Teachtaireacht
Teachtaireacht
COLIN RYAN

Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
An chéad chló 2015
© Cló Iar-Chonnacht 2015
ISBN 978-1-78444-122-7
Dearadh: Deirdre Ní Thuathail
Dearadh clúdaigh: Clifford Hayes

Tá Cló Iar-Chonnacht buíoch de Fhoras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.

Faigheann Cló Iar-Chonnacht cabhair airgid ón gComhairle Ealaíon.
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon bhealach ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
Clóchur: Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Teil: 091-593307 Facs: 091-593362 r-phost: eolas@cic.ie
Priontáil: Colour World Print, Cill Chainnigh.
do Anne agus do Francesca
CLÁR
Slánú
Adhlacadh
An Fear nach Rachadh Abhaile
An tAinm a Bhí ar an Áit Seo
An Tóir
Faoin Leac Seo
Stolpach
A Dhícheall
Urchar Iomraill
Farantóir
I bPáras
Méileach
Nathair
Teachtaireacht
SLÁNÚ
Is cuimhin liom preabarnach an tsolais ar an mballa, os cionn na gcomhad. Cineál míshuaimhnis orm i leith is go mbeadh gá liom in áit eile. An solas chugam isteach tríd an duilliúr amuigh.
Bhuail an Ceannaire isteach ar a choiscéim.
– Scaradh na gcompánach, a dúirt sé go croíúil.
B’fhíor dó. Sinn ag imeacht de réir a chéile. Daoine á n-aistriú, daoine á scor: fuair an bolgadán úd an Blácach bás de thaom croí agus é ina shuí cúpla slat uaim. Thit sé i ndiaidh a mhullaigh, a bhéal ar faonoscailt agus a shúile ag boilsciú. Bás gan dínit. Nach cuma leat an dínit agus tú marbh? Tar éis an tsaoil, áfach, tá fonn ormsa (fonn baoth) bás measúil a fháil.
– An bhfuil mórán fágtha anseo? a dúirt an Ceannaire.
– Triúr, arsa mise.
– Martinu, Singh agus Blood.
Chrap sé a liopaí.
– Tá sibh báite i spás anseo, a dúirt sé. Ní mór an spás atá ag teastáil uaitse, ar ndóigh. Clúid éigin bheag chluthar.
Cheiliúir sé díom lena lámh agus an solas ag rince lastall de.
Cárta poist romham sa bhaile. Crainn mhangróibh air agus crogaill – an dara cárta a fuair mé uaithi. Ní rachainn féin sna bólaí sin. Mharódh an brothall mé.
Níl de chompánach agam ach cat, rud giobach a fhaigheann leath a choda ó na comharsana. Le leabhair agus garraíodóireacht a chuirim an t-am thart. Tá léamh na Sínise agam, teanga a d’fhoghlaim mé chun míchinniúint eile a thuiscint. Ní dhéanaim taisteal.
D’fhág mé a cárta siúd i dtarraiceán. Ach lonnaigh a guthsa i mo cheann, guth a chuala mé den chéad uair sé seachtaine roimhe sin. Mé ag réiteach mo shuipéir nuair a scairt an guthán orm.
– Mise d’iníon, a dúirt sí.
M’iníon. Bhrúcht na seanchuimhní aníos ina moirt chráite; gach éagóir a d’imir mé riamh ar dhaoine eile.
– An bhfuil tú ann? a dúirt sí.
– Ar mh’anam go bhfuilim, a dúirt mé. Céard is ainm duit?
– Dearbhla, a dúirt sí. Táim ag siúl na tíre. In Queensland atáim faoi láthair.
Í ag teacht aduaidh. Lean mé orm ag réiteach na bprátaí. M’iníon. Tháinig racht orm: racht feirge nó ceana.
Níor chuir mé tuairisc a máthar. Cén mhaith é sin agus a máthair ar seachrán thall san alltar? Rinne mé tréaniarracht ar chuimhneamh ar a hainm siúd, iarracht gan éifeacht. Ag dul ag obair dom bhí mé ag scrúdú na n-aghaidheanna le dóchas agus le heagla, ar lorg a ceannaithe – ceannaithe nach n-aithneoinn anois, b’fhéidir, dá bhfeicfinn iad.
An triúr a bhí ag obair in aice liom ba ghearr gur imigh siad. Mé ag obair ar na cuntais, ag deimhniú fiach nó á gcur ar ceal. Agus na deamhain ag rince i gcúl mo chloiginn.
Ag dul abhaile dom tráthnóna bhuail mé isteach in áit nár ghnáthaigh mé leis na blianta fada: Il Gelsomino.
– Latte, le do thoil, a dúirt mé.
– Tú féin atá ann, a dúirt fear a bhí ina shuí taobh thiar díom.
– Ann as, a dúirt mé.
Aghaidh air a d’aithin mé agus feo na haoise ag teacht air. Gouros. É lom agus dreach fiata air.
– Ní fhaca mé thú le fiche bliain, a dúirt mé. Chuala mé go raibh tú marbh.
É ag cur síos ar na seanlaethanta, ag caint gan stad. Ancheann air. Fear é a n-éireodh go binn leis, a deirimis; ach bhí rud éigin in easnamh air. Chuaigh an chaint i ndísc; ní raibh a fhios agam céard ba cheart dom a rá. Mé ag féachaint ar an bhfreastalaí, cailín a bhí ag gabháil go faoileanda idir na boird, agus cuimhne agam ar bhean eile.
– Caithfidh mé dul abhaile, a dúirt mé.
– Céard a thug anseo thú? a dúirt Gouros.
– Mo chosa. Tá a gcuimhne féin acu.
– An bhfeicfimid arís thú?
Bhain mé croitheadh as mo ghuaillí.
– Slán agat, a dúirt mé agus m’aghaidh ar fhuineadh na gréine.
Rinneadh brionglóid dom an oíche sin. Cailín chugam ar bhruach abhann, duine de mo chlann. (Clann mhór a bhí agam sa bhrionglóid.) Imeacht éasca fúithi mar a bhí faoin bhfreastalaí agus a gnúis ina cloch shíonchaite. Rinne sí gáire liom. Agus an abhainn dhubh ag dul siar faoi dheifir i mbéal oíche.
– Bhí deireadh dúile bainte díot agam, a dúirt mé.
Rinneadh brus dá gáire agus dá corp, agus den bhruach féin; iad ag imeacht le sruth, leis an sruth dubh deifreach. Dhúisigh mé agus mé i mo strainséir ann. Cér leis an seomra seo, an teach seo? Shuigh mé aniar gur fhéach mé ar an gclog. A cúig a chlog. Ba chuma, mochóirí ba ea mé riamh; chroch me mo chosa amach thar cholbha na leapa, ar lorg dhroim daingean an domhain.
D’fhéach mé orm féin sa scáthán. Cuma spíonta orm, bruth féasóige go tiubh faoi mo leicne. Shocraigh mé ar ligean don fhéasóg fás; b’fhéidir go n-aithneoinn mé féin arís.
Bhuail an Ceannaire isteach chugam cúpla lá ina dhiaidh sin agus mé ag obair. Is dócha gur bhain an dealramh a bhí orm stangadh as. A shúile ag dul i leataobh de sciotán.
– An fada sa Roinn thú? a dúirt sé.
Rinne mé machnamh. Tríocha bliain. Agus é i ndán dom fanacht ann go dtí lá mo bháis.
– An bóthar buan, a dúirt sé.
Rith sé liom ansin gur chóir dom dul ar na cannaí; ach ní fear óil mé.
Tháinig cárta poist eile. Í féin ag druidim aduaidh liom.
An lá dár gcionn theip orm m’áit oibre a fháil. Mé ar seachrán sna dorchlaí fada, ag iarraidh teacht ar an eolas. Nocht an Ceannaire.
– Uimhir a dó dhéag ar an gceathrú hurlár. Clúid bheag chluthar! a dúirt sé go sultmhar.
Áit chúng dhíblí agus an ghrian ag déanamh cearnóg gheal ar an mballa. Bhain mé buidéilín as mo phóca agus cheil mé i dtarraiceán é. Ní raibh ann ach triail, mar nach fear óil mé. Um meán lae bhain mé amach Il Gelsomino. Bhí Gouros romham ann.
– Tá athrach cuma ort, a dúirt sé. Iompú bisigh.
Ghlaomar deoch agus deoch eile. Shíl mé ar feadh nóiméid go bhfaca mé an Ceannaire féin ag bun an tseomra agus cos ar leathghlúin aige.
– Coinnigh do mhisneach, a dheartháir, a dúirt Gouros.
An ceart aige. Deartháireacha sinn. D’ól mé an fuílleach.
Bhí mo bhuidéilín á fholmhú. Cúpla súimín in aghaidh an lae. Tháinig an Ceannaire isteach lá.
– Tá thiar ort leis an obair, a dúirt sé.
– Beagán, a dúirt mé.
– Déan do dhícheall, maise.
– Déanaim.
– Ní áit bhuan an áit seo, ar ndóigh, a dúirt an Ceannaire agus an solas ag dorchú os a chionn. Bhí orm féin aistriú. Ní bhíonn deireadh leis. Is beag an rud is buaine ná an duine.
Scrúdaigh mé mé féin i scáthán an leithris: éadaí sraoilleacha, gruaig ghliobach, féasóg ag fás gan srian. Mo dhuine féin. An oíche sin bhain mé leabhar Síneach ón tseilf anuas. Dánta, uaigneas iontu, uaigneas an tsléibhe. Thug mé an sliabh orm féin i m’intinn istigh agus gan fonn orm filleadh ar an saol seo.
Shuigh mé amuigh sa ghairdín an oíche sin agus na criogair ag canadh i mo thimpeall. Chuala mé cloigín an dorais; dhorchaigh na réaltaí agus tháinig tost ar a raibh ann. Ba mhaith liom labhairt ach níor tháinig na focail liom. Cé leis a labhróinn?
D’oscail mé an doras. Í féin a bhí ann, cailín caol dubh, gúna gorm cadáis uirthi. Cuid díom féin. Agus chuimhnigh mé ar a máthair, bean a d’imigh le sruth.
– Tá an-tuirse orm, a dúirt sí.
– Tá do leaba réidh, a dúirt mé.
Rinneamar dreas comhrá faoin aimsir, faoina cuid taistil. Chuaigh sí a luí agus mé i mo shuí i gciúnas na cistine. Bhí m’intinn folamh ó smaointe agus criogar ag canadh istigh inti.
Bhí sí ina codladh fós agus mé ag dul ag obair ar maidin. A géaga leata agus an cat ina chnap ag bun na leapa. Theagmháil mé le dlaoi dá cuid gruaige, dlaoi thais bheo. Céard a d’éireodh di? Ní raibh de chumas ionam í a chosaint ar uaigneas na mbóithre.
Nuair a tháinig mé go dtí an áit ar chóir don oifig a bheith ní raibh romham ach poll duibheagánach. D’fhéach me isteach ann, amharc gan tairbhe. Siúd chun siúil mé.
Il Gelsomino arís. Ghlaoigh mé biotáille agus chuir tuairisc Gouros. Dúradh liom gurbh fhada ar shlí na fírinne é. Mé ag ól go mall, ag machnamh ar an strainséir a bhí ina codladh fós sa bhaile. Amach liom agus an samhradh ag cúlú romham.
Amach san oíche a bhain mé an baile amach agus bhí sí imithe. A leaba cóirithe go slachtmhar agus brus brionglóide ar an adhairt. Nuair a bhain mé an chistin amach chonaic mé an nóta ar an mbord. Na focail ag sleamhnú uaim. (Cé a scríobh na focail sin, cén scéal a bhí iontu?) D’fhéach mé amach ar an ngairdín, ar an gcrann úll, ar uaigneas na gealaí.
Tá na laethanta ag imeacht agus féasóg go com orm. Léim leabhair na Síne agus gearraim na roschrainn. Dianmhachnamh á dhéanamh agam, na deamhain ag teacht agus imeacht, rudaí gan aird. Gheobhaidh mé bás sa ghairdín oíche shamhraidh, na sciatháin leathair ag giolcaireacht i mo thimpeall. An geimhreadh le cur díom fós, an cat ar lorg a choda. Fanfaidh mé leis an gcárta deireanach, le focail mo shlánaithe.