[1] scléip


[2] eachtraí


[3] cúis, bun an scéil, explanation


[4] beithígh. Cf ‘bastes’ an Bhéarla


[5] i.e. oxter


[6] i.e. notebooks


[7] Bhéarfaidh an caoinléitheoir faoi deara go bhfuil géarchosúlacht idir chuma an Chait Mhara mar a tharraing Ó Cúnasa é agus cuma an tírín aoibhinn is dúchas dúinn go huile. Tá a lán nithe ar an saol seo nach dtuigtear dúinn ach níl sé ar fad gan tábhacht go bhfuil an cruth céanna ar an gCat Mara agus atá ar Éirinn, agus go bhfuil ceangailte leo araon a raibh againn riamh den droch-chinniúint, den drochshaol agus den mhí-ádh.


Réamhrá

Creidim gurb é seo an chéad leabhar riamh dár cuireadh i gcló i dtaobh Chorca Dorcha. Is mithid é, dar liom, agus is tráthúil. Is mór an gar don teanga agus dá lucht foghlama go mbeadh tuairisc na muintire a mhaireann sa Ghaeltacht iargúlta sin ina ndiaidh agus go mbeadh cuntas beag le fáil i mball éigin ar an nGaeilge mhín shaoithiúil a chleacht siad ann.

Tá an scríbhinn seo go díreach mar a fuair mé í ó láimh an údair ach amháin go bhfuil an mhórchuid fágtha ar lár de dheasca a raibh inti de thráchtas ar nithe nach bhfuil oiriúnach. Beidh a dheich n-oiread eile le fáil go réidh, mar sin féin, más amhlaidh go mbíonn aon ghlaoch ag an bpobal ar an leabhrán seo.

Tuigtear go soiléir gur i leith Chorca Dorcha amháin aon ní atá luaite ann agus ná tuigtear go bhfuiltear ag trácht go forleathan ar na Gaeltachtaí go mórmhór; áit faoi leith ann féin is ea Corca Dhorcha agus daoine gan a gcomhacasamhail a mhaireann ann.

Cúis mheanman go bhfuil an t-údar, Bónapárt Ó Cúnasa, ina bheatha go dtí an lá seo, sa charcair agus saor ó ainnise an tsaoil.

AN FEAR EAGAIR

Lá an Ghátair 1941

Réamhrá Don Treas Eagar

Mo bhrón a rá, ach ní moladh ná móradh atá tuillte ag an Aos Gaelach – an oiread sin díobh ar daoine uaisle le hairgead nó boic mhóra iad (dar leo féin) – gur ligeadar fáthscéal mar An Béal Bocht as cló le blianta, gan caoi ag súil sóisir ná seanóra teacht uirthi; ná fós faill chun eagna, críonnacht agus misneach a bhleán as imeachtaí na muintire éagsúla úd a mhaireann thiar i gCorca Dhorcha – pór na dtréan agus scoth na mbochtán.

Táid beo ann go dtí an lá seo, ach ní dul i líonmhaireacht dóibh, agus ní forbairt ach meath meirge atá ag teacht ar an gcanúint bhinn Ghaeilge is minice ina mbéal ná an greim bídh. Fairis sin, tá an imirce ag maolú na gceantar iar-iargúlta, na daoine óga ag tabhairt aghaidh ar an tSibéir ag súil le malairt aimsire agus fuascailt ón bhfuacht agus ón doineann is dúchas dóibh.

Molaim go mbeadh an leabhar seo i ngach áitreabh agus áras ina mbíonn grá do sheanchas ár dtíre, os anois (mar a deir Staindis Mac an Aodha Ó Gráda) ‘as dul don ló i ndéidhenaighe agus an teanga bhinn mhátharda beag nach tráighte’.

AN FEAR EAGAIR

an Luain 1964