisín – ba mhór an greann é go gceapfaí gur dhíbir Ioruaith bean uaidh mar gheall ar aon reacht … Ach bheadh orm Salómé a dhíbirt chomh maith … sin rud nár thaitin liom. Sin rud nach ndéanfainn. Ní fhéadfainn Herodias a dhíbirt gan Salómé a dhíbirt mar an gcéanna. Is olc an rud nathair nimhe i dteach; ba ghéire agus ba nimhní an bhean sin ná aon nathair. Iontas liom fuath ban …

Agus bhí Aretas – nárbh é an fear buile é, a Réisín? – bhí Aretas ag fógairt cogaidh orm mar gheall ar a iníon féin, an chéad bhean a bhí agam riamh; ní raibh aon aithne agat uirthi, a mhic – na cosa is lú agus is gleoite dá bhfacais riamh, ach … is cuma; beag aird a bhí agam uirthi nuair a leagas súil ar Herodias uaibhreach an chéad uair. Agus thú féin, a Réisín, bhí eagla orm go dtug Salómé grá duit ón lá a chonaiceas i nGairdín an tSuaimhnis sibh. Níor chuir sin imní ná buairt orm, áfach. Bhí a fhios agam go scaoilfí an tsnaidhm seirce (má bhí a leithéid ann) dá scarfaí an bheirt agaibh óna chéile. Sheolas an bheirt agaibh óna chéile. Sheolas go páirc an áir thú, a Réisín, agus gan súil agam go bhfillfeá …

Nach iomaí sin imní agus cás a bhíos ar fhear a thug grá do bhean inné, a bheireas grá do bhean eile inniu, agus a bheireas grá don treas bean amárach? Tugadh faoi deara cén galar a bhí ag gabháil dom. Nach cuimhneach leat aoir a rinne file fáin a bhíodh ag taisteal na tíre an uair sin orm? Bhíodh gearrbhodaigh na cathrach á gabháil agus mé ag gabháil thart i mo charbad.

Nach tú atá óg agus a leithéid de cheist a chur orm! Cad chuige nár dhíbríos an bheirt acu? Cad chuige nach ndearnas socrú le mo naimhde, le hathair mo chéad chéile agus leis an bpobal Iúdach? An grá bhí agam i mo chroí istigh do Shalómé …ach ná ceap nach ndearnas mo sheacht ndícheall an grá sin a mhúchadh. Ghlacas le mórchuid den chomhairle a bheirtear do dhaoine a bhíos ina leithéid de chás, an chomhairle mhaith sin atá le fáil san ochtú caibidil déag de leabhar fealsúnachta Éileada. Mé a bhí go gnóthach ó dhubh go dubh. Obair rialtais a ligeas le faillí le suim aimsire, rinneas í. Chuas ar aghaidh go dána leis an gcogadh. Níor labhraíos le Salómé, ach is corr-oíche nach mbíodh mná i mo chuideachta ag déanamh aoibhnis dom. Is cuimhneach leat an bhuíon banrinceoirí a bhronn an tImpire orm – ach bhí mná áille orthu siúd, mná donnchneasacha, colpacha, cruinnchíochacha, bolgshúileacha. Ní raibh aon mhaith ann, áfach. Bíonn an dá ghrá ann mar is eol duit: an grá corpartha agus an grá anama. An chéad chineál thugas do na mná rince, agus do mhná nach iad, ach thugas an dá chineál do Shalómé, agus tá a fhios agat féin nach mbíonn aon leigheas i ndán don té a bheir an dá chineál grá do bhean. Níl tú cinnte de, an ea? Ní raibh mé féin cinnte de uair. Tá anois.

Images

Sea, rinneas mo dhícheall. Ghlacas an chomhairle ina hiomlán mórán: mná iasachta; fíonta draíochta ó chríocha na hAraibe; obair throm – is minic a chaitheas lá fada ag rómhar sna páirceanna; leabhair – léas an-chuid de leabhair fealsúnachta na Gréige; ach dá gcluinfinn Salómé ag gáire chaithfinn uaim a raibh ar siúl agam le dul ag breathnú uirthi …

Thugas fleá, oíche. Ag Machaerus a bhíos an uair sin, agus is ann a bhí Eoin i ngéibheann agam. Bhí taoisigh airm agus uaisle na cúirte agus reachtairí rialtais ann, agus iad uile go meidhreach scléipeach. Bhí fíonta ann agus ba dhóigh liom go mbeadh sé de bhua acu an croí-chrá a bhí orm a dhíbirt. Bhí fíon ón Tíor ann a bhí ar dhath fola namhad; ní bheadh ort ach corn de a ól agus bheadh fuadar chun achrainn ort – ar mo chairde a roinneas an fíon sin. Bhí fíon ó shléibhte Mhóab ann; ba é bua an fhíona sin nach n-aireofá pian tar éis é a ól – níor leigheas sé pianta an ghrá, a Réisín. An fíon sin a bhronn an tImpire orm nuair a bhí sé ag gabháil thart, bhí an fíon sin ar dhath tonn na Gaililí lá geimhridh; fíon an léargais a tugadh air, mar d’athbheodh braon de aon éirim aigne bhí i bhfear riamh – níor ólas é. Bhí fíon na seirce ann, fíon corcra a tháinig ón nGréig; meascadh fuil seacht maighdean a thug gean d’fhear leis an bhfíon sin agus é á dhéanamh – níor theastaigh fíon na seirce uaim …

Ní mórán a d’ólas féin d’aon fhíon díobh. Bhí a fhios agam go raibh Herodias ar chúl na mbrat in áit éigin ag machnamh ar bheart éigin a bhainfeadh de mo threoir mé. Dá bhféadfainn buile a chur uirthi! Dá bhféadfainn í a mhaslú os comhair na cuideachta! An bhuíon banrinceoirí a bhronn an tImpire orm chuireas fios orthu. Tháinigeadar isteach, ochtar díobh, ocht mbanmhogha dhonnchneasacha leathnochta, agus rinneadar damhsa barbartha os comhair na cuideachta.

Bhí aon bhean amháin ann, bean bheag aclaí cholpach, agus chuireas iallach uirthi damhsa áirithe a dhéanamh. Chrom sí í féin, chas agus lúb agus d’fheac, ag siúl ar an aer di tamall, ina colún donnmharmair gan cor aisti tamall eile;níor baineadh cor ná casadh as colainn duine riamh nár bhain sise as a colainn féin le haoibhneas a thabhairt do na fir mheisce a bhí timpeall uirthi á moladh.

“Dá fheabhas í,” arsa mise, “tá rinceoir eile sa teach seo agus sháraigh sí í.”

Bhí amhras ar an gcuideachta. Níor labhair éinne.

“An bhean rince eile,” arsa mise, “is í an bhean is cliste agus is áille déanamh agus is gile cneas agus is gleoite cos agus troigh agus is duibhe súil agus is cothroime déad dár mhair riamh. Tá fuil ríoga ina cuisleacha. Is aoibhne a gluaiseacht ná solas na gealaí ag rince ar mhuir na Gaililí. Ní deirge caora an tsóláis ná a dhá béal. Marmar dubh líofa Shliabh Eróim faoi loinnir ghréine i ndiaidh cheatha a dhá súil. Ón lon dubh a ghoid sí a guth. Coraíocht na gcéadta nathair nimhe balbh i bpéin dlaoithe fite a tiubhfhoilt …”

Dhearcas i mo thimpeall ar an gcuideachta fear. Ní raibh cor ó éinne acu ach a súile uile sáite ionam agus ionadh orthu cén cleas a bhí fúm a imirt. Bhí Herodias ag éisteacht liom freisin ach nár facthas í; an bhean sin dá dtugas gean agus searc tráth a mhaslú, sin a bhí uaim – dá bhféadfainn iallach a chur ar Shalómé damhsa áirithe Arabach a dhéanamh os comhair na bhfear meisciúil drúisiúil a bhí sa láthair, nár mhór an masla don bheirt é? Cárbh fhios dom nach laghdódh sé an tsearc? Bhí barúil agam nach mbeinn ag tnúth léi a thuilleadh dá ndéanfadh sí an damhsa barbartha a thaitin léi os comhair na bhfear … Ar thug tú faoi deara riamh, a Réisín, cad é an cathú mór a thagas ar fhear, an bhean dá dtugann sé gean a chroí a bhrú faoi chois? Thug ar ndóigh; nuair a bhíos an iomarca cumhachta ag an mbean air is ea a thagas an cathú sin.

Bhuaileas amach faoin spéir. Bhí an ghealach ina suí agus dath na fola uirthi. An bonnán léana ag scréachaíl go huaigneach sa bhfásach; an faolchú ag bagairt i measc shléibhte Mhóab. Ach is mó go mór an tsuim a chuireas i nglórtha an té a bhí i ngéibheann agam i dtóin an tobair i nGairdín an tSuaimhnis. Tháinig cuid dá chuid cainte chugam ar an ngaoth:

“Mo mhallachtsa orthu …mo mhallacht ar an bhfear a d’fhuadaigh bean a leasdearthár …ná raibh sliocht orthu …an striapach a mhaslaigh an Dia a chruthaigh í le hainmhian a colla …ach tiocfaidh a lá …”

Bhí guth iontach aige, guth láidir dúthrachtach a raibh an oiread coranna agus casadh ann agus atá de dhathanna sa tuar ceatha. Thaitin a ghuth go breá liom. Chuas go dtí an tobar ina raibh sé. Ar theacht i bhfogas an tobair dom chonaiceas ochtar nó naonúr ag éalú uaim sa dorchadas. Chuimhníos go dtugas cead do chuid dá lucht leanúna teacht ar cuairt chuige gach re lá – nach deas an teagasc a bhí sé a thabhairt dóibh? Ach ba cuma liomsa …

Lig saighdiúir dá raibh ann trilseán síos an tobar tirim ar cheann slabhra, agus b’iontach an radharc a bhí le feiceáil againn. Fear ard caol lom cosnochta agus craicne camall timpeall air mar bhrat. Bhí sé leicthe traochta, cuma an ocrais agus an ghátair ina aghaidh uasal agus é ag caitheamh briathra troma tarcaisneacha liomsa agus gach briathar díobh chomh géar gáifeach le ga Rómhánach. Ach an dá shúil a bhí ina cheann! Agus an fhéachaint a thug sé ormsa! Dá mbeadh gach ainspiorad dár shiúil an domhan riamh i mo cholainn, ní fhéadfadh sé féachaint ba nimhní ná ba fhuafaire thabhairt orm. Nach uafásach an cruth a chuireas daoine orthu féin de bharr creidimh, a Réisín?

Tháinig smaoineamh chugam. Bhí fleá ar siúl istigh; nach raibh sé de dhualgas orm an méid grinn ab fhéidir a thabhairt do na haíonna? Labhraíos le saighdiúir. D’umhlaigh sé a cheann. Chuas féin isteach.

Casadh Herodias liom in aice an dorais agus scamaill toirní os cionn a dhá súl.

“Gléastar Salómé i gcomhair rince, a bhean,” arsa mise.

“Déanfar é, a Theatrairc,” agus d’imigh sí.

Chuas i láthair na cuideachta. Níor insíos dóibh cad é an greann a bhí ceaptha agam lena n-aghaidh. Shín banmhogha corn fíona chugam. Bhí dhá phéacóg oilte i lár an urláir agus a n-aoire á ngríosadh chun clis áirithe a dhéanamh. Tháinig giolla go dtí an doras. Labhair giolla eile liomsa.

“Tugtar isteach é,” arsa mise.

Seoladh fear a raibh craicne camall mar bhrat air isteach agus cúigear saighdiúirí ina thimpeall. Gháir an chuideachta ar fheiceáil an fhir seo dóibh. Bhí faoi chuid acu a mhaslú. Níor ligeas dóibh.

“Más príosúnach féin é déanadh sé comhghairdeachas linn anocht. Tugtar fíon dó agus biatha sobhlasta,” arsa mise.

Tairgeadh an lón agus an deoch dó. Níor bhlais sé díobh.

“B’fhearr leis lócaistí ón bhfásach agus mil ón gcoill, agus uisce leamh ó Shruth Orthannáin ná do chuid bia-sa, a Theatrairc,” arsa Rómhánach óg a bhí le m’ais.

Fear grinn a bhí sa Rómhánach. Bhí a sháith den fhíon ólta aige freisin. D’éirigh sé ina sheasamh. Chuir sé clogad práis ar cheann an phríosúnaigh. Cheangail sé claíomh faoina chom. D’fháisc sé lúireach Rómánach ina thimpeall. Chan sé amhrán cogaidh, ag cur in iúl do chách nach mbeadh aon taoiseach airm acu feasta ach é …

Óladh tuilleadh fíona. Gabhadh na hamhráin ba gháirsiúla agus insíodh na scéalta ba dhrúisiúla, ach os cionn an fhothraim agus an ghleo chluintí an príosúnach ag síorghuí agus ag rá:

“Mo mhallacht ort, a Theatrairc na Gaililí. Mo mhallacht ar an striapach atá agat mar bhean. Tiocfaidh Mac Dé i bhfearg. Tá lámh Mhic Dé trom. Leagfaidh sé a naimhde. Díbreofar amach sa dorchadas iad. Meilfear a sliocht agus sliocht a sleachta idir bróinte an dá shaol …”

Nach agam a bhí an fhoighid gan é a thachtadh? Ach níor chuir a chaint aon imní orm – ní raibh sliocht orm riamh!

Images